Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Domhan
/dəu:n/
ainm-fhocal, fireann
geineamhnach uathaidh agus uimhir iolraidh : domhain.
1.
an chruinne; saoghal (is féidir leas a bhaint as saoghal igcuid mhaith de na cainteannaí a dteagann domhan isteach ionnta).
+
Shiubhail sé an domhan
Is beag de'n domhan a chonnaic mise ach an oiread leat féin
TUILLEADH (11) ▼
Tá fúm an domhan a fheiceál, shul a bhfuighidh mé bás
Shílfeá gur leis an domhan le' bhfuil de fhloscaí aige
Is iomdha domhan ann thar an domhan seo adeir siad
Ní bhfuigheadh an domhan an ceann is fhearr air sin, adeir siad
Tá bárr ar an domhan aige ag "bacsáil"
Tá barr ar an domhan ag an Rúis anois
Cailleadh é in áit eicínt 'san domhan
Bhí an domhan iomlán (an domhan fré chéile, uiliog go léireach, ar fad, ó íochtar go h-uachtar, ó sháil go rinn, ó bhun go barr, agus rl.) siubhalta aige
Bhí sé ar fud an domhain
Níl aon-teanga ann ach an Béarla in a dheidh sin. Thiubharfadh sí ar fud an domhain thú
Tá a cháil ar fud an domhain is 'chuile áit anois
·
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is measa ná é. Bí siúráilte dhó sin = níl sé ann agus rl.
Níl sé ó uachtar an domhain go dtí íochtar an domhain an té is fiuntaighe ná é, an té a mbeadh aon-bheann aige air
+
Dá dtugthá an domhan mór (an domhan) dó, d'iarrfadh sé tuilleadh
Dhá bhfaighteá an domhan, ní shásóchadh sé thú
TUILLEADH (3) ▼
Thiubharfainn an domhan ar dheoch ach a fáil
Thiubharfainn an domhan ar amharc a fháil air
Dhá bhfaghainn seacht ranna an domhain ní fhéadfainn cromadh
·
Rinne sé torann mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile = fothramán gártha
Shílfeá gurb iad dhá chlár an domhain a bhuailfí faoi chéile nuair a phléasc sé
2.
a.
+
Bhí currachaí an domhain amuigh indiu = go leor aca
Bhí asail an domhain ag grágghail aréir
TUILLEADH (12) ▼
Tá cearca an domhain aice fós, th'éis ar thug an sionnach uaithe
Tá mná an domhain ar an mbaile sin anois
Feicthear dhom go bhfuil "gaedhilgeoirí" an domhain annseo soir
Bíonn mná rialta an domhain sínte ó chluais go rioball thíos ar Bh. na T. 'chuile lá. Dheamhan an féidir an cladach a thaobhachtáil aca
Tá féar an domhain amuigh imbliana
Bhí móin an domhain agam anuiridh, ach chinn orm caoi a chur ar a leath
Tá iasc an domhain aige de bharr an lae indé
Tá airgead an domhain aige ingeall ar an udhachta sin a fuair sé
Tá talamh an domhain [aige] agus a leath ag dul i bhásta cheal a shaothruighthe
Tá caoirigh an domhain amach ar na criathraigh anois
Tá sliabh an domhain ag an mbaile sin. Sin é atá ag bualadh na ndaoine annseo, nach bhfuil sliabh ná barr baile ar bith aca a gcuirfidís beithidhigh sheasca air
Fir an domhain agus ní bhainfidís feanc as nuair a chuir sé cosa idteanta air féin, ach é in aon-ghróigín amháin annsiúd
+
Tá olc an domhain air anois, ach is furasta sin a chur air, arsa tusa
Bhí cuthach an domhain air, nach raibh sop ar bith ann roimhe fhéin
TUILLEADH (4) ▼
Tháinic faitíos an domhain uirre, agus gan call ar bith dhi leis
Tá fuacht an domhain 'sna cosa orm ó d'fhliuch mé mé fhéin ar maidin
Bhí ríméad an domhain air trathnóna
Bhuail meanmna an domhain é, nuair a chuala sé go raibh na mná ar fáil
b.
+
Seasfaidh sé an domhan óil indiu = go leor (ní abruighthear "an domhan uilc", "an domhan feirge" agus rl.)
Bhí an domhan éadaigh tharm aréir, agus mar sin fhéin, bhí fuacht orm
TUILLEADH (9) ▼
Tá an domhan cairrgín bainte aige le seachtain
Tá an domhan airgid aige hébrí cé'n scéal é
Tá an domhan claidheachaí leagtha síos le cladach
Bhain mé an domhan sceach ann anuiridh ach níor mhór a mbaint aríst imbliana. Ní féidir cúl a choinneál orra
Bhíodh an domhan liagracha in mo mhuinéal fadó, ach níor airigh mé le fada anois iad buidheachas le Dia
Tá an domhan cainte aige
Bhí an domhan sáraidheachta ar siubhal ann
Chaith sé an domhan báistighe aréir
Rinne sé an domhan sneachta anois, le blianta beaga anuas
+
Bhí an domhan bráthach aca ann = go leor daoine, beithidheach agus rl.
Tá an domhan bráthach gliomaigh tóigthe aige le ráithe, tá sin
TUILLEADH (6) ▼
Bhí an domhan bráthach maingíní aice ag teacht ó'n mbus
Tá an domhan bráthach uisce caithte aige le mí
Caitheann tú an domhan bráthach "feaigs"
Tá an domhan bráthach cainte aige
Beidh an domhan bráthach féir tirm agad i mbliana
Fuair sé an domhan bráthach airgid le goirid. B'ait a chruthuigh na cailleachaí dhó as a dheireadh, th'éis nach raibh siad an-gheal dó scathamh
·
Tá an domhan mór daoine ann
Tá an domhan mór ráidhte aige
+
Tá an domhan agus a mháthair daoine ann = an domhnaidheacht daoine; tír agus talamh
Bhí an domhan agus a mháthair ólta aige
TUILLEADH (6) ▼
Cheannuigh muintir Luimnighe an domhan agus a mháthair muc ar an aonach indiu
D'íosfadh sé an domhan agus a mháthair agus 'ar ndú' d'ólfadh sé cába Chríost
Tá an domhan agus a mháthair de na fóthannáin fhireanna sin amuigh i mbliana. Níl goir ag duine cois a chur thar an gcois eile gan bualadh faoi cheann aca
Chaith sé an domhan agus a mháthair sneachta faoi Fhéil Bríde i mbliana
Tá an domhan agus a mháthair aige 'san leitir seo. M'anam gurb aige atá an t-ionbhadh go bhféadfaidh sé an oiread sin a scríobhadh
Tá an domhan agus a mháthair salachair 'sna fataí sin thuas
c.
+
Tá sé an-mhór de'n domhan (ní bhíonn an leagan seo le aidiacht gan réimmír fearacht an-, dubh-, fíor- agus rl. a bheith leis an aidiacht)
Fear an-láidir de'n domhan a bhí ann = fear an-láidir go deo
TUILLEADH (11) ▼
Tá an-eolas de'n domhan aige ar na báid
Gasúr an-chruadh de'n domhan [é]
Tá sé an-olc de'n domhan
Bhí sé an-tsaidhbhir de'n domhan scathamh, ach thug an drabhlás a chuid féin uaidh déarfainn
Páistí an-ámhuilleach de'n domhan iad. Tá a láimh aca is 'chuile shórt
Tá sé an-deacair de'n domhan é a dhéanamh
Bean an-fholláin de'n domhan a bhí innte. Sin é a sheas di
Bhí muca an-daor de'n domhan indiu, ach maidir le beithidhigh, ní raibh fear a bhfiafruighthe ann
Tá deiseannaí "bicycles" an-ghann de'n domhan anois. Níl aon-ghoir a bhfáil chor ar bith
Tá an madadh sin aige an-oilbhéasach de'n domhan
Bean dubh-bhreagh de'n domhan í
3.
a.
+
Níl sé faoi'n domhan ar fad an té is measa croidhe ná é
Má tá sé faoi'n domhan indiu an té is uilce ná é sin, is iongantas é
TUILLEADH (3) ▼
Níl aon-áit faoi'n domhan nach bhfuil siubhalta aige
Dheamhan áit faoi'n domhan is deise ná an áit seo, marach an aimsir
Níl sé is an domhan aon-chneamhaire mar é
+
Dheamhan bó faoi thalamh an domhain ba mhó bainne ná í, ach go raibh sí an-do-thógtha
Níl aon-chladach faoi thalamh an domhain is fhearr bráideannaí gliomach ná an cladach sin thíos. Tá a chomharaidheacht len a chois. Nach bhfeiceann tú é druidthe le potaí?
TUILLEADH (4) ▼
Níl aon-mhadadh ar thalamh (faoi thalamh) an domhain is críonna ná é sin
Ní raibh aon-teach ar thalamh an domhain ba deise ná a bhí aca, nó go dtáinic an tsraoill seo isteach ann. Chuir sí sin a caoi féin air
Níl aon-tseafóid de dhuine ar thalamh an domhain is mó ná é, a bheith ag tabhairt áird' ar lucht cumadóireacht' mar sin
Níl aon-dícéille ar thalamh an domhain ach a dhul ag tóigeál bheithidheach anois, agus iad dhá ndíol ar árdú orm
b.
+
Níl néal ar bith faoi'n domhan air sin, deirimse leat
Níl faitíos ar bith faoi'n domhan orm ach aon-fhaitíos amháin
TUILLEADH (2) ▼
Níl fuacht ar bith faoi'n (de'n) domhan ann indiu
Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain (seacht ranna na néal) cá'il sé
·
Dheamhan scéal ar an domhan agam = scéal ar bith
Dheamhan focal ar an domhan a chuala mé faoi
+
Níl a fhios agam san domhan cé'n scéal é = ní thuigim cé'n chaoi a bhfuil an scéal nó na cúrsaí seo
Níl a fhios agam 'san domhan cé'n scéal é, má tá an pósadh sin caithte suas aríst
TUILLEADH (1) ▼
Níl a fhios agam 'san domhan céard is cor dó ar an aimsir seo
+
Ní bheadh a fhios ag duine 'san domhan bráthach cé'n scéal é, má tá siad ag dul ar a roint aríst, th'éis a liachtaí uair agus a roínn siad cheana é
Ní thuigfeadh duine 'san domhan bráthach céard atá sé a dhéanamh ag mianadóireacht san ngarrdha siúd le bliain. Mara bhfuil ciste faighte aige!
TUILLEADH (3) ▼
An bhfuil a fhios ag aonduine san domhan bráthach cá bhfuil sí ag fáil an airgid uiliog go léireach?
Chinnfeadh sé ar aonduine 'san domhan bráthach aon-cheart a bhaint di
Níl aon-churachóir 'san domhan bráthach indon a dhul 'un farraige indiu
4.
+
Chloisfeá san Domhan Thiar é ag béiceadhach
Tarraingeochaidh sé an Domhan Thoir agus an Domhan Thiar orainn, má chuireann muid mí-aighneas ar bith air
TUILLEADH (3) ▼
Nach 'san domhan thiar atá an áit sin?
Chuirfeá do'n Domhan Soir de shéideoig é. Duinín éidtreoireach atá ann
Tá sé ag troid 'san domhan thoir anois
5.
·
Chuaidh sé do'n domhan thíos (do'n domhan síos: an domhan faoi'n bhfairrge, faoi'n talamh, Ifreann. Bíonn caint air go minic i sean-scéalta)
Ó! Chuaidh Cromail do'n Domhan Thíos, agus ba mhaith an aghaidh sin air
6.
·
An raibh aon-phriocadh ó'n domhan thíos = priocadh ó bhreac
Níl cor ar bith 'san domhan thíos. Is olc an rud a bheith caithte amach ar pholl gan freagairt, adeir siad

Féach freisin

Domhan in iontrálacha eile (100+)

 
Chuala mé fothromán mar a bhuailfí dhá chlár an domhain faoi chéile = fothramán gártha
+
Cad ar chad, cad as cionn cad agus cad idir dhá chad agus sliogán eistre in a mhuirtéal orra: sin é an déanamh a thugadh an Gobán Saor ar a chuid ballaí. Bhí a shliocht air: ní raibh aon-bhallaí faoi'n domhan ba daighne ná iad
TUILLEADH (1) ▼
Bhí na Sasanaigh céadna an-daingean is 'chuile cheaird de'n domhan
 
dairt
Ara beannacht Dé dhuit, ní raibh ins an rud a bhí ann an uair sin ach caitheamh dairteacha, le h-ais na gCogaí a bhíos ann anois. Daoine a dhul amach ar aghaidh a chéile le claimhí, le sleaghachaí agus le tuaightí. 'Ar ndú, dheamhan deichneabhar a bheadh marbhuighthe seachtain. Is mó an t-ár a dhéanfadh "bomb" amháin anois ná a dhéanfaidís i gcaitheamh a saoghail. Seo é deire an domhain ach grásta Dé. 'Sé Cogadh an Domhain é: Cogadh na gCríoch a bhí tugtha síos ins an Targaireacht. Dheamhan ceo dhá raibh ins an targaireacht nach bhfuil istigh. Fainic thusa nach bhfuil
 
Is diadhachta dhóib sin a bheith go maith agus na dallaráin de dhearbhráthracha a bhí aca. Tá mé ag ceapadh nachar thriomuigh a súile ó'n lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaighil chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon-pheacadh faoi'n domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon-neart aca air: ní raibh sé de mheabhair ionnta tada a thógáil
 
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí ins an am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige ins an méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nachar) léar duinn an láighe. Agus dhá mbeitheá ag déanamh áirneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile arae bheitheá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saoghal sin — míle buidheachas le Dia
 
dána
Bhac an póilí é faoin a dhul ann, ach thug sé siúd a dhubhshlán agus chuaidh sé ann. Tá sé dubh-dhána mar sin th'éis nach bhfuil aon-duine faoi thalamh an domhain is lághaighe ná is oibliogáidighe ná é, má tá sé leat
 
danra
Sin é an fear is dan(d)ra a chonnaic mise i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Bhíomar thíos annsin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gludhadh (glaodhadh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sáthach tomhaiste. Bhí sé domhain go leor ins an oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mara raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat aca ann agus gan aghainne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuinneamh agus ag athchuinge air a thoidheacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach in a sheasamh annsin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba dan(d)ra é a chonnaic mé ó rugadh mé
 
daoire
Dhá dhaoireacht dhá raibh an saoghal ariamh, ba bheag an bhrigh é le h-ais na cheithre bliana seo caithte. Ach ní cás do na daoine é agus a bheith beo chor ar bith, agus an droch-bhail atá ar an domhan
 
daol
Bhí an bheirt againn ag teacht as Gaillimh oíche agus sé an áit ar bhuail an donacht é ag Áirdín an D. Badh é an rud ba tobainne é a chonnaic mé ariamh: daol ceart. Bhí sé domhain go maith ins an oíche agus an áit sin sáthach uaigneach freisin. Ní raibh mé in mo bhambairne ariamh go dtí an oíche sin: gan fios agam a dtiocfainn ag iarraidh an tsagairt dó nó an bhfanfainn in a chionn. Ach d'imigh sí aríst cho tobann agus a tháinig sí, cho luath agus a bhí an daol sin dó (dhe) aige
 
daor 3
Tá bulán annseo thíos agam agus níl aon-gharrdha gabhann in Éirinn indon é a chuibhriú. Tá a bhfuil de chlaidheachaí ag gabhail liom leagtha go talamh aige. Níl a fhios agam faoi sheacht ranna an domhain cé'n súnás atá air. Dhá mbeadh sé ag fáil ocrais is mór adéarfainn, ach tá sé go bolg i bhféar 'chuile lá dá n-eirigheann ar a shúil. Ach déanfaidh mise cleas leis: cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air, go mbuailidh mé a smut ar a chrúib agus a chrúib ar an talamh, agus sin ní fhágfaidh sé nó go n-athruighidh sé béasa
 
Muna mbeadh ar Sh. Mh. fadó ach léas ar a mhéir, d'fhanfadh sé istigh. Níor facthas a leithide ariamh le aire air fhéin. Dhá bhfiosr(uighth)eá de Sh. annsin céard a bhí air, ní thiubharfadh sé de thoradh ort i gcomhnuí ach "a mhic ó mo chroidhe thú, caithfidh mé deachma na sláinte a íoc". Ní innseochadh sé go bráth duit, céard a bheadh air. Ach ba deacair dó, arae ní bhíodh ceo na frighde air leath na gcuarta, nach (ach) nach dtiubharfadh sé an áit amach air féin ar bhás an domhain, dhá mbeadh gaimh ar bith ins an uair. Spriosáinín beag dona a bhí ann. Shéidfeá de do bhois é go dtí an Domhan Thoir. Bhíodh spideog air an lá ba bhreácha ins an mbliain … Ní bhíodh de leath-rann againn féin annsin in áit ar bith dá mbíodh sé ach "a Sh. caithfear deachma na sláinte a íoc." Is maith is cuímneach liom an oíche ar tórradh é. Tá sé suas le cupla scór blianta go maith. Bhí mé féin agus bulc de na scurachaí isteach in éindigh le P. Mh. a bhí annseo thuas ann. Chuaidh muid ar a' nglúine go gcuireadh muid faoi bhrigh na guidhe é. Níor dhubhairt P. urnaighe ar bith — go ndéanaidh Dia grásta ar an mbeirt agus ar na mairbh ar fad. 'Sé'n chaoi a raibh P. ag breathnú isteach air as cíonn cláir agus é ag rádh: "tá deachma na sláinte íoctha agad faoi dheire, a ghiolla sin. Ba cheart go bhfaightheá luch pine (luck-penny) maith anois, agus cho fada agus a chaith tú dhá íoc." Ní raibh aonduine ins an teach nach raibh falrach gáirí air. Cuímneochaidh mé air go dteighidh na h-órdógaí orm. Dar fiadh cuímneochad
 
B'fhéidir dá ndealuigheadh an méid sin uilc leis, go suaimneochadh agus go dtiocfadh sé 'un sástacht aríst. Ach cho uain agus a bhéas an daol sin ag spochadh leis, níl aon-cheart le baint de. Sin é a bhealach: taghdannaí mar sin; ach cho luath agus a leigeas sé faoi aríst, níl aonduine faoi'n domhan is síodamhla a bhíos ná é
 
deamhan 1
Tá tú réidh le síochán anois ná aon-suíochan a fheiceál ar an domhan. Dheamhan é muis nó go n-imighidh an ball dubh de'n fheadóig
 
Thuit dionnóidín shúighe ar an bpáipéar cho uain agus a bhí sé dhá léigheamh agus dhá bhfeictheá é ag breathnú air! Chuir sé séideog faoi annsin, ach dheamhan maith a bhí ann. Tharraing sé amach lann safety annsin — ceann a bhí síos an-domhain in a phóca — agus seó (show?) páipéir timcheall uirre. Dhá bhfeictheá cho deas agus a chuir sé corr na lainne faoi'n dionnóidín shúighe agus chuaidh sé amach annsin gur chuimil sé ar an gclaidhe í. Tá sé cho puinteailte le cat a bheadh dhá bhearradh féin. Cuireann salachar ar bith uais air
 
dearc
Níl le déanamh agad ach tosuighe dhá dhearcadh agus beidh sé in a choileaichín ar an toirt. D'ionnsóchadh sé thú gan tsiocair ar bith faoi'n domhan, ach an méid sin
 
dearg 1
Tá sí an-dearg den domhan tímpeall an luit. Láimh bhocht í
 
Níl aon-duine faoi thalamh an domhain is dearmadaí ná mé. Leagfainn rud as mo láimh, agus ní bheadh a fhios agam ó Neamh cá mbeadh sé. Is minic nach bhfeicfinn é agus é as comhair mo dhá shúil
 
deifir
Bíonn deifir an domhain (an tsaoghail, deifir a bhfaca tú ariamh agus rl.) air
+
Bhí sé in a dhiúin bheag agus in a dheireadh lae, an capall ag dul ar scáth na cupóige agus an chupóig ag dul do'n Domhan Soir … (as sean-scéal)
TUILLEADH (4) ▼
Marab fhuil ag Dia 'sé deireadh an domhain é = is gearr uainn deireadh an domhain (déarfaí é le báistigh shíorraí, le cogadh uathbhásach, nó rud ar bith neamh-iondamhail mar sin)
Tá sé in a dhórtadh aríst indiu. An tseachtain seo as éadan. Marab fhuil ag Dia, 'sé deireadh an domhain (an tsaoghail amantaí) é
Ná bac leis an saoghal anois. Ní bheidh aon-dhuine ann in a dhiaidh seo. 'Sé Cogadh an Domhain é. 'Sé, agus 'sé deireadh an domhain é ach grásta Dé
Bhfaca tú an chaoi a gcaitheann sé na scaltrachaí le goirid. Agus an chuma atá air ag báisteach. Dheamhan fiú agus an lá a tháinic aon-samhradh anois le chúig bhliana, a bhféadfá caitheamh dhíot le bruthghail. Ó, 'sé deireadh an Domhain é ach grásta Dé
+
Dhá mbadh é lá deireadh (/d′er′ū/; /d′er′əw/) an domhain é, ní fhágfaidh mé seo go gcríochnuighidh mé é
TUILLEADH (2) ▼
Ar lá deireadh an domhain, beidh do chuid peacaí ar chlár t'éadan, agus cead ag a rogha duine a léigheamh
Phós sé ar lá deireadh na h-Inide! Beannacht Dé dhuit! Dhá mbadh é lá deireadh an domhain é, ba ghearr ar siúd pósadh!
 
Cogadh ar fad an domhan ar na saoghalta deireannacha seo
+
deis
Ní bhfuair mé aon-deis ar aon-pháipéar le seachtain, ach chuala mé go raibh na Rúiseánaigh ag déanamh íosbairte. Tá siad isteach ar fad ins an nGearmáin. Is mór an seasamh ag an nGearmáin bhocht é agus an domhan ar fad dhá cúinneáil. Is gearr uaithe anois cheapfainn
TUILLEADH (3) ▼
Níl mórán de dheis anois orm muis. Má leigeann tú anall binn bheag de'n stól liom, beidh mé ar fheabhas an domhain
Nach dalba an deis atá ar an saoghal: ríoghachta an domhain fré chéile in adhar an chochaill. 'Sé deireadh an domhain é mara bhfuil ag Dia. Ní hé a mhalrait de chosamhlacht atá air
Fágadh an domhan agus a mháthair talmhan' aige sin, agus nach dona an deis a chuir sé air. Tá an chuid is fhearr dhe anois leigthe 'un fiadhántais aige, cheal saothruighthe agus 'cheal aire. Dar príosta, is olc an aghaidh ar chuid de na daoine tada a fhágáil aca. Déanfaidh siad cis ar easair dó
 
Ní léar dhom go bhfuil maith ar bith a dhul ag cur chomhairle aríst air. Nach bhfuil an teanga caithte ag na daoine ag cur chomhairle. Is diachta ghéar nar thug tú cead dó lascadh leis go Sasana an uair a bhí sé ag éiliú a dhul ann, thar agus é a bheith ag tarraint droch-chliú air féin agus ar 'chuile dhuine a bhaineas leis. Dá mbadh ag tobar dheire an Domhain a bheadh sé ag dul, ní bhacfainn-se é ach moladh leis, go n-imigheadh sé as an mbealach
+
diaidh
Níl dorus ar bith indon seasamh léithe. Pé'r bith caoi ins an domhan a gceangluighim í, ionnsuigheann uirre ag dul indiaidh a tóna, nó go bhfaghaidh sí leigean ar an dorus. Tiubharfaidh sí na cosa deireadh annsin dó, agus chaithfeadh sí an oíche ar fad dhá chiceáil nó go mbrisead sí é ar uain nó ar éigin
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhreathnóchadh sí díreach ort ar bhás an domhain, ach ag iarraidh thú a dhearcadh indiaidh a leicinn ingan fhios.
 
Mo choinsias 's dar m'anam, bainfidh an ghaothtalach seo gíoscán as na creatlaigh aige indiu, ná ag fear ar bith eile atá ag déanamh an bhóthair sin. 'Sé leiceann ó thuaidh Ch. Bh. an giodán is díbeartha in Éirinn. Níl aon-tsíon dhá séideann aníos ó mhullach an domhain nach n-aimsigheann é
+
Díchreideamh é an domhan ar fad anois, cé's moite de'n tírín seo againn féin, agus diabhal thairis sin de ghaisce uirre sin ach oiread
TUILLEADH (2) ▼
Tá an saoghal ag teacht an-aisteach anois. Idir díchreideamh agus 'chaon tsórt, ní bheadh a fhios aghad céard adéarfá le na daoine. 'Ar ndú' deir siad go mbeidh díchreideamh as éadan ann nuair a thiocfas "AntiChrist." 'Sé a chosamhlacht go bhfuil sé ag tarraint ar dheireadh an domhain ar aon-chor
Is beag an dochar de'n aimsir fhéin a bheith mar atá sí agus a bhfuil de dhíchreideamh fud an domhain. Chonnaic mé Éireannach ag teacht thall i Sasana. Ba as an gcondae seo é — ceantar Bhéal Átha na Sluaighe. Diabhal a raibh sé mí ariamh ann gur chaith sé in aer an t-Aifreann, agus gur thosuigh sé ag rádh nach raibh Dia ar bith ann. "Agróchaidh Dia ort é," adeir Árannach a bhí abuil mé
 
Rinne sé dí-chúis dom. Leag sé a raibh de chlaidheachaí ar na barra garbha agam agus gan a dhath údair aige leis, ach lá annseo ar iarr sé an carr orm le aistir móna a thabhairt abhaile. Ní raibh aon-ghoir agam a thabhairt dó an lá céadna thar laetheantaí an domhain, arae bhí mé féin ag feamnadh an lá céadna. Dubhairt mé leis mara raibh aon-dlúthas mór leis, é a fhágáil go dtí an lá dár gcíonn, agus go bhféadfadh an carr a bheith aige ar feadh an lae. Ach d'imigh sé uaim mar a bhuailfeá ar an gcluais é. Ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, tá smut air liom
+
díle 1
Ar chuala tú ariamh faoi'n uair a ndeacha an Díle thar an Domhan = deirtear igcomhnuí go ndeacha an Díle thar an Domhan aimsir Noa
TUILLEADH (14) ▼
Báitheadh an saoghal an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan. Deir siad gur dóigheadh é uair eile. Is dóigh gurb é a phlúchadh a dhéanfar an chéad "turn" eile
Chuaidh an díle thar an Domhan agus chuir Dia an bogha báistighe ins an aer le innseacht do na daoine nach mbáithfeadh sé aríst go deo é
Fadó, an uair a chuaidh an Díle thar an Domhan, níor tháinic as ach Noa, a bhean, a thriúr mac, a thriúr inghean agus a gcuid fear. Chuaidh siad isteach ins an Áirc agus sin é a thug beo iad. An uair a shíl Noa go mba cheart do'n tuile a bheith traoithte, chuir sé amach an fiach dubh le scéala a thabhairt isteach aige. Níor tháinig an fiach ar ais len a scéal féin ná le scéal aon-duine eile. D'fhan sé imbun an chasam air. Sin é teachtaire an fhiadha ó'n Áirc agad
An uair a bhí an Díle ag dul thar an Domhan adeir siad, chaith sé dhá fichead lá ag báisteach gan aithdeal ar bith, agus bhí dhá fichead galún is 'chuile bhraon di. Ní raibh a dhath féin de'n domhan leis — oiread agus méid leithphighne féin
Is fadó ó a chuaidh an Díle thar an Domhan. Chreidim gur i dtús an tsaoghail é. Lá Fheil San Swith a thosuigh sé. Tá an gheis sin ar an lá sin ó shoin, má bhíonn sé fliuch an lá sin go mbeidh sé fliuch go ceann dá fhichead lá in a dhiaidh. Tabhair faoi deara bliain ar bith é. Cuirfidh mé geall leat go bhfuil an fhírinne agam. Ná creid thusa ó fhear ar bith nach mbeidh
Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan len a raibh sé a chaitheamh de bháistigh = bhí an-bháisteach ann
Bhí sé ag caitheamh sceana gréasuidhe agus an barr-géar díobh anuas, ar feadh na h-oíche. Sceith an sruthán isteach ar an tsráid, agus isteach ins an teach. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan
Tá an lá indiu ins an gclaidhe aríst, ní ag ceasacht ar Dhia é. 'Chuile lá anois ag baint fearr a's barr dá chéile. Gabhfaidh an Díle thar an Domhan mara bhfuil ag Dia
Dhá dteigheadh an Díle thar an Domhan — sábhálaidh Dia sinn — bheadh teas an aithne in a thóin siúd ag dul amach! Ní choinneochaidh rud ar bith istigh é sin, nó go mbuailidh an donacht in éindigh é. An uair sin, feicfidh tú féin air, dá antlásaighe dá bhfuil sé ag an obair, go bhfanfaidh sé istigh.
Is síorruidhe an mhí bháistighe í. Tá forloch ins chuile áit. Má mhaireann dó ar an gcaoi seo tiocfaidh an Díle thar an Domhan. Ní fhaca mé a leithide de bháisteach ó bhliadhain an bhrosna
Tá a fhios agad go maith go mba deannachtach an ráig í, agus go raibh mé ag breathnú amach ar an turloch siúd agus na gasúir ag bualadh báire ann ar maidin. Trathnóna tháinic muintir Ch. anall thar an abhainn go dtí béal an doruis, ins an teach a raibh mé, imbád. Shíl mé go dtiocfadh an Díle thar an Domhan bhí sé cho dona … Síleann tú gur ag cumadh atá mé. Dar mo choinsias muis ní h-eadh. Sin í lom-chlár na fírinne duit, cho maith agus dhá gcloistheá amach ó bhéal an tsagairt é. Fiafruigh de J. Mc G. é, an chéad uair eile a thiocfas sé ar cuairt
Dheamhan aithdeal ná aithdeal ná cosamhlacht ar bith air. Tá ceann-faoi ar an lá ar fad. Má sheasann sí ar an táirm sin, gabhfaidh an Díle thar an Domhan ach grásta Dé. Is furasta aithinte. Bíonn an Aoine in aghaidh na seachtaine i gcomhnuí.
Dhá bhfeictheá an tuile ag eirghe ins an abhainn siúd agus ag sceith síos ar fud an bhaile mhóir agus tighthe dhá mbánú, déarfá leat fhéin go raibh an Díle ag dul thar an Domhan aríst. Ní thiubharfá samhail ar bith dhi ach é … Dar brigh an leabhair, bhí 'chuile dhuine ag imeacht as na tighthe, agus ag crapadh leo an méid a d'fhéad siad de'n troscán.
Cé'n chaint sin ort faoi'n Díle a dhul thar an Domhan. Ní ghabhfaidh an Díle thar an Domhan go deo aríst. Nar gheall Dia do Noa nach dtiocfadh. Sin é an fáth ar chuir sé an bogha báistighe ins an spéir. Cheal nar chuala tú ariamh é sin. Is mór nar chuala tú muis.
 
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleághadh air sin, sceach a raibh geis uirre thiar ingarrdha an Ch. a bhaint. Bhí na "daoine maithe" — diúltaigheamuide dhóib — fúithe. An uair a tharraing sé an tuagh, tháinic an guth go dtí é: "ná buail" adeir sé. Ach bhí S. cho dórainneach, cho dubhshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí 'chuile údragáil. Ó'n lá sin amach bhí an díleághadh air: leághadh chubhar na h-abhann ar a raibh aige. Dar fiadh bhí an fear sin deiseamhail, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá agus gur thosuigh an saoghal ag dul in aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nar báitheadh nó nar bascadh nó nar cailleadh. Ó a bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lugha faoi'n domhan, agus scaithtí ní call dóib tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le sean-bhó bhuidhe ins an deire. Chonnaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhó-san sin. Ba mhaith bocht an fear é indeireadh a shaoghail, agus beo bocht a bhí a chlann in a dhiaidh nó gur dhealuigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeacha an sceach dó. Ara bhí sé cho do-chomhairleach leis an saoghal. "A chomhairle féin do mhac dhanra" arsa tusa "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith, ar aon-chor, a dhul thar theasbánadh, agus fuair seisean an teasbánadh — go ndéanaidh Dia grásta air!
 
Fágfaidh an cogadh seo baintreachaí agus dílleachtaí ar fud an domhain go bhfóiridh an t-Athair Síorraí orainn a leainín (leainbhín)
 
Dheamhan dochtúr faoi sheacht ranna an domhain is dímheabhraighe ná é. Bhí sé chomh maith dhuit fear de'n bhaile a thabhairt ag breathnú ort leis.
 
ding
Ní ghnothóchadh an saoghal ar Shasana. Le teann imeartais agus gleacaidheacht' atá sí indon an domhan as éadan a choinneál géilleamhnach di féin. 'Ar ndú ní raibh oileáinín ná carraig dubhshlánach ar bith ar fud an domhain ar fad nach raibh fastuighthe aice. Tá a cuid geanntrachaí faoi sheacht ranna an domhain. Tá a shliocht uirre: ní bhainfeadh an Diabhal as a lúdrachaí í. Fuair sí cupla priocadh maith ins an gcogadh seo, ach má fuair féin thug sí a cuid beanna léithe in a dheidh sin. Is mór an feall nach bhfuair an Jap beag congnamh. Bhearnuigh sé go maith í. Ach tá faitíos orm nach raibh ann ach an rith searraigh in a dheidh sin
 
Dá mbreathn(uigh)theá grinn, cheapfá go mbeadh díogarnach bheag lae ann, ach sin é an méid. Ba díogarnach fhánach é. Chuir sé iongantas an domhain orm fear a fheiceál thuas annsin an tráth sin. Dar mo choinsias bhí roint bheag scátha do mo bhualadh, níl aon-mhaith dhom a dhéanamh ach an ceart. Ach d'aithin mé é ar an toirt agus ar labhair sé
+
díol 2
Níl aon-díol faoin domhan nar thug sí orainn, scáth gamhain a dhul isteach i ngarrdha fataí annsin thuas uirre. Má chuaidh féin, ní dhearna sé aon-fhoghail: cupla sracadh le colbh. Is féidir len a cuid-sise an baile a mhilleadh agus níl caint ar bith air. Má tharraingigheann tú anuas aice é, níl ann ach nach fiú puintín bioráin é. Is mó an éisteacht a bhíos ag daoine thar a chéile!
TUILLEADH (1) ▼
Diúltaigheamuid dóib sin. Ná tarraing orainn aríst iad, ó atá siad suaímnighthe. Shíl sé féin mise a mharbhú cheana le iarraidh chorrán, agus 'ar ndú' dheamhan díol faoi'n domhan nar thug an bhean orainn. Bhíodh sí annseo amuigh 'chuile lá agus stiúir uirre ag cur di. Ní thugadh muid áird ar bith uirre. Nach raibh sé cho maith dhuinn. An té a thiubharfadh áird uirre, dhéanfadh sí ceann cho dona léithe féin dó
 
Tá diomallú an domhain mhóir 'sa gcaoirfheoil sin idir chnámha agus gheir. B'fhearr punt amháin muicfheola ná trí phunt di, ach is rud í muicfheoil nach bhfuil aon-fháil uirre anois. Níl ná ar an teampall a bhfuil sí.
 
Bhí diomdha an domhain air má b'fhíor dó féin, nach bhfuair sé scéala faoi'n tsean-bhean, go dteagadh sé ar an tsochraide. Ach bhí sochraide dlighte dhó annseo cheana agus ba bheag an luadh a bhí aige a theacht ann. Dar príosta muise, ní ag amhdú an uilc é, ní thaobhóchaidh muid é má bhíonn an t-anshógh air fhéin
 
Níl aon-cheo faoi'n domhan nach bhfuightheá annseo. Go fiú agus an cam agus an díreach féin tá sé ann. Iarr é má thogruigheann tú!
 
A bhfuil d'arm faoin domhan ní dhíreochadh an reanglachán siúd. Tá sé crotach ó Dhia agus ó'n saoghal. Dhá leathchéad nachar mhór a chur siar faoi'n a mhuinéal i gcruth agus go gcuirfí dronn siar air as cosa i dtaca. Mara ndírigheadh sin é, bheadh sé fánach a bheith ag iarraidh é a dhíriú. Sílim go mb'fhearr é a fhágáil len a anshógh féin. Tá sé in a chamalóid ro-mhór len a dhíriú choidhchin
 
Tá dlighteanas mór amuigh ag Ameriocá ar Shasana ach measaim nach bhfuil aon-rún ag Sasana a íoc. Tá siad ag dul anonn agus anall leis an scéal ó bhí an cogadh ann (cogadh 1914) agus dhá chur ar an méir fhada i gcomhnuí. Sin páirt de ghleacuidheacht Shasana. Tá na fir is "smeartáilte" (smart) faoi'n domhan innte agus níl aon-mhaith d'aonduine a athrú a rádh
 
M'anam muise mara mbeadh mise le dhéanamh dobrónach ach a bhás sin, gur beag an dobrón a bheadh orm. Dheamhan ar mhiste liom dhá mbeadh a bhfuil de cheannphuirteachaí faoi'n domhain imighthe. Is beag an scéal iad sin: ag ollmhúchan scléipe agus achrainn agus diabhlaidheacht'
 
docht 2
Tá a geanntrachaí cho docht idtalamh ag Sasana sin agus nach féidir a bualadh. Níl indán buailte dó a mhic ó, nuair nach n-ionnsóchadh an Domhan fré chéile í
 
Bhí an mhuintir suas an-mholtanach air sin, nó gur phós sé an bhean seo. Sílim go bhfuil sí seo dórainneach go leor. Measaim é. Níl goir ag gamhain ná ag caora a dhul ar a gcuid sléibhe nach bhfuil madraí saghdtha ionnta agus iad ruaigthe idtigh deamhain. Agus bíonn sí dólámhach ag iarraidh ar an bhfear an sliabh a choisint. Roimhe seo ní chuirfeadh sé aon-araoid go deo ar bheithidheach a chasfaí ann, ach m'anam nach hé sin dó anois. Tá an-lear sléibhe aca annsiúd freisin: an domhan bráthach. Is beag a d'aireochaidís corr-bhearradh a leigean le Muintir L., nach bhfuil aca ach dhá spreab ar easca
+
Níl aon-rud faoi'n domhan is lughar liom ná doicheall mar sin. Teigheann an doicheall go smior adeir siad
TUILLEADH (1) ▼
Má tá doicheall aice leat, tá rud agadsa le déanamh: a dhul amach thairti agus do phort feadghaile thuas agad, mar a bhíodh ag B. Ph. Sh. 'chuile uair dá gcastaí an bhean leis, an t-am a raibh siad in árachaí a chéile. Diabhal focal bréige ann. Port cho croidheamhail agus a chuala tú ariamh. Dhá mbadh aon-bhean eile faoi'n domhan í, sciorrfadh na cosa uaithe ag damhsa leis
 
dóigh 3
Creid mé dhuit ann anois go mb'fhearr liom donacht ar bith eile faoi'n domhan a bheith orm an puínte seo de ló ná an t-anshógh atá orm. Ach deir siad an té a bhíos dhá bháthadh go mb'fhearr leis dhá dhóghadh. Sin é a fhearacht agamsa é, chreidim
 
Tá S. seo thíos an-dóigheamhail de'n domhan as an gcliobóig d'inghin sin aige. Ní iarrfaidh sí a dhul amach go deo ag cuartaidheacht! Ní thaobhóchadh sí damhsaí ar bhás an domhain! Maidir le fir, bhí sé cho maith duit fuath-fíonnach a shamhailt léithe le fir! Sin é ráidhte an athar. Ach aire dhuit a Sh! Níl sé seachtain fós ó a chonnaic mise istigh ins an raithneach annsin thiar í le fear! Bíonn ciúin cionntach, adeir siad
 
Ní thiubharfainn trumpa gan teanga ar dhóigheamhlacht an domhain fré chéile d'fhuireasbhaidh rud eicínt in a theannta. Ní breaghaichte a ghníos brachán ach min, adeir siad. Is beag an mhaith an dóigheamhlacht mara mbeidh rud agad.
 
Ab é an Domhnaillín de mhac sin aige a bhí ag cothú achrainn. Luirg an diabhail dó! Dhá bhfeicinn fear ar foghnamh ag iarraidh troda diabhal a n-abróchainn tada, ach dubhradáinín dona mar é siúd, agus go gcuirfeá do'n domhan Shoir de shéideoig é. Dhá leiginn amach an laogh beag sin a rugadh dhom arbhú indé diabhal mé go dtiubharfadh sé mian a chroidhe dhó — go dtiubharfadh sin
 
doras
Tháinic sé go doras, ach ní thiocfadh sé isteach ar bhás an domhain
+
drad
Níl sé ag déanamh a dhath faoi'n domhan ach ag imeacht i gcomhnaí agus a phíopa ina dhrad aige
TUILLEADH (1) ▼
Bhí tigh Sh. líonta go drad. Ní fhéadfá filleadh ná feacadh a dhéanamh ann. Is dóigh gur dhíol sé an domhan bráthach óil indiu. Bhí an-mhathsluagh ann
 
Thug sí cochall dó, agus bhí draoidheacht 'san gcochall. Cochall draoidheachta a bhí ann. Ní mba léar do dhuine ar bith faoi thalamh an domhain é, chó uain agus a choinneochadh sé an cochall air féin.
 
Nach dona na laoghantaí atá ag teacht ó'n tarbh sin thuas. Breathnuigh ar an laoighdín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidtreoireach an feithideach é. Ní sháróchaidh sé an Márta choidhchin mara bhfaghaidh sé an-aire de'n domhan
 
Eirigh as seo agus ná bí in do dhranndailín annsin ag gáiridhe agus ag sciotráighil gan údar faoi'n domhan. Agus a liachtaighe teach ins an tír a mbeitheá ar an gceird sin ann, a gcuirfí do dhrad síos in do phutógaí — agus gan peárail ar bith a ghlacadh leat faoi, ach oiread. Ní éadáil ar bith thú do'n áit a mbeidh tú
 
Tá an inghean ceart go leor, ach fan go bhfeistighidh an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuiridh sé dranndal an mhagaidh air féin. An uair a bhíos an stiúir sin air agus a theigheas sé ar mhagadh ceart splanncfadh sé aonduine faoi'n domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is biadh agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais de'n tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-iongnadh liom nach minic a marbhuigheadh é
 
Bíonn sé i gcomhnaí ar an drántán sin, mar dhóigh dhe gurb air féin atá anshógh an tsaoghail agus nach bhfuil tada déanta; ach th'éis sin, dheamhan duine faoi thalamh an domhain is soilgheasaighe ná is grádh diadhamhla ná é dhá mbeitheá in a chall
 
Níl samhail ar bith faoin domhain aige ach an dreólán teasbaigh
 
dris
'Sí Sasana an dris-chosáin. 'Deile. Go mbuailtear Sasana, ní fheicfidh tusa aon-lá suaímnis ar fud an domhain. An bhfaca tú aon-lá ariamh nach ag ollmhuchan scléipe a bheadh sí. Agus gheobhaidh sí na h-amadáin annsin ar fud an domhain len a tárrtháil an uair a bhéas sí i dteannta. Níl agad ach breathnú uirre. Cé na fir fabhairne atá aice indiu …
 
Cé'n chaoi a mbeadh a fhios agadsa go mbeadh bradáin in a luighe ar an átha? Bhuel innseochaidh mise sin duit agus cuirfidh mé geall go bhfuil an ceart agam. Má fhaireann tú iad feicfidh tú na bradáin ag cur driúillíní aníos … Dar a shon a bhfeicfeá na bradáin. Bíonn siad in a luighe ar an láib … ag comhnuighe thíos ar an láib. An uair a tharraingeas siad anáil, sin é an uair a chuireas siad aníos na driúillíní … Níl a fhios agam faoi'n domhain … b'fhéidir dhóib. Ní fhaca mise ariamh na driúillíní ach ar an tanuidheachan. Dá mbeidís in a sraith istigh faoi chloich d'fheicfeá na driúillíní freisin
+
droim
An len a dhruim atá sé dhá cur aníos. Má's eadh is meathta an obair í. B'fhearr liom rud ar bith faoi'n domhan a thabhairt liom ar mo dhruím ná feamainn
TUILLEADH (2) ▼
Mara bhfuil indán agus go bhféadfaidh na Gearmánaigh anois a gcur dhá ndruim le ínntreacht ar bith eile, tá faitíos orm go mbuailfidhear iad. Is suarach an t-íongnadh é agus a bhfuil d'amhuis ins an domhan in a n-éadan. Ní fhéadfadh tír amháin dhá fheabhas í a bheith inchinnte ar an domhan ar fad
Ní fhágfaí in aon-choláiste faoin domhan é, nach gcuirfí druim díbeartha air as, mara indán agus go gcasfaí i gcoláiste "bligeárds" é go díreach. Bheadh sé in a cheann feadhain annsin (druim díbeartha a chur air = é a dhíbirt, a ruaigeadh, a ionnarbadh, a chur chun bealaigh de'n bhuidheachas)
+
Níl sé ar dhromchlár an domhain indiu, an té is uilce ná é sin = ar uachtar nó ar dhromchladh na cruinne; faoi thalamh an domhain; le fáil
TUILLEADH (3) ▼
Dhá mbeadh sé in áit ar bith ar dhromchlár an domhain, nach scríobhfadh sé agam leis an fhad seo, ach leitir na scuan níor tháinig uaidh le h-ocht mbliana
Meastú an bhfuil sé ar dhromchlár an domhain indiu aon-fheithideach is measa croidhe ná é. Má tá muise, is iongantas é
Níl aon-tír ar dhromchlár an domhain is deiseamhla a d'fhéadfadh a bheith an puinte seo de ló ná an tír seo, marach a bhfuil d'fhaltanas againn fhéin dá chéile
 
dubh 1
Chinn sé dubh agus dubh orm aon-cheart a bhaint di, th'éis gur fhéach mé chuile chaoi léithe. Ach bhí sí an-dána den domhan
 
dubh- 5
Caracháinín dubh-thaghdach é, le araoid ar bith a chur air. Ní feasach mé san domhan brách tuige nach mbuaileann duine eicínt dual na druinne air.
 
Má ghníonn tú tada, tiúrfaidh mé an dubhscríb [in d]o dhiaidh, agus dá dteightheá go deireadh an domhain béarrfaidh mé ort
 
dúil
Dá dteagadh dúil ag duine ins an bpíopa aon-uair amháin, ní dhéanfadh na "fags" sin maith ar bith dhó. Corr-uair má bhímse d'fhuireasbhaidh tobac, tugann siad ceann aca dhom. Bhainfinn mo ghaisneas as, ach mo chreach mhaidne 'sé'n tsrathar in áit na diallaide é. B'fhearr liom aon-ghail amháin de'n phíopa ná a bhfuil faoi thalamh an domhain aca
 
dul
Well ar an gcéad-dul síos, ní bheadh an Ghearmáin coidhchin indon ag airgead Shasana, mara mbeadh ann ach sin. Nach ag Sasana atá ór an Domhain … Thug tú éitheach. 'Sé'n t-ór a ghnóthachas an cogadh. Ná h-innis domsa é!
 
Bhí an dearbhráthair in athchur an anama agus é féin ag dul síos agus suas annsin 'chuile lá, thar mhuintir an bhaile, agus ní chainteochadh sé air, ar bhás an domhain. Thug sé cead báis dhó le na chuid dúnáruis, ins an deire, gan dochtúr ná sagart a fháil. Bhí an phúcaidheacht chéadna air ag an gcuisle (coiste). Ní raibh smid le baint as le pionsúr, ach é ag mungailt faoin a fhiacla. Is maith a chuaidh sé as nach istigh faoi "mhurder" a bhí sé. Dhá mbeadh féin, ba bheag an scéal é. Chaith an sagart dhá uair in a éadan, ach má chaith féin sin é a raibh dhá bharr aige. Chinn air amhdachtáil ar bith a bhaint as.