Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dea-chaint
1.
 caint nó comhairle mhaith thairbheach.
·
Tá caint aige agus ní hí an dea-chaint í — droch-chaint, gáirsiúlacht, nó gráiscínteacht a bhíos ar siúl aige. Tá leagan den tsórt seo coitianta i gcaint agus an chiall bhunaidh le dea- ann .i. go maith, nó cráifeach.
Má tá caint aige ní dea-chaint í (caint ar fónamh). Ba mhinic lena chineál an drochbhéal a bheith orthu
2.
nathaíocht, flithmhagadh, a bheith in ann sáiteán ar an sáiteán agus gob ar an ngob a thabhairt i gcúrsaí grinn; greann cainte (an chiall is mó atá sa gcaint leis anois)
+
Ní raibh scéal ná amhrán ag P. Mh. ach chabálfadh sé thú le dea-chaint. Bhí sí sin aige agus neart di. 'Má thugtar leasainm ormsa fhéin,' adeireadh sé, 'ní poll dóite ar mo chóta é sin'
Ní raibh aon drochshúil aige, ach an dea-chaint a bhí aige. M'anam dhá mbeadh sé ag caint le S. thíos go n-inseodh sé dhó cé hé fhéin gan frapa gan taca. Mo chreach mhaidne is air nach mbeadh an mhoill
TUILLEADH (4) ▼
Dheamhan gangaide ar bith ann ach a bhfuil de dhea-chaint aige. Dea-chaint ar fad é
Ní iarrfadh sé go deo ach ar an dea-chaint sin. Is bia agus beatha leis í, hé brí cén sásamh a fhaigheas sé aisti. Ach sin é an chaoi. Ní hionann tréathra do chuile dhuine
Tá do dhá dhíol dea-chainte uileag agat. Breá nach bhfanann tú thoir ar do bhaile fhéin agus a dhul ag dea-chaint leo, go bhfeice tú cáid a éistfear leat. Ba ghearr go mbeadh rud ar a shon agat, deirimse leat!
Ní iarrfá choíchin ach dea-chaint! Ar ndóigh ba dual duit sin

Féach freisin