Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dólás
ainm-fhocal; fireann
geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh = dóláis
doilgheas, croidhe-bhrughadh; duibhthean croidhe, brón, scalladh croidhe
+
D'fhága sin dólás ar a croidhe
Ní sólás ar bith dhom an méid sin ach tuilleadh dóláis. Tuilleadh dóláis go bhfóiridh Dia orm!
TUILLEADH (3) ▼
Is beag an dochar dhó dólás féin a bheith air, agus a dtáinic de mhí-fhortún air leis an fhad seo
Tá sé ag déanamh dóláis ó d'imigh a chailín uaidh. Ach tiocfaidh sé as sin!
Chuir sin dólás air muis, má chuala sé gur eirigh rud ar bith do Shasana. Tá sé ag déanamh cnaipí ar fhaitíos go mbuailfí í, agus go n-eireochadh aon-cheo dhá chuid airgid
·
Páidrín na Seacht nDóláis
A Mhuire na nDólás!

Dólás in iontrálacha eile (3)

+
deacair 1
Mo sheacht ndeacair agus mo lom dóláis nachar imigh mé nuair a bhí agam imeacht agus gan a bheith ag leádrán annseo
TUILLEADH (1) ▼
Mo dheacair agus mo lom dóláis, nachar bhain mé mo ghaisneas as thar agus é a bheith diomalluighthe anois, agus gan maith ar bith!
 
dia 2
Mo lomadh Luain agus mo sheacht ndóláis, nachar fhan mé mar a bhí mé agus gan an tabhairt seo a chur orm féin, 'scáth a bhfuil ar a shon agam