Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dólás
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: dóláis
 doilíos, croíbhrú; duifean croí, brón, scalladh croí
+
D'fhága sin dólás ar a croí
Ní sólás ar bith dhom an méid sin ach tuilleadh dóláis. Tuilleadh dóláis go bhfóire Dia orm!
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó dólás féin a bheith air, agus a dtáinig de mhífhortún air leis an fhad seo
Tá sé ag déanamh dóláis ó d'imigh a chailín uaidh. Ach tiocfaidh sé as sin!
Chuir sin dólás air muis, má chuala sé gur éirigh rud ar bith do Shasana. Tá sé ag déanamh cnaipí ar fhaitíos go mbuailfí í, agus go n-éireodh aon cheo dhá chuid airgid
·
Paidrín na Seacht nDóláis
A Mhuire na nDólás!

dólás in iontrálacha eile (3)

+
deacair 1
Mo sheacht ndeacair agus mo lom dóláis nár imigh mé nuair a bhí agam imeacht agus gan a bheith ag leadrán anseo
TUILLEADH (1) ▼
Mo dheacair agus mo lom dóláis nár bhain mé mo ghaisneas as thar is é a bheith diomalaithe anois, agus gan maith ar bith!
 
dia 2
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nár fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, scáth a bhfuil ar a shon agam