Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

dóláis (4)

+
deacair 1
Mo sheacht ndeacair agus mo lom dóláis nár imigh mé nuair a bhí agam imeacht agus gan a bheith ag leadrán anseo
TUILLEADH (1) ▼
Mo dheacair agus mo lom dóláis nár bhain mé mo ghaisneas as thar is é a bheith diomalaithe anois, agus gan maith ar bith!
+
Ní sólás ar bith dhom an méid sin ach tuilleadh dóláis. Tuilleadh dóláis go bhfóire Dia orm!
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag déanamh dóláis ó d'imigh a chailín uaidh. Ach tiocfaidh sé as sin!