Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

caint (100+)

+
abair
Dhá mba é an Seoigheach a bheadh ag caint déarfainn fear maith leis, ach an scráibíneach sin — déarfainn go mba fear maith é
TUILLEADH (1) ▼
Deirimse go dtug P. Mh. Uí Fh. éitheach má chaith sé an chaint sin
 
Bhí sí ag caint mar a bheadh Dia dhá rá léithe
+
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
TUILLEADH (2) ▼
Bhíodh an-chaint ar dhaoine a dhul sna céadéaga fadó, ach ní chloisfeá caint ar bith anois air. 'Sé an chaoi a raibh siad an uair sin, ar an dá luath is a bhfeicfidís ualach ar bith ag teacht orthu, chuirfí na hordógaí orthu ar an bpointe. Ba é a scil ann é, ba é sin
Chuaigh do sheanathair — go ndéana Dia trócaire air! — sna céadéaga. Bhí siad ar hob a leagan amach nuair a tháinig mothú ann in athuair, agus ghlaoigh sé ar do sheanmháthair agus ar t'athair. Chaith sé caint eicínt leo. 'Gheobhaidh mé bás suaimhneach anois,' adeir sé. Thit sé siar agus níor fhan deoir ann níos mó
+
Tháinig dhá chroí dhom nuair a chuala mé ag caint thú — lúcháire
TUILLEADH (2) ▼
Níor dhúirt sé dhá fhocal cainte ar feadh na hoíche
"Dhá dtrian cainte ag lucht póite"
 
Nach beag an náire atá ar an seandádach sin a bhfuil clann iníon suas ina gcailíní óga aici, a bheith ag imeacht agus rachmall pósta uirthi aríst. Dheamhan maith ag caint
+
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
TUILLEADH (1) ▼
Ní raibh an ceann céanna ariamh gan an daidhce agus an stodam a bheith air. Is fadó cheana nach raibh sé ar siúl (ag troid). Sin é an suaimhneas is faide a chonaic mé é a dhéanamh ariamh. Ach b'fhurasta a aithinte dom an oíche cheana agus an chaint a bhí air, go mba ghearr uaidh (go dtosaíodh sé ag troid)
 
daigh
Tá faitíos orm an daigh sin a theagas air, gur ó chancer í. Tá cancer a mhic ó, ar leath do thíre. Níl inseacht ar bith ar a bhfuil ag fáil bháis leis anois, agus ní bhíodh caint ar bith fadó air
 
dáil
Bhí sé i ndáil le briste den obair, murach an chaoi a ndeachaigh mise chun cainte leis an mboss
+
dáimh
Dáimheannaí as éadan iad sin. Tá siad fite fuaite le chuile dhuine sa tír, de réir gaol is cleamhnais. Ní maith dhuit aon cheo a rá le aon duine os a gcomhair ar chaoi ar bith. Bíodh a fhios ag chuile dhuine cá mbeidh sé ag caint
TUILLEADH (2) ▼
Is dual dáimhe agus daoine di cúl a cainte a bheith léithe. Níor lig a máthair aon duine thairti ariamh gan sclamh a bhaint as
Níl aon mhaith dhuit a bheith ag caint mar sin. Níl gaol dáimhe ná dúchais ag an rud sin leis an scéal ar ball. Scéal ann féin é sin. Níl an government ná dream ar bith eile in ann tada a dhéanamh faoi sin, nó go ndéana na daoine fhéin é
 
Tá tú ag caint go daingean anois — diongbháilte, cinnte, teann; ar bhealach a dtabharfá lena inseacht go raibh fút an rud a bhí tú a rá a dhéanamh, nó go ndéanfá maith de do rún
+
dairt
Tá caint an-chrua i scéal atá ag M. C. Níl in Argóinteacht Oisín agus Phádraig ach caitheamh dairteachaí lena ais. Ní thuigfeá cuid den chaint siúd beag ná mór. Seanliagáistí móra atá ag an gC.
TUILLEADH (1) ▼
Bhí sé thíos anseo thíos oíche aonaigh agus braon maith sa gcoirice aige. Má bhí féin bhealaigh sé an teanga aige. Bhí ruibh na cainte ceart air. D'ionsaigh sé an fear thíos faoi nach raibh sé ag pósadh. 'Tá gabháltas maith go leor agat,' adeir sé, 'ach is gearr go mbí sé ina stopóig ort cheal a shaothraithe. Breá nach bpósann tú agus gan a bheith in do phlíoma ansin, isteach is amach ag cothú an dá splainc sin. Gheofá bean dhá mbeadh sé de ghus ionat fhéin í a iarraidh.' Níor labhair sé ar a inín féin, ach is ag baint dairteachaí aige sin a bhí sé. Bheadh sí le fáil ag an bhfear thíos ach a hiarraidh. Is beag nár thiomain sé air í. Ach ar ndóigh mo léan ní chorródh canta gelignite an fear thíos as an gcúinne
 
dall 2
Ní raibh aon ghair agamsa tada a rá. Bhí mise dall críochnaithe ar an scéal. Ní raibh a fhios agam ó fhlaithis Dé cé faoi a raibh sé ag caint
 
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rudaí mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá ligean isteach i gcluais, agus amach sa gcluais eile. Sin é an chaoi a bhfuil siad
 
Déanfaidh sé damáiste lena chuid cainte, déanfaidh sin
+
Damnú síoraí air agaibh mar phósadh, caithigí suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
TUILLEADH (2) ▼
Dhamhnódh an ceann céanna thú le caint agus cabaireacht. Dheamhan iamh a theagas ar a béal ó mhaidin go faoithin ach ina claibín muilinn mar sin ag síor-rá léithe. Ach cá bhfágfadh sí é ach an oiread le scéal
Lig dhó fhéineacht ar fad agus ná tarraing ort chor ar bith é! Má thugann sé aghaidh a bhéil orainn damnóidh sé muid. Tá ruibh na cainte ceart air anocht
+
dán
Sin í an chaint atá ag luí le dán — dhá mbeadh amhrán nó píosa filíochta ann agus truailliú i gcuid den chaint, gan an rannaíocht a bheith ag luí le chéile, agus dhá dtugtaí leagan eile air i riocht is go mbeadh an rannaíocht nó an chiall cheart ann, déarfaí an rud sin; nó má chuirtear focla isteach in amhrán, i scéal nó eile a theagas salach ar bhíthin an scéil, nó má thugtar údar contráilte faoi scéal nó amhrán nó seanfhocal nó a leithide sa gcaoi nach mbeidh an chaint ná an chiall ag luí ceart le chéile, ní bhíonn sin ag luí le dán ach oiread
TUILLEADH (9) ▼
Níl cuid den amhrán sin ceart agat. Níl an chaint ag luí le dán — ag luí le chéile ar chuma eicínt. D'aithneoinnse ar an bpointe nuair a bheadh amhrán ag luí le chéile
Ní mheasaim go bhfuil an chaint sin ag teacht le dán chor ar bith. Nár dhúirt tú cheana gur báitheadh é. Má báitheadh cén chaoi a bhféadfadh sé a dhul isteach i dteach an scolóig … ó tuigim anois thú. An darna mac a báitheadh. Huga leat
Siúd é a mbeidh a chuid cainte ag teacht le dán. Nach é atá in ann an craiceann a chur ar scéal!
Níl aon mhaith dhuit ag caint. Feiceann tú féin nach bhfuil bualadh an ghráinne eorna ar dhánta na talúna. Cá'il sé. An bhfeiceann tú an spleodar a chuir sé (poitín) sa seanduine sin thiar: nuair a bhí aige a bheith ag cur brat na scaball (taiséadaigh) faoi réir dhó féin, gur bhuail sé amach ag iarraidh mná. Céard eile atá in ann é sin a dhéanamh fiafraím díot
Sílim féin gur bunscéal é i ndán (/ɛ̄ ɴān/) sin. Níl i ndán ar bith ann ach go gcaithfidh daoine a bheith ag caint
'Sé an chaoi a bhfuil an scéal sin má éiríonn rud duit le do chiontsiocair nó le do chionfaillí féin, ní raibh ann ach go raibh sé i ndán duit. Sin caint ar sraith adéarfainnse. Chonaic mé lao le T. Mh. anseo thuas dhá chailleadh le buinneach anuraidh. Ón lá ar bhuail sí é, go dtí an lá ar thug sí léithe é, dheamhan thiomanta purgóid ná buidéal a thug an fear sin don lao sin, ná go fiú is a chur ar mhalrait féir ní dhéanfadh sé. Bhí mé féin agus é féin ansin thuas chois an chlaí ag breathnú air ag fáil bháis. 'Ní raibh aon dán éirí dhó,' adeir sé. 'Séard a bhí le déanamh leat,' adeirimse, 'chúig bhliana príosúin a dhul ort'
Má tá i ndán is go bhfeicfidh mise thú ag caint le ceachtar acu sin, tabharfaidh mé dual na droinne dhuit
Má bhí i ndán is go raibh sé le pósadh, breá nár phós sé, agus gan a dhul ag tarraingt slí chainte air féin agus gan a fhios sa diabhal cén fáth
Má tá i ndán is gur chuir sé bréag den tsórt sin ar ghearrchaile gnaíúil ar bith, ní raibh mion mullóg dhe a fhágáil i ndiaidh a chéile. Rómhaith a bheadh sé aige, ná ag duine ar bith eile a chaithfeadh a leithide de chaint
+
danra
An bhfaca tú aon fhear ariamh is danra ná é ar thada a rá leis. Bhí mé lá thiar in éindí leis i gC. Ch. Bhí an oíche ag teacht orainn agus muid i bhfad ó bhaile. Níor tháinig iamh ar a bhéal i gcaitheamh an lae ach ag caint ar a dhul abhaile nó gur tháinig an tráth le n-imeacht. Ansin níor fhan smid ar bith aige faoi. Nuair a chonaic mé féin dhá ligean rófhada é sa deireadh, d'iarr mé air a theacht. Spréach sé. Shílfeá gur mó dhá fhonn a bhí air a dhul do mo lascadh féin. Ní raibh gair agam an baile a shamhlú leis gur tháinig sé dhá thoil deona féin sa deireadh
TUILLEADH (1) ▼
Bail ó Dhia ort féin agus ar do chuid feamainne! Chaith mé dhá eadarshuth ag tuineadh leis ó mhaidin ag iarraidh é a thiomáilt (thiomáint) síos 'na chladaigh thar is a chuid feamainne a bheith sciobtha ag an tír. Ach bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le dris le bheith ag caint leis. Ní chorródh geanntrachaí (uatha — ding) as siúd é
 
daoire
Tá an chaint sin ceart go leor. Bhí earra ar bith a bheifeá a cheannacht ar a dhaoirse le linn an chogaidh cheana. Ach níor thaise don rud a bheifeá a dhíol é. Bhí lán laidhre ar ghamhainín, ar mhuic, ar chaora agus ar chuile shórt ní. Breathnaigh ar na haontaí anois. Dheamhan ar fiafraíodh dhíom cá raibh mé ag dul le trí aonach. Tá láimh na dó ceart go leor, ach ní fheicim cá'il láimh na tarrthála
+
daol
Daol drochmhúineadh agus neart maistínteachta atá anois uirthi. Déarfá nach mbeadh sé éasca í sin a bhearradh ar ala na huaire! Ach míneoidh sí síos ar ball agus féadfaidh tú caint a chur uirthi má tá aon spéis agat inti
TUILLEADH (1) ▼
Cén sórt daol a theangmhaigh léi agus a theacht ar cuairt anseo thuas inniu. Níor facthas cheana ann í le saol is aimsir. Dúirt sí liom féin dhá bhliain go ham seo — lá a raibh mé ag caint léi i dteach an phosta — dheamhan a cois ná a cnáimh a thaobhódh iad an dá lá agus a bheadh sí beo aríst
 
daor 1
Ba daor an dá fhocal cainte air iad. Múinfidh sin é greim a choinneáil ar a theanga aríst. Is cóir adeir siad, gur ar adharca a bheirtear ar na ba agus ar theanga ar na daoine
 
Níl T. daorbhasctha chor ar bith murach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaití agus nach gcuimhníonn sé a dhul ag a ghnaithe chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí i ngarraí agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gortghlanadh ansin thuas anuraidh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnaigh sé an garraí ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh, níorbh fhearrde an gort é ar aon chor. Loic a raibh ann
+
de
Feoil ar maidin agus feoil tráthnóna agus feoil in am dinnéir! Diabhal mé gur shíl mé ar an gcaoi a raibh sí ag caint, gur stiallógaí feola a bhí de dhíon ar an teach aici!
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an iomarca den chaint aici. Sin é a d'fhága réidh í
Má tá sé le dhul chuig an aonach, dheamhan a gcloisim de chaint aige air anois — ní bhíonn sé ag caint air anois
Dhá mhéad cainte dhá bhfuil aige (atá, a bhíos freisin; ach is minicí a chuirtear isteach an de .i. in athuair) is gearr le dhul é
+
Tá caint aige agus ní hí an dea-chaint í — droch-chaint, gáirsiúlacht, nó gráiscínteacht a bhíos ar siúl aige. Tá leagan den tsórt seo coitianta i gcaint agus an chiall bhunaidh le dea- ann .i. go maith, nó cráifeach.
TUILLEADH (7) ▼
Má tá caint aige ní dea-chaint í (caint ar fónamh). Ba mhinic lena chineál an drochbhéal a bheith orthu
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
Ní raibh aon drochshúil aige, ach an dea-chaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-inseodh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
Dheamhan gangaide ar bith ann ach a bhfuil de dhea-chaint aige. Dea-chaint ar fad é
Ní iarrfadh sé go deo ach ar an dea-chaint sin. Is bia agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaigheas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní hionann tréathra do chuile dhuine
Tá do dhá dhíol dea-chainte uileag agat. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag dea-chaint leo, go bhfeice tú cáid a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agat, deirimse leat!
Ní iarrfá choíchin ach dea-chaint! Ar ndóigh ba dual duit sin
+
Bhíodh ar an daoine deachmaí a íoc roimhe seo, ach ní fhaca mise ariamh iad. Ní raibh mé beirthe ná go ceann dhá fhichead bliain ina dhiaidh. Ní mó ná m'athair — go ndéana Dia maith air — a chonaic iad. É sin féin, ba tanaí é déarfainn. Ach chuala mé seandaoine ag caint orthu. Tá sé na cianta cairbreacha ó bhí na deachmaí sin ann — nach bhfuil?
TUILLEADH (4) ▼
Chuala mé caint orthu — na deachmaí atá tú ag rá. Bhí a leithidí ann a mhaisce. Deir siad nár híocadh iad sin ariamh gan ár agus fuil. Don teampall gallda a bhí siad ag dul. Chloisinn S. Mh. A. ag cur síos air fadó, gur chuala sé ag a sheanathair go raibh siad dhá gcruinneáil thiar anseo uair ar Dhúiche an Ch. Bhí póilíos ann ar chuma ar bith, agus rún acu a mbaint amach den bhuíochas. Chruinnigh tír is talamh ann, le pící, le corráin nó arm ar bith ba túisce acu. Chuala an sagart a bhí anseo thiar é. Níl a fhios agam cén sagart a bhí ann san am. Bhuel tháinig sé aniar ar chuma ar bith. Chuaigh sé chun cainte lena póilíos agus lena báillí. Murach go ndearna sé eadarascán an lá sin bheadh cuimhne air. Bhí muintir na háite líofa ceart ag achrann. Dheamhan a fhios agam féin ar mhaith siad na deachmaí dhóibh nó nár mhaith, ach níor tógadh aon deachma an lá sin. Ní mheasaim gur tógadh ná níos mó, ach leisce na bréige níl a fhios agam ar tógadh nó is nár tógadh … Tá sin céad bliain go láidir. Ara tá agus i bhfad lena chois. Bheadh sé sé scóir nó seacht scóir blianta ó bhí seanathair Sh. Mh. A. ina mhaith — dhá mbeadh sé taobh leis
Tá na heascannaí locha agus na heascannaí srutháin an-cheart le n-ithe. 'Siad an bheatha is blasta iad a chaith tú ariamh dá mbeirteá sa gcochall orthu, uair ar bith uait amach anois. Níl cinneadh go deo leo a mhic ó. Ach na lúbógaí eile sin. Ní fiú do sheacht mallacht iad. Ní raibh le déanamh agat leo sin ach a dtabhairt don deachma. Bheadh consaeit (conceit: col) agam féin leo ar fad. Bheadh, bíodh a fhios agat, agus le concar. Ní raibh aon ghnaoi agam orthu ariamh nuair a d'fheicfinn ag teacht isteach marbh den charraig iad. Murach leisce a bheith ag baint chainte amach, séard a dhéanfainn leo a gcaitheamh amach aríst ar an tsráid. Is mór an úis (uais) iad
Bíonn fuasaoid mhór uirthi ar an aimsir seo: scoilteachaí, coiliceam, altraid chroí, agus cá'il an t-anó nach mbíonn uirthi. Ach caithfidh chuile dhuine deachma na sláinte a íoc. Deirimse leatsa dhá mba í an Inid a bheadh ann agus caint ar chorrstarróg a beith ag corraí, go mba bheag an éagaoineadh a bheadh uirthi, ach í ina suí suas ansiúd agus gob uirthi féint a gcloisfeadh sí aon chlascairt ag teacht ag iarraidh na hiníne. Sin í an ceann céanna — hé brí céard a bheas uirthi — nach ligfidh aon lúib síos ina gnaithí
Is breá an scéal atá agat: go gcaithfear deachma na sláinte a íoc. Ach ní sásamh mór é sin domsa atá ar chúl mo chinn ansin thiar le coicís, agus mo chuid coirce scrúdaithe cheal a bhainte. Dá mbuaileadh sí mé uair ar bith eile sa mbliain, ach ní bhuailfeadh, ach go míthráthúil an uair is mó an chruóg. Diabhal mé go sílfeá gur haisteach an tráth de bhliain ag duine slaghdán a tholgadh: i mbrollach an fhómhair. Seo é anois an slaghdán caorach a raibh bean Chonamara ag caint air. Nár ba é amháin dó ar chuma ar bith! Cuirim leis í agus ní hí an óige í. Tá mé siar le obair mo bhliana i ngeall air
 
D'íosfadh sé le gearblacht mar sin thú, agus shílfeá go mbeadh sé dháiríre. Ní fhaca tú aon duine ariamh a bhfuil cúl a chainte leis mar atá leis. Ach dhá dteagtá ina lín nó dhá n-iarrfá aon cheo air, dheamhan duine in Éirinn is soilíosaí ná é. Théis chomh hamscaí agus atá sé, tá dea-chroí aige ina dhiaidh sin.
 
dealbh 2
Ní dhéanann sé ní dhár dhealbh an ghrian anois, ach gróigthe ar an sconsa beag údaí, ag cur cara chainte ar an bhfear anoir agus ar an bhfear aniar. Go deimhin is go dearfa, is aige atá saol an duine uasail
+
dealg
Is gangaidí é an dealg múnlaigh ná dealg ar bith eile dá bhfuil amuigh agus tá sé mar sin le focal an amadáin. Chonaic tú leathleadhb go minic nach mbeadh éirim ar bith ina chuid cainte, ach chuile dhuine ag magadh faoi. Bhí sé ansin thiar ag P. M. Sin é a bhí in ann an gob géar a thabhairt uaidh nuair a thogródh sé é. Ar chuala tú ariamh céard adúirt sé le P. G. …
TUILLEADH (2) ▼
Ba dealg sa mbeo ionam an chaint a chaith sí (fc. tairne)
Bhí sé ag caint leis go sladarúsach agus a dhealg sáite ann ag iarraidh a chur dá chois a dhealg sáite ann: é ina éadan; greim docht aige air i riocht is nach mbeadh aon ghair aige imeacht uaidh; é ag déanamh uisce faoi thalamh air; é i dteannta aige, agus gan é de rún aige an ceann eile a ligean uaidh go ndéanfadh sé an feall air
 
deamhan 1
Dheamhan gar (maith) a bheith ag caint! Má rinne sé sin anois d'imigh an diabhal croite air
+
déan 1
Bhuailfeása S. B. b'fhéidir! Dhéanfá rud go deimhin! Dhéanfá caint!
TUILLEADH (4) ▼
Níl cinneadh ar bith lena ndéanfaidh sé de chaint má ligeann tú leis
Rinne sé caint mo léan!
Ná déan níos mó cainte anois. Tá fuílleach ráite agat
Ní mian leis gan an chaint a dhéanamh uilig é féin
 
Déan maith de do ghealladh; déan maith de do chuid cainte — an rud a gheall tú, déan é
 
Lá de na laethanta deannachtacha sin i dtús an Aibreáin a bhí ann: laethantaí na seanbhó. Bhí mé ag fódú súileog fhataí i ngarraí Mh. G. Ar éigean saoil a bhí mé in ann seasamh ar an iomaire idir dhá ráig. Shantaigh mé míle uair a dhul abhaile, ach déarfainn liom féin aríst nuair a d'fheicfinn fáfall beag triomaigh aige, go mbaininn scaitheamh eile amach. Tháinig P. anuas an bóithrín agus chuir sé cara chainte orm. 'Cá'il tú ag dul,' adeirim féin. 'Síos ar snámh,' adeir sé. Shíl mé féin gur ag déanamh grinn a bhí sé, gur chuala mé aríst ag dream a bhí síos ag an gcladach nárbh ea. Ní raibh sé seachtain ón lá sin go raibh sé i mBéal Átha na Sluaighe (sa ngealtlann)
+
deara
Dar príosta bhí mise scaitheamh fada ag caint leis, ach níor thug mé na cnaipí faoi ndeara. Ach níl rath ná ríocht liom mar sin. Ní duine meabhrach mé
TUILLEADH (2) ▼
Is gránna an chaint atá ort. Má thugann tú faoi deara dhuit féin a bheith ag rá cainteannaí gránna mar sin, greamóidh siad duit agus cinnfidh ort éirí astu amach anseo. Déanfaidh tú do leas, má ghníonn tú aithrist ar chlann T. Sh.!
Thug sé faoi deara dhó féin a bheith ag caitheamh feaigs thuas ar an scím (móna) anuraidh, agus tá sé ag réabadh dhá n-iarraidh ó shin. An lá nach mbeidh siad aige, bíonn súnás ag imeacht air. Ní bhíonn focal den chaint uaidh
 
dearfa
Go dearfa rinne! Nach bhfaca mé dhá dhéanamh é. Cén chaint sin ort?
 
dearg 2
Deargadh ón eitinn é sin. Chuala tú caint ar luisne na heitinne
 
Sin é anois siar an bodach is deartháir don fhear a raibh tú ag caint faoi ar ball
 
Thógfadh sé siúd lúib ar stoca chomh maith le aon bhean sa tír. Ní deaslámhach go dtí é a mhic ó. Bhí sé ag déanamh gaisce anseo thoir anuraidh gurb é féin a chniotáil chuile phéire stocaí dhár chaith sé le cúig bhliana agus dheamhan easna de M. B., mar tá cúl a chainte leis, nár thug piteoig air!
 
deifir
Deifir ag an deamhan ort! (deifir as ort! srl.). Breá nach ndéanann tú deifir mar sin agus gan a bheith ag caint fúithi
+
deil 2
Nach é atá in ann a deil. "'B'éigean dom foireann nua a fháil do na scorachaí. Bhí siad ag stróiceadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar a bhí siad.' 'Tá sé chomh maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann,' adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta, nach é atá in ann an aithris a dhéanamh uirthi! An chaint chéanna agus na goití ceannann céanna, chomh maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár is chuinneoig
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart agat focal cainte a rá os a choinne nach mbeidh sé ag aithrist ort. 'Sé atá deas air freisin. Ba aige siúd a bheadh an ghnaithe sna drámaí agus ní ag an dream a bhíos iontu. Dar fiagaí dhá mbeadh caint ar leithide Mh. Mh. in aon dráma bheadh sé in ann a dheil ar chaoi ar bith … Nathaíodóirí a bhí sna Coilm sin fréna chéile. Ba bia agus ba beatha leo a bheith ar an gceird sin
+
Sin é an deilín atá aige ó mhaidin go faoithin: ag caint ar a bholg
TUILLEADH (7) ▼
Sin anois deilín maith cainte
Is breá uaidh deilín cainte a dhéanamh. Ach cá bhfágfadh sé é. Bhí ruibh na cainte ar a athair féin go ndéana Dia grásta air
Fág an chaint ag an té atá in ann a déanta. Ar ndóigh ní deilín cainte a d'fhéadfása a dhéanamh
Bhí deilín cainte ar bharr mo ghoib agam, ach níor thug sé traíáil dhom a dhéanamh. D'áitigh air é féin.
Siúd í atá in ann an deilín cainte a chur amach dá croí. Caint a mbeidh craiceann ceart uirthi. Má tá easpa uirthi, ní easpa fios a labhartha é. Ní dhá changailt ná dhá chomhchangailt a bhíos sí
Go gcuire Dia an t-ádh ort! Ar ndóigh ní deilín cainte atá sé sin in ann a dhéanamh i láthair turnae. Fear nach mbeidh ar aon scéal amháin anois agus faoi cheann chúig nóiméad aríst, séard atá aige a dhéanamh a bhéal a choinneáil ar a chéile. Ní bhfaighfear aon bhrabach air ansin
Rinne sé deilín breá cainte dhá mbeadh an cur leis ann, ach sin rud nach bhfuil ann, agus nach mbeidh.
+
Go deimhin dhuit tá caint aige
TUILLEADH (2) ▼
Dhéanfadh sé rud go deimhin! Níl aon chíos ar an gcaint ar ndóigh!
Deimhin is deas an chaint atá ort!
+
Thug sé coicín féir do Sh. anuraidh agus rinne sé an oiread cainte dhá mhaíochtáil air agus dhá mba chruach óir a bheadh ann, théis gurb ar thalamh S. féin a bhain sé é. Déirce dhá chuid féin don amadán ar ndóigh. Tá sé ag baint bearaíocha de Sh. Cáid an talamh sin aige anois gan pínn gan bonn?
TUILLEADH (1) ▼
Go bhfóire Dia ar do cheann a ghiolla sin. Má bhíonn tú i gcleithiúnas na bolóige siúd, 'sé an déirce tada a fháil uaidh. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bheifeá dhá iarraidh air, dhéanfadh sé an oiread sin cainte faoi
+
Ag caint ar phúcaí chuile ré solais. Nár chónaí sé go mbeire sé ar dheireadh ort!
TUILLEADH (3) ▼
Ní theagadh iamh air le mo chuimhne ach ag caint ar an mbás, agus chreidim an rud a bhíos dhá shíorlua go dteagann sé isteach sa deireadh. Tá sé féin imithe anois, an duine bocht!
Deir tú leis a thosaigh ag caint liom faoi dheireadh
Rinne sibh an claí faoi dheireadh, théis chomh fada agus a bhí sibh ag caint air