Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dóite
mo léan dóighte, mo chreach mhaidne dhóighte, mo léan dóighte deacrach agus rl. (rosc — leaganacha cainte)
·
"Mo chreach mhaidne agus mo léan dóighte, nach bhfuil mé cho h-óg agus a bhí mé ariamh; Go ndéanfainn aithgiorra thríd chnuic a's thríd bhóithrí, agus go gcuirfinn cóitín ar mo Nóra Bhán" (As amhrán — Inghean Frainc Confhaola)

dóite in iontrálacha eile (12)

 
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
 
Níorbh fhuláir don talamh múirín báistí a fháil anois. Tá sé dóite dhá uireasa
 
Níl sé leath cho franncuithe muise leis an athair dhá fhranncuithe dhá bhfuil sé. Sháruigh an t-athair loirgne dóite, sháruigh sin
 
Tá tornógaí franncach ar an Taobh Mín ó a thosuigh an cogadh seo. Deir siad nach bhfuil scolb ná tom anois ann nach bhfuil dóite aca. A Thiarna Dé b'ann a bhí máithreach na scoilb
 
fuil 1
Tá mé dóite bruite idir fhuil agus fheoil
 
fuar 2
Dhá gcloistheá ag uallfairt istigh ar an teallach é! Bhí mise ar an tsráid ó dheas agus mé ag éisteacht leis. "Níl mé indon te ná fuar a chaitheamh" adeireadh sé. Dóite ag ól a bhí sé 'ar ndó'
 
Fuar-sceird chríochnaithe í an roinn talúna sin thiar aige. Breaclach bhradach gan fascadh ná dídean. Ó diabhal fód ag gabhail léithi ach leic. Dhá gcuirtheá slat ar an tír déarfainn nach bhfuightheá aon-ghiodán eile is maolscreamhaí ná é sin. An bhfuil a fhios agad cén t-ainm a thugadh N. Th. go ndéanadh Dia grásta air uirri: garrantaí dóite na míola críonna. B'fhíor dhó
 
Ní raibh scéal na amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le deáchaint. Bhí sí sin aige agus neart di. "Má thugtar leasainm ormsa fhéin" adeireadh sé "ní poll dóite ar mo chóta é sin"
 
diabhal 2
Ná bac le diabhal ach sháraigh sé siúd loirgne dóite!
 
dona
Is measa thú ná a bhfaca mé ariamh; is tú is measa dhá bhfaca mé ariamh; is measa thú ná a dtiocfaidh agus ná a dtáinic; is measa thú ná "luirgní dóite"
 
dreach
Bhí dreach air (adhmad) mar atá ar an simléar sin anois. Shílfeá idtosach gur dóite a bheadh sé, ach níorbh ea = snua, cosúlacht
 
dubh 3
Dhá bhliain ó shoin tháinic stolladh amach an t-am seo bhliain agus dhubhaigh sé na sceacha. Bhí an fhlaisc thiar de chuile sceach dóite agus an taobh a bhí thoir di glas. Níor facthas a leithide ó a tháinic an chéad-fhear