Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
draoi
ainmfhocal, fireann
níl aon uimhir iolra ceart air mar is annamh a bhíos sé san iolra. Bíonn draíodóirí air scaití, cé gurb iolra é sin do draíodóir
1.
fear draíochta; draíodóir; fear feasa; ridire comhairleach — gleacaí; seandall glic. I scéalta amháin a bhíos an chiall seo. Is rí-annamh a bhíos sé i gcaint ag aon duine cé is moite de dhream a thógfadh as leabhra é. Ach tá ciall a 2 ríchoitianta.
+
Tá an draoi amuigh inniu. A Dhia dhá tharrtháil. Tiocfaidh athrú eicínt ar an saol go gairid muis — duine a bhíodh ag cothú an tí. Tá sé i gceist go raibh sé ina sheandall glic agus go raibh fios aige
Bhí an draoi seo thiar ag M. Ch. ag rá nach mbeadh an cogadh thart fós go bhfeicfeá suim aimsire. Tá fios (fáistine, tairngreacht) aige siúd pé ar bith cá bhfuair sé é
TUILLEADH (2) ▼
Déanfaidh siad draoi de siúd. Tá an oiread achair caite i gcoláiste anois aige agus go mba cheart go mbeadh sé féin in ann na máistrí a mhúineadh. Ach sílim dheamhan thairis sin de ghaisce fós air
Is beag a bhéarfadh orm draoi a dhéanamh dó sin. Níl sé feilteach do rud ar bith eile. An bhfuil a fhios agatsa céard é an draoi. Chloisinn S. Ó. M. ag cur síos air i scéal dá raibh aige
2.
an domhnaíocht; go leor leor; a lán; brat; dalladh; an-lear; seala mór; na táinte.
a.
+
Tá an draoi acu ann — an-lear
Ná bac leo sin a mhic ó. Tá an draoi dhíobh sin ann. Ní fhaca tú a leath. Tá grifisc bheag ann nach bhfuair tú amharc ar bith orthu; go dtí deolcachán na cíche féin tá sé ann
TUILLEADH (2) ▼
Mná! Is ann atá an draoi. Gheofá mná ar ardú orm ann. Bhí siad aniar amach ann — scúillí móra millteacha agus iad chomh marbhánta ar an urlár. Dheamhan eolas ar bith a bhí ag an gcuid is mó acu ar an damhsa atá againne
Bhí an draoi ag plé leis an móin ansin thuas i mbliana — fir is mná. Go dtí na patairí féin, bhí siad dhá dtógáil ann. Ag gróigeadh agus ag athghróigeadh a bhí na mná, agus ag cur amach is mó a bhí na gasúir
+
Chuala mé go raibh an draoi bainbh ar an aonach inniu, agus gan fear a bhfiafraithe ann. Gheofá péire banbh inniu ar shladmhargadh, ach nach raibh a fhios ag na daoine é
Tá an draoi sionnach anois sna clochair sin siar. Tá siad beo leo ó tháinig an cogadh agus nach bhfuil aon phúdar le fáil. Go gcuire Dia an t-ádh ort! Nach ndearna siad sladadh orainn. Dheamhan thiomanta cearc de cheithre cinn déag nár ardaigh siad uainn anuraidh. Tá muid bánaithe acu
TUILLEADH (1) ▼
Cheannaigh sé an draoi beithíoch anuraidh agus gan aon áit aige lena dtógáil, ach thiar sna diomalachaí achrannacha sin thiar nó gur bascadh agus gur cailleadh iad. Cén ghnaithe atá ag duine a dhul ag bualadh faoi stoc mura bhfuil deis a dtógála aige
+
Tá an draoi fataí breac amuigh i mbliana, hé brí cén smál atá orthu. Shílfeá gur bliain bhreá a bhí inti agus nach bhfuair siad tsiocair ar bith le breacadh mar sin. Chuile shórt ag dul in aghaidh an duine bhoicht mo léan
Tháinig an draoi feamainn dearg anuraidh. Bhí airde crann báid di sa gcladach agus lobh a leath; cheal gan na daoine a bheith in ann freastal di. Ná bac le seanleasú anois ó thosaigh an táirm seo: ag déanamh bóithrí
TUILLEADH (1) ▼
Tá an draoi talúna aige agus é ligthe i léig cheal an té a shaothródh é. Ar ndóigh ní fear talúna é siúd. An bhfeiceann tú na barrannaí sin suas ar fad atá faoi mhoingluachair anois. Bhídís sin ar fad curtha le linn a sheanathar. B'fhiú dhó an talamh siúd uileag a thabhairt do dhuine eicínt ar chuntar go gcoinneodh sé curtha é, ach gan scaradh leis amach is amach é féin … Duine eicínt nach mbeadh aon talamh aige féin. S. N. nó a mhacasamhail
·
Thug sé sin an draoi airgid as Sasana. D'éireodh dhó agus é sé bliana ann. Duine ar bith a chaith aon achar i Sasana roimh an income tax, tháinig sé abhaile ina ridire. Féacha mac C. a bhí in ann feilm thalúna a cheannacht lena raibh aige dhá bharr
Bhí an draoi feola marbh ann an tseachtain seo caite, ach fuadaíodh ar an toirt í. Ainneoin chomh daor agus atá sí — agus níl spóilín ar bith is daoire ná í — tá daoine in ann a ceannacht ina dhiaidh sin. Tá an draoi airgid ag teacht isteach i gcuid de na tithe de bharr Shasana
+
Bhíodh an draoi uisce ar a chuid talúna nó gur thriomaigh an cliamhain seo é. Rinne sé clascannaí agus tóchair, agus thóg sé na seanchlascannaí. Bheadh sé ó mhaith fré chéile fadó murach é
An bhfuil poitín le fáil ann ab ea? Tá an draoi. Bhí sé ina shnáth mara inniu ann ar aon chor. Bhí chúig iarraidh réidh ar an mbaile thoir, agus duine nó beirt eile ag déanamh. Má bhíonn easpa ann an Nollaig seo, ní easpa poitín é ar aon chor
TUILLEADH (2) ▼
D'ól sé an draoi fuisce. Nach aige atá an acmhainn air! Dá n-ólainnse ná thusa ar chuma ar bith a leathoiread, is iomaí tradhall a bainfí asainn go mbeadh muid sa mbaile. Ach dheamhan aithne deoir a bhí air
Tá an draoi ola le fáil i mbliana. Níl cheal ar bith orainn anois ach cheal tae. Dhá mbeadh riar tae againn bheadh muid ar dhroim na muice
·
Tá an draoi gaotaireachta aige agus gan cur leis ar bith. Chonaic mé ar an ngaisce sin thoir tí S. Ph. anuraidh é. Dhéanfadh sé cat agus dá rioball. Bhí sé ag baint achrainn as cosa i dtaca as mac L. Bhuail J. na P. isteach. Níor fhan smid aige ar an toirt
b.
an draoi breacach; an draoi bratach (tá an dá leagan air): áit a bheith druidte le rud; áit a bheith faoi rud; áit a bheith breac ballach le rud; an-lear go deo de rud srl. a bheith ann; na táinte.
+
An bhfeiceann tú na míola sin a bhíos sa snáth mara. Sin iad na dreancaidí mara. Bhí an draoi breacach acu thíos ansin thíos i mbliana ar an gcunús feamainn tirim a d'fhan d'fhuílleach ormsa
Tá an draoi breacach de na míoltóga beaga sin amuigh i mbliana. Ní fhaca mé chomh tréan le mo chuimhne cheana iad. Ar éigean a sheas mé acu ag tanaíochan tornapaí an oíche faoi dheireadh. Fhóbair siad mé a ithe beo beithíoch
TUILLEADH (5) ▼
Tá an draoi breacach de na faoileáin agus de na cailleachaí dubha ann, bíodh iasc ann nó ná bíodh. Is cosúil le áit é a mbeadh iasc ar aon chor. Ní bheadh an stadhan sin ag lonnú in áit ar bith mar sin ach in áit a mbeadh báire éisc
Tá an draoi breacach salachair sna fataí sin thoir. Chaith mé trí lá an tseachtain seo caite ag gortghlanadh ar an dá chúl thoir, agus dheamhan an mó ná réidh a bhí mé ann ina dhiaidh sin. Tá sé lomlán le moing mheara
Maraíodh an draoi breacach díobh ar an abhainn i mbliana. Ní raibh an fear a raibh sí aige in ainm is thar cheithre chéad a thógáil, ach mo léan géar, thóg sé an méid sin ar dhá dhola; agus chaith sé an bhliain ag tógáil ina dhiaidh sin
Bhíodh an draoi breacach acu ann chuile bhliain go dtí i mbliana, ach níor tháinig siad chor ar bith i mbliana. Muran mosán ar bith a bhuail an M. agus nach dtabharfadh sé anuas iad. Bhí suaimhneas ag an tír dhá bhfuireasa. Sháróidís na daoine
Bhí an draoi breacach de na Griallaiseacha ('gNiallghuis) sa tír seo roimhe seo, ach ní fhaca tú aon chine ariamh a ndeachaigh ídiú chomh mór orthu leo. Chuirfeá slat ar an bparóiste sílim inniu, agus ní bhfaightheá Griallais istigh ann
·
Chonaic mé an draoi bratach de na portáin sin thiar ar na gC. R. D'fheicfeá ina gcónaí iad ar chiumhais na trá nó go dteagadh an lán mhara agus go scuabadh sé leis iad
Níor mhór na clocha a phiocadh ansiúd sula gcuirtear múirín ar bith air. Tá an draoi bratach acu ann. Chuirfeadh sé úis ort a shiúl. Gasúir atá ina gciontsiocair le cuid mhaith dhíobh — gasúir ag teacht ón scoil. Más linn a chosaint i mbliana le aghaidh féir, tá sé in am a dhéanta anois

Féach freisin

draoi in iontrálacha eile (1)

 
Lá ar bith a ngabhfaidh tú síos ar dhíthrá ansin thíos, gheobhaidh tú dalladh acu sna locháin in íochtar cladaigh. Chonaic mé an draoi acu an lá cheana thíos ann