Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deáchaint
1.
caint nó comhairle mhaith thairbheach.
·
Tá caint aige agus ní hí an deáchaint í = droch-chaint, gáirsiúlacht, nó gráiscínteacht a bhíos ar siúl aige. (Tá leagan den tsórt seo coitianta i gcaint agus an chiall bhunaidh le dea ann .i. go maith, no cráifeach)
Má tá caint aige ní deachaint í (caint ar fónamh). Bá mhinic len a chineál an droch-bhéal a bheith orra
2.
 an chiall is mó atá san gcaint leis anois: nathaíocht, flithmhagadh, a bheith indon sáiteán ar an sáiteán agus gob ar an ngob a thabhairt i gcúrsaí grinn; greann cainte.
+
Ní raibh scéal na amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le deáchaint. Bhí sí sin aige agus neart di. "Má thugtar leasainm ormsa fhéin" adeireadh sé "ní poll dóite ar mo chóta é sin"
Ní raibh aon-droch-shúil aige, ach an deáchaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-innseódh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan gangaide ar bith ann ach a bhfuil de dheáchaint aige. Deáchaint ar fad é
Ní iarrfadh sé go deó ach ar an deáchaint sin. Is biadh agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaghas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní h-ionann tréartha do chuile dhuine
Tá do dhá dhíol deáchainte uiliog agad. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag deáchaint leó, go bhfeice tú cá'id a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agad, deirimse leat!
Ní iarrfá choíchin ach deáchaint! 'Ar ndú' ba dual duit sin

Féach freisin