Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
domhan
/dəu:n/
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus uimhir iolra: domhain
1.
an chruinne; saol. Is féidir leas a bhaint as saol i gcuid mhaith de na cainteannaí a dteagann domhan isteach iontu.
+
Shiúil sé an domhan
Is beag den domhan a chonaic mise ach an oiread leat féin
TUILLEADH (11) ▼
Tá fúm an domhan a fheiceáil shula bhfaighidh mé bás
Shílfeá gur leis an domhan le a bhfuil de fhloscaí aige
Is iomaí domhan ann thar an domhan seo adeir siad
Ní bhfaigheadh an domhan an ceann is fhearr air sin, adeir siad
Tá barr ar an domhan aige ag bocsáil
Tá barr ar an domhan ag an Rúis anois
Cailleadh é in áit eicínt sa domhan
Bhí an domhan iomlán (an domhan fré chéile, uileag go léireach, ar fad, ó íochtar go huachtar, ó sháil go rinn, ó bhun go barr, srl.) siúlta aige
Bhí sé ar fud an domhain
Níl aon teanga ann ach an Béarla ina dhiaidh sin. Thabharfadh sí ar fud an domhain thú
Tá a cháil ar fud an domhain i chuile áit anois
·
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is measa ná é. Bí siúráilte dhó sin — níl sé ann srl.
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiúntaí ná é, an té a mbeadh aon bheann aige air
+
Dá dtugtá an domhan mór (an domhan) dó, d'iarrfadh sé tuilleadh
Dhá bhfaighteá an domhan, ní shásódh sé thú
TUILLEADH (3) ▼
Thabharfainn an domhan ar dheoch ach a fáil
Thabharfainn an domhan ar amharc a fháil air
Dhá bhfaighinn seacht ranna an domhain, ní fhéadfainn cromadh
·
Rinne sé torann mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile nuair a phléasc sé
2.
a.
+
Bhí curachaí an domhain amuigh inniu — go leor acu
Bhí asail an domhain ag grágaíl aréir
TUILLEADH (12) ▼
Tá cearca an domhain aici fós, théis ar thug an sionnach uaithi
Tá mná an domhain ar an mbaile sin anois
Feictear dhom go bhfuil Gaeilgeoirí an domhain anseo soir
Bíonn mná rialta an domhain sínte ó chluais go rioball thíos ar Bh. na T. chuile lá. Dheamhan an féidir an cladach a thaobhachtáil acu
Tá féar an domhain amuigh i mbliana
Bhí móin an domhain agam anuraidh, ach chinn orm caoi a chur ar a leath
Tá iasc an domhain aige de bharr an lae inné
Tá airgead an domhain aige i ngeall ar an uachta sin a fuair sé
Tá talamh an domhain aige agus a leath ag dul i bhásta cheal a shaothraithe
Tá caoirigh an domhain amach ar na criathraigh anois
Tá sliabh an domhain ag an mbaile sin. Sin é atá ag bualadh na ndaoine anseo, nach bhfuil sliabh ná barr baile ar bith acu a gcuirfidís beithígh sheasca air
Fir an domhain agus ní bhainfidís feanc as nuair a chuir sé cosa i dteannta air féin, ach é in aon ghróigín amháin ansiúd
b.
+
Tá olc an domhain air anois, ach is furasta sin a chur air, arsa tusa
Bhí cuthach an domhain air nach raibh sop ar bith ann roimhe fhéin
TUILLEADH (4) ▼
Tháinig faitíos an domhain uirthi, agus gan call ar bith dhi leis
Tá fuacht an domhain sna cosa orm ó d'fhliuch mé mé fhéin ar maidin
Bhí ríméad an domhain air tráthnóna
Bhuail meanmna an domhain é nuair a chuala sé go raibh na mná ar fáil
c.
+
Seasfaidh sé an domhan óil inniu — go leor. Ní abraítear an domhan oilc, an domhan feirge srl.
Bhí an domhan éadaigh tharam aréir, agus mar sin fhéin, bhí fuacht orm
TUILLEADH (9) ▼
Tá an domhan carraigín bainte aige le seachtain
Tá an domhan airgid aige hé brí cén scéal é
Tá an domhan claíochaí leagtha síos le cladach
Bhain mé an domhan sceach ann anuraidh ach níor mhór a mbaint aríst i mbliana. Ní féidir cúl a choinneáil orthu
Bhíodh an domhan liagracha in mo mhuineál fadó, ach níor airigh mé le fada anois iad buíochas le Dia
Tá an domhan cainte aige
Bhí an domhan sáraíochta ar siúl ann
Chaith sé an domhan báistí aréir
Rinne sé an domhan sneachta anois le blianta beaga anuas
+
Bhí an domhan brách acu ann — go leor daoine, beithíoch srl.
Tá an domhan brách gliomaigh tógtha aige le ráithe, tá sin
TUILLEADH (6) ▼
Bhí an domhan brách maingíní aici ag teacht ón mbus
Tá an domhan brách uisce caite aige le mí
Caitheann tú an domhan brách feaigs
Tá an domhan brách cainte aige
Beidh an domhan brách féir tirim agat i mbliana
Fuair sé an domhan brách airgid le gairid. B'ait a chruthaigh na cailleachaí dhó as a dheireadh, théis nach raibh siad an-gheal dó scaitheamh
·
Tá an domhan mór daoine ann
Tá an domhan mór ráite aige
+
Tá an domhan agus a mháthair daoine ann — an domhnaíocht daoine; tír is talamh
Bhí an domhan agus a mháthair ólta aige
TUILLEADH (6) ▼
Cheannaigh muintir Luimní an domhan agus a mháthair muc ar an aonach inniu
D'íosfadh sé an domhan agus a mháthair, agus ar ndóigh d'ólfadh sé cába Chríost
Tá an domhan agus a mháthair de na fóthannáin fhireanna sin amuigh i mbliana. Níl gair ag duine cois a chur thar an gcois eile gan bualadh faoi cheann acu
Chaith sé an domhan agus a mháthair sneachta faoi Fhéil Bríde i mbliana
Tá an domhan agus a mháthair aige sa litir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionú go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobh
Tá an domhan agus a mháthair salachair sna fataí sin thuas
d.
+
Tá sé an-mhór den domhan (ní bhíonn an leagan seo le aidiacht gan réimír fearacht an-, dubh-, fíor- srl. a bheith leis an aidiacht)
Fear an-láidir den domhan a bhí ann — fear an-láidir go deo
TUILLEADH (11) ▼
Tá an-eolas den domhan aige ar na báid
Gasúr an-chrua den domhan é
Tá sé an-olc den domhan
Bhí sé an-tsaibhir den domhan scaitheamh, ach thug an drabhlás a chuid féin uaidh déarfainn
Páistí an-ábhailleach den domhan iad. Tá a láimh acu i chuile shórt
Tá sé an-deacair den domhan é a dhéanamh
Bean an-fholláin den domhan a bhí inti. Sin é a sheas di
Bhí muca an-daor den domhan inniu, ach maidir le beithígh, ní raibh fear a bhfiafraithe ann
Tá deiseannaí bicycles an-ghann den domhan anois. Níl aon ghair a bhfáil chor ar bith
Tá an madadh sin aige an-oilbhéasach den domhan
Bean dubh-bhreá den domhan í
3.
a.
+
Níl sé faoin domhan ar fad an té is measa croí ná é
Má tá sé faoin domhan inniu an té is oilce ná é sin, is iontas é
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon áit faoin domhan nach bhfuil siúlta aige
Dheamhan áit faoin domhan is deise ná an áit seo murach an aimsir
Níl sé sa domhan aon chneámhaire mar é
+
Dheamhan bó faoi thalamh an domhain ba mhó bainne ná í, ach go raibh sí an-dothógtha
Níl aon chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharthaíocht lena chois. Nach bhfeiceann tú é druidte le potaí?
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon mhadadh ar thalamh (faoi thalamh) an domhain is críonna ná é sin
Ní raibh aon teach ar thalamh an domhain ba deise ná a bhí acu, nó go dtáinig an tsraoill seo isteach ann. Chuir sí sin a caoi féin air
Níl aon tseafóid de dhuine ar thalamh an domhain is mó ná é, a bheith ag tabhairt airde ar lucht cumadóireachta mar sin
Níl aon díth céille ar thalamh an domhain ach a dhul ag tógáil bheithíoch anois, agus iad dhá ndíol ar ardú orm
b.
+
Níl néal ar bith faoin domhan air sin, deirimse leat
Níl faitíos ar bith faoin domhan orm ach aon fhaitíos amháin
TUILLEADH (2) ▼
Níl fuacht ar bith faoin (den) domhan ann inniu
Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain (seacht ranna na néal) cá'il sé
·
Dheamhan scéal ar an domhan agam — scéal ar bith
Dheamhan focal ar an domhan a chuala mé faoi
+
Níl a fhios agam sa domhan cén scéal é — ní thuigim cén chaoi a bhfuil an scéal nó na cúrsaí seo
Níl a fhios agam sa domhan cén scéal é, má tá an pósadh sin caite suas aríst
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam sa domhan céard is cor dó ar an aimsir seo
+
Ní bheadh a fhios ag duine sa domhan brách cén scéal é, má tá siad ag dul ar a roinnt aríst, théis a liachtaí uair agus a roinn siad cheana é
Ní thuigfeadh duine sa domhan brách céard atá sé a dhéanamh ag mianadóireacht sa ngarraí siúd le bliain. Mura bhfuil ciste faighte aige!
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil a fhios ag aon duine sa domhan brách cá bhfuil sí ag fáil an airgid uileag go léireach?
Chinnfeadh sé ar aon duine sa domhan brách aon cheart a bhaint di
Níl aon churachóir sa domhan brách in ann a dhul chun farraige inniu
4.
+
Chloisfeá sa Domhan Thiar é ag béiceach
Tarraingeoidh sé an Domhan Thoir agus an Domhan Thiar orainn, má chuireann muid mí-aighneas ar bith air
TUILLEADH (3) ▼
Nach sa domhan thiar atá an áit sin?
Chuirfeá don Domhan Soir de shéideoig é. Duinín éidreorach atá ann
Tá sé ag troid sa Domhan Thoir anois
5.
·
Chuaigh sé don domhan thíos (don domhan síos: an domhan faoin bhfarraige, faoin talamh, ifreann. Bíonn caint air go minic i seanscéalta)
Ó! Chuaigh Cromail don Domhan Thíos, agus ba mhaith an oidhe sin air
·
An raibh aon phriocadh ón domhan thíos — priocadh ó bhreac
Níl cor ar bith sa domhan thíos. Is olc an rud a bheith caite amach ar pholl gan freagairt, adeir siad

Féach freisin

domhan in iontrálacha eile (100+)

 
Chuala mé fothramán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile — fothramán gártha
+
Cad ar chad, cad os cionn cad agus cad idir dhá chad, agus sliogán eistre ina mhoirtéal orthu: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon bhallaí faoin domhan ba daighne ná iad
TUILLEADH (1) ▼
Bhí na Sasanaigh céanna an-daingean i chuile cheaird den domhan
 
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh sa rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha le hais na gcogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleáchaí agus le tuaití. Ar ndóigh, dheamhan deichniúr a bheadh maraithe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh bomb amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoil. Seo é deireadh an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos sa targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh sa targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
Is diachta dhóibh sin a bheith go maith agus na dallaráin de dheartháracha a bhí acu. Tá mé ag ceapadh nár thriomaigh a súile ón lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaíl chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon pheaca faoin domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon neart acu air: ní raibh sé de mheabhair iontu tada a thógáil
 
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
 
dána
Bhac an póilí é faoina dhul ann, ach thug sé siúd a dhúshlán agus chuaigh sé ann. Tá sé dubhdhána mar sin, théis nach bhfuil aon duine faoi thalamh an domhain is láí ná is oibleagáidí ná é, má tá sé leat
 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
 
daoire
Dhá dhaoireacht dhá raibh an saol ariamh, ba bheag an bhrí é le hais na cheithre bliana seo caite. Ach ní cás do na daoine é agus a bheith beo chor ar bith, agus an drochbhail atá ar an domhan
 
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus 'sé an áit ar bhuail an donacht é ag Airdín an D. Ba é an rud ba tobainne é a chonaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith san oíche agus an áit sin sách uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam an dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn ina chionn. Ach d'imigh sí aríst chomh tobann agus a tháinig sí, chomh luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
 
daor 3
Tá bullán anseo thíos agam agus níl aon gharraí gabhann in Éirinn in ann é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaíochaí ag gabháil liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cén súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar chuile lá dá n-éiríonn ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuaile mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athraí sé béasa
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosraíteá de Sh. ansin céard a bhí air, ní thabharfadh sé de thoradh ort i gcónaí ach, 'a mhic ó mo chroí thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc.' Ní inseodh sé go brách duit céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na fríde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtabharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh goimh ar bith san uair. Spreasáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha sa mbliain … Ní bhíodh de leathrann againn féin ansin in áit ar bith dá mbíodh sé ach 'a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc.' Is maith is cuimhneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scorachaí isteach in éindí le P. Mh. a bhí anseo thuas ann. Chuaigh muid ar a nglúine go gcuireadh muid faoi bhrí na guí é. Níor dhúirt P. urnaí ar bith — go ndéana Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé an chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cionn cláir agus é ag rá: 'tá deachma na sláinte íoctha agat faoi dheireadh, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck penny) maith anois, agus chomh fada agus a chaith tú dhá íoc.' Ní raibh aon duine sa teach nach raibh falrach gáirí air. Cuimhneoidh mé air go dté na hordógaí orm. Dar fia cuimhneod
 
B'fhéidir dá ndealaíodh an méid sin oilc leis, go suaimhneodh agus go dtiocfadh sé chun sástacht aríst. Ach chomh uain is a bheas an daol sin ag spochadh leis, níl aon cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach chomh luath agus a ligeas sé faoi aríst, níl aon duine faoin domhan is síodúla a bhíos ná é
 
dealg
Bhí gearrbhodach ag L. Sh. Ph. Níorbh fhéidir a choinneáil istigh, ach ag bóithreoireacht ó oíche go maidin. Bhuail sé agus mharaigh sé é, agus thug sé chuile dhíol air go minic. Chodlaíodh sé sa gcró leath na n-oícheanta an áit a gcuireadh an t-athair an glas ar an doras. Bhí bó aige le aghaidh lao an oíche seo agus b'éigean dó fanacht ina shuí dhá cionn. Tháinig an mac domhain san oíche. Ní bhíodh an t-athair ag cur araoide ar bith an uair seo air — bhí sé sáraithe aige agus gan maith dhó ann. Dar fiagaí dúirt sé an oíche seo leis gan drochmhúineadh ar bith: 'is fhearr leat ag bóithreoireacht agus ar do chuid drabhláis,' adeir sé, 'ná a theacht isteach in am, agus aire a thabhairt don bhó, i leaba t'athair bocht a bheith caillte anseo dhá cionn.' Níor dhúirt an stócach tada ach bualadh siar a chodladh. Chuaigh an t-athair a chodladh as sin go maidin. Nuair a d'éirigh siad ar maidin, ní raibh an gearrbhodach sa teach, ná ar an mbaile. Cuireadh tuairisc, ach ní raibh fáil in áit ar bith air. D'fhan mar sin go bhfaca siad suim aimsire agus gan tuairisc ná fairnéis air, ar an bhfad sin. Sin é an uair a scríobh sé as Meiriceá agus chuir sé céad punt abhaile ar aon láimh amháin. Bhí an-tsaothrú dhó ar an railway. 'Sé an focailín sin adúirt a athair a spadhar é, i gcruthúnas duit nach bhfuil lot ar bith nach mbeadh dealg chomh dona leis
 
deamhan 1
Tá tú réidh le síocháin anois ná aon síocháin a fheiceáil ar an domhan. Dheamhan é muis nó go n-imí an ball dubh den fheadóig
 
Thit deannóidín shúí ar an bpáipéar chomh uain is a bhí sé dhá léamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi ansin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety ansin — ceann a bhí síos an-domhain ina phóca — agus seó páipéir timpeall uirthi. Dhá bhfeictheá chomh deas agus a chuir sé corr na lainne faoin deannóidín shúí, agus chuaigh sé amach ansin gur chuimil sé ar an gclaí í. Tá sé chomh pointeáilte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith úis air
 
dearc
Níl le déanamh agat ach tosaí dhá dhearcadh agus beidh sé ina choileachín ar an toirt. D'ionsódh sé thú gan tsiocair ar bith faoin domhan ach an méid sin
 
dearg 1
Tá sí an-dearg den domhan timpeall an loit. Láimh bhocht í
 
Níl aon duine faoi thalamh an domhain is dearmadaí ná mé. Leagfainn rud as mo láimh, agus ní bheadh a fhios agam ó neamh cá mbeadh sé. Is minic nach bhfeicfinn é agus é os comhair mo dhá shúil
 
deifir
Bíonn deifir an domhain (an tsaoil, deifir a bhfaca tú ariamh srl.) air
+
Bhí sé ina dhiúin bheag agus ina dheireadh lae, an capall ag dul ar scáth na copóige agus an chopóig ag dul don Domhan Soir … (as seanscéal)
TUILLEADH (4) ▼
Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain é — is gearr uainn deireadh an domhain. Déarfaí é le báistigh shíoraí, le cogadh uafásach, nó rud ar bith neamhiondúil mar sin
Tá sé ina dhórtadh aríst inniu. An tseachtain seo as éadan. Mura bhfuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain (an tsaoil amantaí) é
Ná bac leis an saol anois. Ní bheidh aon dhuine ann ina dhiaidh seo. 'Sé Cogadh an Domhain é. 'Sé, agus 'sé deireadh an domhain é ach grásta Dé
An bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le gairid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinig aon samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le brothaíl. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
+
Dhá mba é lá deiridh (/d'er'ú/; /d'er'aw/) an domhain é, ní fhágfaidh mé seo go gcríochnaí mé é
TUILLEADH (2) ▼
Ar lá deiridh an domhain, beidh do chuid peacaí ar chlár t'éadan, agus cead ag a rogha duine a léamh
Phós sé ar lá deiridh na hInide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mba é lá deiridh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
 
Cogadh ar fad an domhan ar na saolta deireanacha seo
+
deis
Ní bhfuair mé aon deis ar aon pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íospairte. Tá siad isteach ar fad sa nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithi anois cheapfainn
TUILLEADH (3) ▼
Níl mórán de dheis anois orm muis. Má ligeann tú anall binn bheag den stól liom, beidh mé ar fheabhas an domhain
Nach dalba an deis atá ar an saol: ríochta an domhain fré chéile in oighear an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mura bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosúlacht atá air
Fágadh an domhan agus a mháthair talúna aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois ligthe chun fiántais aige, cheal saothraithe agus cheal aire. Dar príosta, is olc an oidhe ar chuid de na daoine tada a fhágáil acu. Déanfaidh siad cis ar easair dó
 
Ní léir dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caite ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nár thug tú cead dó lascadh leis go Sasana nuair a bhí sé ag éileamh a dhul ann, thar is é a bheith ag tarraingt droch-chlú air féin agus ar chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mba ag tobar dheireadh an domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainnse é, ach moladh leis go n-imíodh sé as an mbealach
+
diaidh
Níl doras ar bith in ann seasamh léithe. Pé ar bith caoi sa domhan a gceanglaím í, ionsaíonn uirthi ag dul i ndiaidh a tóna nó go bhfaighe sí ligean ar an doras. Tabharfaidh sí na cosa deiridh ansin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbriseadh sí é ar uain nó ar éigean
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhreathnódh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh i ndiaidh a leicinn i ngan fhios.
 
Mo choinsias is dar m'anam, bainfidh an ghaotalach seo gíoscán as na creatlaigh aige inniu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an geadán is díbeartha in Éirinn. Níl aon tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsíonn é
+
Díchreideamh é an domhan ar fad anois, cé is moite den tírín seo againn féin, agus diabhal thairis sin de ghaisce uirthi sin ach oiread
TUILLEADH (2) ▼
Tá an saol ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus chaon tsórt, ní bheadh a fhios agat céard adéarfá le na daoine. Ar ndóigh deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas AntiChrist. 'Sé a chosúlacht go bhfuil sé ag tarraingt ar dheireadh an domhain ar aon chor
Is beag an dochar don aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcontae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-aifreann, agus gur thosaigh sé ag rá nach raibh Dia ar bith ann. 'Agróidh Dia ort é,' adeir Árannach a bhí abuil mé
 
Rinne sé díchúis dom. Leag sé a raibh de chlaíochaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá anseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon ghair agam a thabhairt dó an lá céanna thar laethantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnú an lá céanna. Dúirt mé leis mura raibh aon dlús mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcionn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann, tá smut air liom
+
díle 1
Ar chuala tú ariamh faoin uair a ndeachaigh an Díle thar an Domhan — deirtear i gcónaí go ndeachaigh an Díle thar an Domhan aimsir Noa
TUILLEADH (14) ▼
Báitheadh an saol nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan. Deir siad gur dódh é uair eile. Is dóigh gurb é a phlúchadh a dhéanfar an chéad turn eile
Chuaigh an díle thar an Domhan agus chuir Dia an bogha báistí san aer le inseacht do na daoine nach mbáfadh sé aríst go deo é
Fadó, nuair a chuaigh an Díle thar an Domhan, níor tháinig as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr iníon agus a gcuid fear. Chuaigh siad isteach san Áirc agus sin é a thug beo iad. Nuair a shíl Noa go mba cheart don tuile a bheith traoite, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais lena scéal féin ná le scéal aon duine eile. D'fhan sé i mbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ón Áirc agat
Nuair a bhí an Díle ag dul thar an Domhan adeir siad, chaith sé dhá fichead lá ag báisteach gan aiteall ar bith, agus bhí dhá fichead galún i chuile bhraon di. Ní raibh a dhath féin den domhan leis — oiread agus méid leithphínne féin
Is fadó ó chuaigh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoil é. Lá Fhéil San Swith a thosaigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá ina dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan lena raibh sé a chaitheamh de bháistigh — bhí an-bháisteach ann
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasaí agus an barr géar díobh anuas ar feadh na hoíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid agus isteach sa teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
Tá an lá inniu sa gclaí aríst, ní ag ceasacht ar Dhia é. Chuile lá anois ag baint farasbarr dá chéile. Gabhfaidh an Díle thar an Domhan mura bhfuil ag Dia
Dhá dtéadh an Díle thar an Domhan — sábhála Dia sinn — bheadh teas an aithne ina thóin siúd ag dul amach! Ní choinneoidh rud ar bith istigh é sin nó go mbuaile an donacht in éindí é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaí dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh
Is síoraí an mhí bháistí í. Tá fuarlach ins chuile áit. Má mhaireann dó ar an gcaoi seo tiocfaidh an Díle thar an Domhan. Ní fhaca mé a leithide de bháisteach ó bhliain an bhrosna
Tá a fhios agat go maith go mba deannachtach an ráig í agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turlach siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Tráthnóna tháinig muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an dorais sa teach a raibh mé i mbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé chomh dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis, ní hea. Sin í lomchlár na fírinne duit, chomh maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafraigh de J. Mc G. é an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
Dheamhan aiteall ná aiteall ná cosúlacht ar bith air. Tá ceann faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta a aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcónaí
Dhá bhfeictheá an tuile ag éirí san abhainn siúd agus ag sceitheadh síos ar fud an bhaile mhóir agus tithe dhá mbánú, déarfá leat fhéin go raibh an Díle ag dul thar an Domhan aríst. Ní thabharfá samhail ar bith dhi ach é … Dar brí an leabhair, bhí chuile dhuine ag imeacht as na tithe agus ag crapadh leo an méid a d'fhéad siad den troscán
Cén chaint sin ort faoin Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nár gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistí sa spéir. Cheal nár chuala tú ariamh é sin. Is mór nár chuala tú muis
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
 
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain, go bhfóire an tAthair Síoraí orainn a leainín (leainbhín)
 
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraí ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear den bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis
 
ding
Ní ghnóthódh an saol ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaíochta atá sí in ann an domhan as éadan a choinneáil géilliúnach di féin. Ar ndóigh ní raibh oileáinín ná carraig dúshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fostaithe aici. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirthi: ní bhainfeadh an diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith sa gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe ina dhiaidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag cúnamh. Bhearnaigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh ina dhiaidh sin
 
Dá mbreathnaíteá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iontas an domhain orm fear a fheiceáil thuas ansin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roinnt bheag scátha do mo bhualadh, níl aon mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
+
díol 2
Níl aon díol faoin domhan nár thug sí orainn scáth gamhain a dhul isteach i ngarraí fataí ansin thuas uirthi. Má chuaigh féin, ní dhearna sé aon fhoghail: cupla sracadh le colbha. Is féidir lena cuid sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingíonn tú anuas aici é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
TUILLEADH (1) ▼
Diúltaímid dóibh sin. Ná tarraing orainn aríst iad ó tá siad suaimhnithe. Shíl sé féin mise a mharú cheana le iarraidh chorrán, agus ar ndóigh dheamhan díol faoin domhan nár thug an bhean orainn. Bhíodh sí anseo amuigh chuile lá agus stiúir uirthi ag cur di. Ní thugadh muid aird ar bith uirthi. Nach raibh sé chomh maith dhúinn. An té a thabharfadh aird uirthi, dhéanfadh sí ceann chomh dona léithe féin dó
 
Tá diomalú an domhain mhóir sa gcaoireoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muiceola ná trí phunt di, ach is rud í muiceoil nach bhfuil aon fháil uirthi anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí
 
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoin tseanbhean go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlite dhó anseo cheana agus ba bheag an lua a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an oilc é, ní thaobhóidh muid é má bhíonn an t-anó air fhéin
 
Níl aon cheo faoin domhan nach bhfaightheá anseo. Go fiú is an cam agus an díreach féin tá sé ann. Iarr é má thograíonn tú!
 
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreodh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ón saol. Dhá leathchéad nár mhór a chur siar faoina mhuineál i gcruth is go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mura ndíríodh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil lena anó féin. Tá sé ina chamalóid rómhór lena dhíriú choíchin
 
Bain dlaoinín as drioball an mhadaidh an chéad lá eile, agus cuir leis é. Nach maith domhain a chuir sé na fiacla ionat ar aon chor
 
Tá dliteanas mór amuigh ag Meiriceá ar Shasana ach measaim nach bhfuil aon rún ag Sasana a íoc. Tá siad ag dul anonn is anall leis an scéal ó bhí an cogadh ann (cogadh 1914) agus dhá chur ar an méir fhada i gcónaí. Sin páirt de ghleacaíocht Shasana. Tá na fir is smeartáilte (smart) faoin domhan inti agus níl aon mhaith d'aon duine a athrú a rá
 
M'anam muise mura mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphoirteachaí faoin domhain imithe. Is beag an scéal iad sin: ag ullmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaíochta
 
docht 2
Tá a geanntrachaí chomh docht i dtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl i ndán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionsódh an domhan fré chéile í
 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo doghrainneach go leor. Measaim é. Níl gair ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saighdte iontu agus iad ruaigthe i dtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a chosaint. Roimhe seo, ní chuirfeadh sé aon araoid go deo ar bheithíoch a chasfaí ann, ach m'anam nach é sin dó anois. Tá an-lear sléibhe acu ansiúd freisin: an domhan brách. Is beag a d'aireoidís corrbhearradh a ligean le muintir L., nach bhfuil acu ach dhá spreab ar easca
+
Níl aon rud faoin domhan is luar liom ná doicheall mar sin. Téann an doicheall go smior adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Má tá doicheall aici leat, tá rud agatsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadaíola thuas agat, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. chuile uair dá gcastaí an bhean leis an t-am a raibh siad in árachaigh a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port chomh croíúil agus a chuala tú ariamh. Dhá mba aon bhean eile faoin domhan í, sciorrfadh na cosa uaithi ag damhsa leis
 
dóigh 3
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoin domhan a bheith orm an pointe seo de ló ná an t-anó atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhó. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
 
Tá S. seo thíos an-dóighiúil den domhan as an gcliobóig d'inín sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaíocht! Ní thaobhódh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé chomh maith duit fuafíonach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráite an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó chonaic mise istigh sa raithneach ansin thiar í le fear! Bíonn ciúin ciontach adeir siad
 
Ní thabharfainn trumpa gan teanga ar dhóighiúlacht an domhain fré chéile d'uireasa rud eicínt ina theannta. Ní breáichte a ghníos brachán ach min adeir siad. Is beag an mhaith an dóighiúlacht mura mbeidh rud agat
+
domhain 1
Cá'il an domhain atá san easca! An bhfeiceann tú é sin chor ar bith? — tá an easca an-domhain
TUILLEADH (22) ▼
Shílfeá nach bhféadfadh fear Achréidh an domhain sin (de phortach) a bhaint as ucht. Mura mbaineann sé a leath an chéad uair, agus a dhul síos agus an leath eile a bhaint ansin
Níl domhain ar bith sna portaigh atá againne. Bhainfeá an tríú barr iontu ar éigin. Dheamhan ceo leis
Ná bac le domhain sa talamh sin! Tá tú go leic ar an bpointe
Is beag an domhain chor ar bith atá sa ngarraí thiar. Tá an chloch leis i chuile áit ann
Ní mórán domhain chréafóige atá ansin chor ar bith. Beidh tú go gaineamh rua ann le dhá spreab
Má fhaigheann tusa an domhain ann, sin é a bhfuil uait
Níl a fhios cén domhain atá sna portaigh sin. Portaigh easca. Chuaigh mise naoi mbarr cheana sa gcloigeann abhus de mo phortach féin, agus ní raibh tús ná deireadh leis
Níl ort a dhul ann ach domhain na láí nuair atá tú ar an mbonn dubh sin: bonn móna. Is dóigh gur talamh móna a bhí ann roimhe seo.
Cén domhain a chuaigh sibh ann? (nó cén doimhneacht a chuaigh sibh ann)
Is olc an áit reilige é sin, dar fia. Níl domhain ar bith sa talamh sin
Caithfidh tú domhain (doimhneacht) a chur ann thairis sin
Ní shásaíonn uair ar bith é a bheith amuigh ach ar dhomhain na hoíche — amach deireanach nó i lár na hoíche
Céard a bhíos sé a dhéanamh ag ruatharúch mar sin ar dhomhain na hoíche. Shílfeá go mba chóra dhó a bheith ina chodladh
Bhí mé amuigh i ndomhain an criathraigh uileag nuair a ghoin m'aire mé. Ach bhí sé mall agam an uair sin a theacht ar ais — amuigh i lár an chriathraigh; i bhfad amach ar an gcriathrach
Déanann siad amach ar dhomhain an chriathraigh uileag é, amach taobh amuigh de chlochar É.
Má théann tú isteach i ndomhain na heasca sin, tá an tseamair Mhuire agat má fhéadann tú a theacht amach. Tá sí sin chomh bog le gruth fút
An té a ghabhfadh amú ar dhomhain na gcriathraigh sin ar cheo, ghabhfadh sé rite leis a theacht slán as
Bhí muid amuigh ar an domhain, ach, má bhí féin níor éirigh faice linn
Ní bheadh sí in ann a bharraíocht ar an domhain ina dhiaidh sin. Bíonn brachlainneachaí móra farraige ann leithide an lae inniu
Má tá fút a dhul ar an domhain, níor mór dhuit cuid is mó ná sin de dhorú. Cúig nó sé d'fheánna eile
Dhá n-éiríodh sé dhuit ar an domhain, dheamhan cladach a d'fheicfeá go ndéanfadh Dia Diarmaid díot. Ná baol a bheadh ort!
Feicim dhá churach amuigh ar an domhain. Cé hiad féin meas tú?