Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dreacht
/d′r′axd/
ainmfhocal
púir nó deannach a éiríos de sprémhóin nuair a bhíos stolladh gaoithe ann agus í an-tirim sa samhradh. Níor chuala mé an focal seo ariamh ach ag duine amháin. Chinn orm an focal a fháil ag duine ar bith eile in aon bhaile ná in aon cheantar leis. Deannach (fc. deannach) a thugas chuile dhuine air, agus níor chuala duine ar bith acu an focal thuasluaite. Chuir mé tuairisc blianta ina dhiaidh sin leis an bhfear céanna agus dúirt sé an focal céanna, agus cé gur cainteoir maith é, ní mheasaim ina dhiaidh sin go bhfuil an focal ceart. Tá dearmad eicínt ann de réir mo bharúla.

Féach freisin