Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóite
mo léan dóite, mo chreach mhaidne dhóite, mo léan dóite deacrach srl. (rosc — leaganacha cainte)
·
"Mo chreach mhaidne agus mo léan dóite, nach bhfuil mé chomh hóg agus a bhí mé ariamh; Go ndéanfainn aicearra thríd chnoic is thríd bhóithrí, agus go gcuirfinn cóitín ar mo Nóra Bhán" (As amhrán — Iníon Frainc Confhaola)

dóite in iontrálacha eile (50+)

 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
 
Níorbh fholáir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
 
Má sheasann an sioc seo i bhfad, beidh cur ina chiseach. Tá an bharrann dóite ar fad aige — fata ar bith a bhí os cionn talún.
 
Dhá laghad an craobhmhúirín sin fhéin, déanfaidh sé leas don chur. Nach bhfuil an bharrann dóite ar fad ag an triomach.
 
Is maith cuisneach nach mór don chur a bheith ag an sioc sin. An bhfaca tú sioc chomh fada amach seo sa mbliain ariamh! I nDomhnach tá faitíos orm go bhful an seanchur ar fad dóite.
 
bior
Tá mo chroí dóite ag an gceann ar bior sin. Ní fhaca mé go hiomaí aon ghasúr is míshuaimhní ná é.
 
Tuige a bpósfainnse an scóltán caite dóite, adéarfadh mná le fear nach dtaitneodh leob a bhuailfeadh cleamhnas orthub (M. Ph. Dh.)
 
buinne 2
Ní chuireann sé aon 'sprae' amach aon bhliain go mbíonn an buinne dóite. Tá a shliocht air, ní bhíonn aon fhata aige.
 
M'anam nach í an chréafóg airiúil is fhearr a raibh barr uirthi i mbliana chor ar bith. Nuair a bhí mé ag cur sa bPáircín Ard ansin thuas, bhí na boird dóite inti agus dar príosta is ait na fataí a bhí inti ina dhiaidh sin.
 
amuigh
Tá sé amuigh sa teach dóite inniu.
 
aníos
Coinnigh aníos ón tine nó is dóite a bheas tú.
 
Sháraigh sé loirgní dóite tráth ar ardaigh an t-ól air.
 
Níl sé leath chomh francaithe muise leis an athair, dhá fhrancaithe dhá bhfuil sé. Sháraigh an t-athair loirgne dóite, sháraigh sin
 
Tá tornógaí francach ar an Taobh Mín ó thosaigh an cogadh seo. Deir siad nach bhfuil scolb ná tom anois ann nach bhfuil dóite acu. A Thiarna Dé, b'ann a bhí máithreach na scoilb
 
fuil 1
Tá mé dóite bruite idir fhuil agus fheoil
 
fuar 2
Dhá gcloistheá ag uallfairt istigh ar an teallach é! Bhí mise ar an tsráid ó dheas agus mé ag éisteacht leis. 'Níl mé in ann te ná fuar a chaitheamh,' adeireadh sé. Dóite ag ól a bhí sé ar ndóigh
 
Fuarsceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan foscadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabháil léithe ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír, déarfainn nach bhfaightheá aon gheadán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agat cén t-ainm a thugadh N. Th., go ndéanadh Dia grásta air, uirthi: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
daigh
Chuir mé mé fhéin chun domlais le poitín inné — poitín dóite Sh. Dh. — agus tá a shliocht orm inniu, tá dó ghoile orm ó mhaidin
+
Bhí mé i dteannta ar an daoradh reatha agus gan neart agam corraí, mar bheinn dóite aige ar an toirt leis an liathróid
TUILLEADH (2) ▼
Bhuail sé mé ar an daoradh teacht abhaile, ach bhí mé sa mbaile mar sin féin. Ba mhian leo a shárú siar in mo bhéal go raibh mé dóite, ach dheamhan dó ná dó. Bhí mé istigh ar an daoradh shular theangmhaigh sí liom
Bhí sé cuibhrithe ar an daoradh clis i gcaitheamh an lae, agus é ag cinniúint air corraí di. Chuile uair dhá ligeadh sé leis fhéin, bhíodh sé dóite ar áit na mbonn. Ba in é an deasú air. Níl aon ár go deo ach a ndearnadh de mhagadh faoi. Ní mór do dhuine acmhainn a bheith aige le deis féin
 
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
 
deis
Buailidh deis agam. Caith deis chugam a Sheáinín. Bainidh as a chunúsachaí, bainidh as, nó beidh sibh dóite
 
diabhal 2
Ná bac le diabhal ach sháraigh sé siúd loirgne dóite!
 
dona
Is measa thú ná a bhfaca mé ariamh; is tú is measa dhá bhfaca mé ariamh; is measa thú ná a dtiocfaidh agus ná a dtáinig; is measa thú ná loirgní dóite
 
Is beag an drabhlás atá chor ar bith sa móin bháin sin le hais na clochmhóna. Cuirfidh tú síos greadlach di ach bíonn sí dóite de léim. 'Sé a bhfuil inti an lasadh sin
 
dreach
Bhí dreach air (adhmad) mar atá ar an simléar sin anois. Shílfeá i dtosach gur dóite a bheadh sé, ach níorbh ea — snua, cosúlacht
 
dubh 3
Dhá bhliain ó shin tháinig stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó tháinig an chéad fhear
 
díon 1
Is mór an chontúirt é an teach ceann tuí ina dhiaidh sin. An bhfeiceann tú sin anois. Ní dhearna an gasúr sin ach bior dóite a chur sa tine agus é a shá sa mbuntsop. Ó chuaigh sé thrí lasadh chor ar bith, ba ghearr go raibh an lasair déanta leis an díon siar, agus murach chomh héasca agus a braitheadh é, bheadh dóiteán ann a mbeadh cuimhne air
 
díth
Is mór den díth céille a bhí ag siúl leis chuile lá ariamh, ach sháraigh an rud seo loirgne dóite
 
1
Mo léan dóite, 'sé nach bhfuil an dó gréine air. Ach d'éireodh dhó. Ní fhaca sé siúd an áit amuigh le ráithe
 
dóigh 1
Traíálfaidh sé dóite agus an-dóite anois lena chur ag obair. Is crua an cás é má chliseann air. Tá sé ag méirínteacht agus ag fiddleáil leis le ráithe, ach chinn air aon cheart a bhaint dó fós … Deis le aghaidh solais atá sé ag iarraidh a dhéanamh
+
dóigh 3
Tá an cáca dóite
TUILLEADH (17) ▼
Ná tabhair an cáca dóite sin d'aon duine
Tá boladh an dó in áit eicínt; tá boladh an dóite in áit eicínt (ach is coitianta an chéad leagan)
Tá a raibh de mhóin ansin dóite
Ní poll dóite ar mo chótasa an leasainm sin a thabhairt orm – ní údar drochmheasa dhom go dtugtar an leasainm sin orm
Ní hin poll dóite chor ar bith ar a chóta. Mura bhfuil le casadh leis ach go mba gliomadóir é, is beag atá le casadh leis. Ní údar náire ar bith d'aon duine a bheatha a shaothrú
Más in poll dóite ar a chóta muis, go bhfóire Dia ar thuilleadh. Mura bhfuil le caitheamh ag duine in do bhéal ach gur ith tú min bhuí, séard adéarfainnse: "más peaca a bheith buí tá na mílte damanta". Cá'il an té nár ith an dream a bhain leis min bhuí
Tá mé dóite
Tá mé dóite bruite ag an uisce fiuchta sin
Nach tú an laisceach gur lig tú an splainc síos in mo bhróig. Tá mé dóite bruite aici
Dia aithnítear! Coinnigh amach ón bpota sin, nó is gearr gur dóite bruite a bheas tú
Tá mé dóite ag an ngréin
Tá an craiceann ar fad dóite ar mo lámha ón ngréin
Tá na cosa dóite aici de bharr na tine
Gabh amach as sin a ioscadaí dóite! – le gasúr nó duine a bheadh i gcónaí ag breacadh a loirgne sa tine
Ara níl déantús maitheasa ar bith ina ioscadaí dóite siod. Céard a ghníos sé ach ag breacadh a loirgne chois na tine
An dó a d'fhága na lorgachaí sin; sin lorgachaí dó; sin lorgaí dóite
Tá mo chosa dóite ag na bróga – dá mbeadh bróga cúnga ann, nó dá gcaiteá aistear fada a shiúl, bheadh do chosa bruite sna bróga