Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deannach
ainmfhocal, fireann
dusta, go háirid dusta éadrom agus é an-tirim.
a.
+
Tá deannach ag éirí inniu — lá samhraidh a mbeadh soinneán maith gaoithe ann agus gach uile rud ina shnaoisín. D'fheicfeá ceathanna deannaigh ag éirí leis an ngaoith
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
TUILLEADH (6) ▼
Chonaic mé an chith dheannaigh uaim agus shíl mé gur mótar a bhí ag teacht. B'fhada liom faoi dheireadh go raibh sé ag teacht. Nuair a tharraing mé air, meas tú céard a bhí ann. Plód beithíoch: chomh maith le céad acu agus triúr fear dhá dtiomáint. Is orthu a bhí an t-ordú freisin
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhileogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an cosán a thóg sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh ansin ar chuid Bh. agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ár n-amharc. Nuair a chuaigh sí chomh fada le J., d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é lena raibh de dheannach ann — an sleán nua a fhágáil ina dhiaidh. 'B'fhéidir,' adeir sé, 'go dteastódh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil móin sa mbruín fhéin.' B'uafás é an siota siúd
Tuilleadh diabhail aici anois muis mura bhfuil deannach ag éirí den sprémhóin inniu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóidh na soinneáin seo léithe uileag í idir chorp chleite is sciathán
Go dtuga Dia dhó cith bheag lách a chaitheamh. Choinneodh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeofá aige
Tá míle mótar ag teacht agus a bhfeicim de dheannach ag éirí ar A. I. Sh. Ní hea, ach tá sé in aon phúir amháin deannaigh ón gC. aniar
Tá deannach ag éirí as éadan. Chaithfeadh sé gur triomach atá air — neart triomaigh
b.
+
Cuirfidh mise deannach ag éirí den tóin agat mura n-éirí tú as do chuid míoladóireachta. Tá sé in am agat ciall a bheith agat feasta choíchin agus gan a bheith ar an gceird sin. Nach thú an páiste!
Ná raibh Dia ag asail muise mura raibh sé ag baint deannaigh as ceathrúnaí an asail soir le fána. Feac láí a bhí aige agus níl aon iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na heasnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. 'Tabharfaidh mé ag an bpóilí tú,' adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inín faoi fhanacht amuigh san oíche Dé Domhnaigh. Bhí sé roimpi ag giall an dorais chuala mé, le beilt, agus bhí chaon iarraidh aige uirthi aniar sa gcadairne léithe ar feadh uaire ina dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit" (do — aithris ar fhear nach raibh in ann a chuid g a rá; do = go)
Bainfidh mé deannach as an gcúl sin agat mura lige tú den mhadadh sin, agus gan a bheith ag siocadh leis. Nach diabhaltaí mór an t-ionadh nach ndéanfá suaimhneas uair eicínt agus gan a bheith ar an ábhailleacht chéanna i gcónaí
c.
+
Deannach muilinn: sin é an deannach a bhíos ón muileann agus é ag meilt. Tuige nach mbeadh. Is aige atá a údar agus a mbíonn d'arbhar ann
Meilfidh mé thú go mbeidh tú in do dheannach muilinn. Sin é a dhéanfas mé leat. Ní bheidh sé tada níos lú agat má ghníonn tú mórán eile sioctha liom
TUILLEADH (3) ▼
Mheil an learaí (lorry) in aghaidh an bhalla é go raibh sé ina mhin. Rinne sé deannach muilinn dó (dhe). Ní raibh cnáimh ina chorp i ndiaidh a chéile. Deirim leat nach raibh
Ní fhágfainn mion mullóg dó gan streachailt óna chéile. Dhéanfainn deannach muilinn dó (de). Dhéanfainn cac leicín dó (de)
Scaoil bealach leis agus ná bím ag breathnú ansin air, nó má bhuaileann taghd eile mé, déanfaidh mé deannach muilinn dó. Ní choinneodh arm uaidh mé — ní choinneodh sin

Féach freisin

deannach in iontrálacha eile (5)

 
dall 2
Téirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fúithi agus feicfidh tú féin air ansin gur gearr a bheas tú dall … Deannóid bheag dheannaigh a chuaigh fúithi déarfainn, agus chuir tú chun othrais í dhá cuimilt
 
dall 3
Tá an-stolladh ar na portaigh inniu. Triomóidh sé siúd an tseanchreatlach aici (móin). Dalladh críochnaithe mé le deannach sprémhóna ó mhaidin
 
I nDomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil ansiúd go ndéanfaidh sí deannach sna cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páí chor ar bith ag an ngovernment ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas ansin ar aon phraghas amháin, tá mise ag rá leat go mbeadh móin ina hór. Ach faigh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
 
Tá cúig nó sé de dhúcháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná brocthirim iad. Faraor nach síogáin fhada a rinne mé dhíobh mar a rinne mé ar an lagpholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farra sin a bhí ann le cupla lá thríothu, agus bhainfeadh sé deannach astu
 
Dúradán beag de dheannach sprémhóna a chuaigh faoi mo shúil anseo an bhliain cheana. Chaith sí an-fhada go dona agam. Bhíodh sí ag silt agus ní fhéadainn a hoscailt chor ar bith scaití. Is measa dhuit rud tirim a dhul faoi do shúil go fada ná rud fliuch. Calcann an rud tirim istigh agus is furasta leis séideadh.