Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
drandal
ainmfhocal, fireann
iolra: drandail
1.
"an drandal atá ar an bhfeoil dearg atá timpeall ar na fiacla" (Béal Beo).
+
Níl fiacail in mo dhrandal — níl fiacail ag gabháil liom; níl fiacail in mo charbad
"A Pheadair, pioc an gandal; Dheamhan a bpiocfaidh Peadar é: níl fiacail ina dhrandal" (Rann as amhrán páistí)
TUILLEADH (5) ▼
Cé a d'fhéadfadh píopa a choinneáil ina bhéal. An seanduine úd! Ar ndóigh dheamhan fiacail ina dhrandal le píopa a choinneáil fostaithe
An bhfaca tú P. ariamh agus é ag caitheamh píopa. D'fheicfeá dhá logán isteach ina ghruannaí ar chaon taobh nuair a tharraingeodh sé gail. 'Sé an fáth é sin an áit nach bhfuil fiacail ina dhrandal
Fuair tú amach an té a bheadh in ann cnónnaí a bhriseadh — fear nach bhfuil fiacail ina dhrandal
D'fhága mé an ceann deiridh acu istigh i nG. inniu. Shaothraigh mise é aici sin le daitheachaí le seachtain. Bhí mé den tsaol aici nó go ndeachaigh mé isteach inniu lena tarraingt. Níl fiacail in mo dhrandal anois
Cén! Níl mise in ann ceart ar bith a bhaint den rud crua sin agus screamhóg air. Nach bhfuil a fhios agat nach bhfuil fiacail in mo dhrandal le na blianta
+
Dheamhan ceo ar bith atá sé siúd in ann a changailt. Níl fiacail ag gabháil leis. Níl ná an drandal féin
Ní sna fiacla atá na daitheachaí chor ar bith orm, ach isteach sa drandal. Ina driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadrom i dtosach ach tagann an t-ardú ansin mar a bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon ní faoin saol in ann fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneáil in mo bhéal chomh fada in Éirinn agus atá mé in ann fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhraíonn sé roinnt í mar sin féin
TUILLEADH (3) ▼
Ní airím na drandail ar fónamh chor ar bith ar an saol seo
Ní beatha mhaith don drandal iad sin. D'íosfainn iad murach amháin: faoi cheann chúig nóiméad, bheinn ag screadach ar fud an tí le daitheachaí. Sin é mo ghráin ar sweets
Deir an dochtúr go bhfuil na drandail go maith agam, ach go bhfuil na fiacla lofa ina dhiaidh sin. Is mór an sásamh dhom é sin — nach mór
+
An bhfeiceann tú an t-úrbhéal a bhíos air. Is gránna é a dhrandal, ní dhá roinnt leis é
Níl rud ar bith sa saol is míshlachtmhaire ná an drandal a bheith le feiceáil mar sin agus thú ag gáirí. Is minic a chuir mé aithne ort gan do bhéal a oscailt chomh mór sin nuair a theagas fonn gáirí ort … ní hionann bean is fear. Is iomaí rud a fhéadfas fear a dhéanamh nach mbeadh cuibhiúil ag bean
TUILLEADH (1) ▼
Is mór an míshlacht uirthi an drandal siúd a bheith leis aici chuile uair dhá n-osclóidh sí a clab le dhul ag gáirí. Úrbhéal uileag í
+
Nocht sé a dhrandal — madadh agus colg air, agus é ag drannadh le dhul ag troid
Nocht mo ghadharsa an drandal. Níor thaise leis an mbrocairín é. Bhí an péire ansin ar aghaidh a chéile agus iad ag drantán, ach théis gur shaighid muid iad, dheamhan a n-ionsóidís a chéile ina dhiaidh sin. Dheamhan loiceadh ar bith a bhí ag an mbrocairín uaidh. M'anam gurb é an cliobaire mór sin agamsa nach raibh rólíofa ag an troid
TUILLEADH (4) ▼
Tá an madadh sin aige diabhlaí oilbhéasach. Fhóbair dó breith orm ansin thuas aréir agus mé ag dul anuas leis an gcapall. Dar brí an leabhair, gheobhadh sé an dara hairt murach go raibh mise i dteannta ag an gcapall. Ní ghabhfaidh mé amach feasta d'uireasa mo mhaide. Tá cois fuipe agam, agus diabhal a mbeadh basctha di. Ar an dá luath is a nochtfaidh sé an drandal, tabharfaidh mise mo sheansnaidhm de mhullach cois na fuipe isteach ar na fiacla dhó. Dhá mbeadh drad madra alla air, dhonódh an iarraidh sin é
Níl a fhios agam ó mo rí cén teach é — ach teach mór é ar aon chor. Tá geata leis agus é uileag faoi phictiúir madraí gearrtha as an gcloich. Agus ní móide go gcreidfeá an rud adéarfas mé leat anois: níl madadh ar a fhuaid nach bhfuil an drandal nochta aige!
Beannacht Dé dhuit! Ab é Baile an Ch. Deir tú liom go bhfuil an-phreabáin talúna ann. Níl ceo dhár dhealbh an ghrian ann, a stór — ceo ar bith — ach feidhealanna madraí — agus na drandail nochta acu, ag forcamhás ar fháiteall eicínt a streachlóidís thrí dhriseachaí an bhaile
Bhí beithíoch istigh ann ar dhéanamh cait. B'áibhéalta an beithíoch é i gcosúlacht. Bhí sé cuibhrithe istigh ansiúd i mbosca. Murach go raibh; dhéanfadh sé mísc. Chuaigh mé féin suas go dtí an bosca agus chuir mé banlámh de mo theanga amach faoi. Dhá bhfeictheá an drantán a tháinig air, agus nocht sé a dhrandal agus thosaigh sé ag stealladh smugairlí mar a bheadh easóg ann. Dar príosta is beag a thaitneodh liom a bheith in aon pháirc leis dá mbeadh cead a choise aige … Bíodh a fhios agat gurb é an beithíoch is mó é dá dtug mé suntas ansiúd dó, ainneoin a raibh acu ann
·
Má nochtann an sceanadóir siúd a dhrandal, beidh gnaithe do do dhícheall agat lena theacht uaidh. Tá sé an-fhrancaithe. Úll na haithne ceart!
Níl aonach ar bith nach mbíonn sé ag imeacht agus a dhrandailín nochta aige ag iarraidh achrainn. Siúite agus achrann a bhuac sin. Sháraigh sé a bhfaca mise ariamh
·
Dhá dtiteadh an drandal aisti anois d'uireasa duilisc thuas ansiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaí ag duileasc, teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos ansin thíos. Is beag a bheadh ar a (ár) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá drandal sise. A dhul ag fágáilt a (ár) gcuid móna ansin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
·
Siúd é a bhfuil an drandal aige a mhic ó le dhul in éadan feola. Chomh luath agus a gheobhas sé a boladh, teagann díocas ar an drad aige le teann dúil inti. Ní fhaca mé fear a bharrtha ariamh ag an mbord. Ní fhaca ná aon duine eile
Níl aon fhear dhá bhfuil a dhrandal siúd aige nach fiú(mh) ór dó é. Streachlódh sé mart ó chéile. Is geall le fú fá féasóg fadó é
2.
a.
+
Tá drandal an mhagaidh air — straois gháire; cáir fhlithmhagadh
Tá sé thíos ansiúd agus drandal an mhagaidh air faoi chuile dhuine. Ach feiceamuist, tosaigh ag magadh faoi féin. Má thosaíonns (foirm a bhíos amantaí san aimsir láithreach, dara pearsa aonta), feicfidh tú féin air gur gearr an magadh é
TUILLEADH (4) ▼
Tá sé thíos ansiúd ar shúil an bhóthair agus drandal an mhagaidh air leis an bhfear anoir agus leis an bhfear aniar. Is uaidh a theastódh an iarraidh a chuirfeadh ina ghnaithe é, thar is a bheith ansiúd ag nathaíocht ar feadh an lae, agus a gharraí ag dul i léig
Dar seo agus siúd muis, mura gcaithe tú díot drandal an mhagaidh sin atá ort fúmsa, beidh rud ar a shon agat. Tá mé ag éisteacht leat ansin ó mhaidin, agus is mór an acmhainn agam í (cur suas leat). Is tú an t-ealaíontóir is mó faoi na brait. Ag ceapadh atá tú go ndéanfaidh tú dóigh de na daoine chreidim, ach ní dhéanfaidh, ná baol ar bith ort. Ní faoi chearca a ligeadh amach aon duine ach an oiread leatsa le go ndéanfá ball séire dhíobh
'Sé drandal an mhagaidh a bhí ar chuile dhuine dhá dhream ariamh. Chonaic mise a athair — P. Mh. agus a uncail R. Ph. — agus chabálfadh chaon dhuine acu thú le dea-chaint. Ní raibh scéal ná amhrán acu, ach an nathaíocht bheag sin. Ach chuirfidís cosa beaga faoi na glasógaí leis sin féin
Tá an iníon ceart go leor, ach fan go bhfeistí an t-athair é féin ar a aghaidh thall ar an teallach agus go gcuire sé drandal an mhagaidh air féin. Nuair a bhíos an stiúir sin air, agus a théas sé ar mhagadh ceart, splancfadh sé aon duine faoin domhan. Agus sin é a mbíonn uaidh. Is bia agus beatha dhó a bheith ag cothú scliúchais den tsórt sin. Nach bhfuil an baile reicthe ariamh aige. Is mór mór an t-ionadh liom nach minic a maraíodh é
·
Bíonn drandal an gháire ar an ógánach sin i gcónaí. Ba chóra dhó go mór muise, a dhul ag magadh faoin athair. Dheamhan údar gáire sa tír go dtí é, agus a mhuisteaisín bheag scáinte mar a bheadh ribiúchaí luchan ann, agus béilín mar a bheadh ar pháiste, agus dhá spáigín. Ach níl caint ar bith air sin, fhad agus a fhaigheas sé amadán le n-éisteacht leis ag baint fogha is easpa as daoine eile. D'fheicfeá féin air, go n-inseoinnse dhó cé hé díol an mhagaidh dhá gcuireadh sé aon araoid orm, ach ní chuirfidh
b.
+
Tabharfaidh mé isteach ar an drandal duit é mura n-éirí tú as. Sin é a bhfuil faoi anois
Bhrisfeadh sé siúd a dhrandal dhá bhfaigheadh sé mórán cainte uaidh. Ní mórán éisteacht a bheadh aige siúd leis, deirimse leat
TUILLEADH (6) ▼
Buaileadh sé é, feiceamuist. M'anam gurb iúd é nach dtiocfadh anonn ná anall leis, ach a thabhairt isteach ar an drandal dó gan peárail (parole? parler?) ar bith a ghlacadh leis. Sin é féin atá beo drochmhúinte le araoid ar bith a chur air
Tabhair aire do do dhrandal ar M. Mh. más leat a bheith slán. Ba ghearr an mhoill air sin é a bhriseadh dhuit dhá gcaitheadh sé ina cheann é. Níorbh fhearr leis ceird air
Beidh a fhios ag a dhrandal é mura lige sé domsa. Ní liomsa is fhearr dhó a dhul ag míoladóireacht má tá a ádh ar Dhia
Ní mór liomsa do dhrandal an diabhlánaigh sin an méid sin. Is fada dhá thuaradh dó fhéin é
Bhí rud le déanamh leo sin. Fáiméad de chloich a thabhairt isteach ar na drandail dóibh agus a gcuid drad a chur siar ina mbolg. Ní mhúinfeadh a mhalrait iad — na scabhaitéaraí!
Tabharfaidh sé aniar é má fhaighimse ligint ar a dhrandal. Rud ar bith ariamh a fuair an dream céanna idir a dhá láimh, ní scarfaidís leis go ndéantaí céad aistir dhá iarraidh
·
Scread mhaidne ar a drandal! Ag imeacht chomh stramhach ansin, agus cáir uirthi i gcónaí. Níl aon duine beo is luar liom ná an chaile sin. Is gann a chuaigh an saol ar mhac Ph. Sh. murar fhéad sé a dhíol de bhean a fháil ar mhná na tíre go ndeachaigh sé ina cleithiúnas siúd. Ní dhéanfainn roghain uirthi dá mbeadh Éire taobh léithe — an straoiseachán bradach!
Léan ar a dhrandailín coinín, muran deas uaidh a dhul ag sioscadh bréag. Agus shílfeá nach leáfadh an t-im ina bhéal! Foighid ort muise go bhfeice mise é. Dhá mba i láthair an phobail é, dheamhan ball na háite a fhágfas sé nó go gcasa mé suas leis an smut aige é

drandal in iontrálacha eile (5)

 
deo
Go deo aríst, ní bhfaighidh sí aon deoir bhainne anseo, ní dhá mhaíochtáil uirthi é. Dheamhan é, dhá dtiteadh an drandal aisti dhá uireasa
 
Tá tú in do dhilleoir — tá tú sin. Is diabhaltaí nach dtiocfadh iamh eicínt ar do bhéal uair eicínt. Ach dheamhan iamh. Beidh tú ar do chuid dilleoireacht muis nó go dtuga duine eicínt isteach ar an drandal duit é, ach dheamhan a mbeinnse ina dhiaidh ort — ní ag amhdú an oilc é chor ar bith!
 
A dhrandailín dhona, d'éireoinn in do phutógaí mura gcaithe tú thart an chaint sin. Tá mé ag éisteacht leat chuile oíche ó tháinig an bhliain ag coiriúint ar chuile dhuine, agus nach fearr an oidhe ar aon duine coiriúint ná ort féin. M'anamsa ná raibh ag an diabhal go mbrisfinn do dhrandal ar a chéile má chloisim dur uait aríst anocht
 
Bhí drandal an mhagaidh ar an mbithiúnach agus é ag drantán gáirí fúm. Ní mórán a ghoill mo bhris air ar aon nós. Ach dhéanfadh muintir an bhaile sin gáire leis an olc go maith. An bhfuil dream ar bith is measa croí ná iad
 
driog
Fuair mé an-tsuaimhneas ó na daitheachaí (daitheacha fiacal) anois ó tharraing mé an dá chlárfhiacail, ach feictear dhom — ní ag tabhairt gutha orthu é — go bhfuil driog bheag ag spochadh liom aríst le seachtain. Sna cúlfhiacla a airím anois é. 'Sé an faitíos atá orm go siúlfaidh siad leo mo dhrad fré chéile agus nach bhfágfaidh siad fiacal in mo dhrandal. Shaothraigh mise leo cheana é: in mo shuí ó oíche go maidin agus mo chloigeann ligthe anuas ar an tine agam ag glaoch agus ag gárthaíl — nó gur tharraing mé iad