Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Deannach
ainm-fhocal; fireann
dusta, go h-áirid dusta éadtrom agus é an-tirm.
a.
+
Tá deannach ag eirghe indiu = lá samhraidh a mbeadh sinneán maith gaoithe ann agus gach uile rud in a shnaoisín. D'fheicfeá ceathanna deannaigh ag eirghe leis an ngaoith
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag eirghe in a cheathannaí an uair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcomhnuigheann an t-uisce orra agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí "steamrolláilte" mar sin chor ar bith mara mbeidh bualadh mór orra go díreach
TUILLEADH (6) ▼
Chonnaic mé an chioth dheannaigh uaim agus shíl mé gur mótar a bhí ag teacht. B'fhada liom faoi dheire go raibh sé ag teacht. An uair a tharraing mé air, meastú céard a bhí ann. Plód beithidheach: cho maith le céad aca agus triúr fear dhá dtiomáint. Is orra a bhí an t-ordú freisin
Tháinig siota agus bhailigh sí léithe a raibh de dheannach agus de bhilleogaí agus de pháipéir ar na portaigh. B'aisteach an casán a thóig sí: aniar tharainne, soir ar chuid Sh., síos ó dheas go dtí P. Mh., siar aríst ar roinn J., agus soir ó thuaidh annsin ar chuid Bh., agus ar roinn J. F., gur bhailigh sí amach ó thuaidh as ar n-amharc. An uair a chuaidh sí cho fada le J. d'fhuagair muid féin air — ní fheicfeá é len a raibh de dheannach ann — an sleaghan nua a fhágáil in a dhiaidh. "B'fhéidir" adeir sé go dteastóchadh sé uaim. Nach ndeir siad go bhfuil múin (móin) ins an mbruidhinn fhéin". B'uathbhás é an siota siúd
Tuilleadh diabhail aice anois muis mara bhfuil deannach ag eirghe de'n sprémhóin indiu. Ní bheidh na sreanganna féin fágtha i bportach móin bhán Mh. Fuadóchaidh na sinneáin seo léithe uiliog í idir chorp chleite agus sciathán
Go dtugaidh Dia dhó cioth bheag lághach a chaitheamh. Choinneochadh sí síos an deannach ar na bóithrí. Dheamhan t'anáil a tharraingeochthá aige
Tá míle mótar ag teacht agus a bhfeicim de dheannach ag eirghe ar Á. I. Sh. Ní h-eadh ach tá sé in aon-phúir amháin deannaigh ó'n gC. aniar
Tá deannach ag eirghe as éadan. Chaithfeadh sé gur triomach atá air — neart triomaigh
b.
+
Cuirfidh mise deannach ag eirghe de'n túin (tóin) agad mara n-eirighidh tú as do chuid míoladóireacht'. Tá sé in am agad ciall a bheith agad feasta choidhchin agus gan a bheith ar an gceird sin. Nach thú an páiste!
Ná raibh Dia ag asail muise mara raibh sé ag baint deannaigh as ceathramhnaí an asail soir le fánaidh. Feac láighe a bhí aige agus níl aon-iarraidh dhá raibh sé a thabhairt ar na h-easnachaí dhó nach gcloisfeá go mín réidh socair thiar ag tigh Mh. "Tiubharfaidh mé ag an bpóilí tú" adeireadh sé, agus díocas air leis an bhfeac
TUILLEADH (2) ▼
Chuala mé gur bhain an fear seo thuas deannach as na másaí ag an inghin faoi fhanacht amuigh ins an oiche Dé Domhnaigh. Bhí sé roímpe ag giall an doruis chuala mé, le "beilt", agus bhí 'chaon iarraidh aige uirre aniar ins an gcadairne léithe, ar feadh uaire in a dhiaidh sin. D'fhan muintir bharr an bhaile ag éisteacht leo ar feadh i bhfad. Ní raibh tada le cloisteáil uaidh ach "Do gcuirfidh mise faoi ndeara dhuit". (Do — aithris ar fhear nach raibh indan a chuid g a rádh; do = go)
Bainfidh mé deannach as an gcúl sin agad mara leigidh tú de'n mhadadh sin, agus gan a bheith ag siocadh leis. Nach diabhaltaí mór an t-iongnadh nach ndéanfá suaimneas uair eicínt agus gan a bheith ar an ámhailleacht chéadna i gcomhnuí
c.
+
Deannach muilinn: sin é an deannach a bhíos ó'n muileann agus é ag meilt. Tuige nach mbeadh. Is aige atá a údar agus a mbíonn d'arbhar ann
Meilfidh mé thú go mbeidh tú in do dheannach muilinn. Sin é a dhéanfas mé leat. Ní bheidh sé tada níos lugha agad má ghníonn tú mórán eile sioctha liom
TUILLEADH (3) ▼
Mheil an learaí (lorry) in aghaidh an bhalla é go raibh sé in a mhin. Rinne sé deannach muilinn dó (dhe). Ní raibh cnáimh in a chorp indiaidh a chéile. Deirim leat nach raibh.
Ní fhágfainn mionmulthóg dó gan strachailt ó'n a chéile. Dhéanfainn deannach muilinn dó (de). Dhéanfainn cac-leicín dó (de)
Scaoil bealach leis agus ná bím ag breathnú annsin air, nó má bhuaileann taghd eile mé déanfaidh mé deannach muilinn dó. Ní choinneochadh arm uaidh mé — ní choinneochadh sin

Féach freisin

Deannach in iontrálacha eile (5)

 
dall 2
Teirigh soir ag an mbanaltra seo thoir agus tálfaidh sí bainne cíche fhúithe agus feicfidh tú féin air annsin gur gearr a bhéas tú dall … Dionnóid bheag dheannaigh a chuaidh fúithe déarfainn, agus chuir tú 'un óthrais í dhá cuimilt
 
dall 3
Tá an-stolladh ar na portaigh indiu. Triomóchaidh sé siúd an tsean-chreatalach aice (móin). Dalladh críochnuighthe mé le deannach spré mhóna ó mhaidin
 
Indomhnach níl ann anois ach roghain an dá dhíogha: í a dhíol ar bheagán, nó í a fhágáil annsiúd go ndéanfaidh sí deannach ins na cruacha. 'Sé an áit siar a shaoirsigh móin. Tá siad dhá fáil ann ar bhreith a mbéil féin. Dá mbeadh na daoine gan a dhul ar páighe chor ar bith ag an "nGovernment" ach a gcuid móna féin a bhaint, agus iad uilig a theacht suas annsin ar aon-phradhas amháin, tá mise ag rádh leat, go mbeadh móin in a h-ór. Ach fagh thusa an dream a dhéanfas é sin. Gheobhair muis!
 
Tá cúig nó sé de dhubhacháin ar bruach fós agus dheamhan an mó ná broc-thirm iad. Faraor nach siogáin fhada a rinne mé dhíob mar a rinne mé ar an lag-pholl. Dhá ndéanainn, thiocfadh an farradh sin a bhí ann le cupla lá thríotha, agus bhainfeadh sé deannach asta
 
Dubhradán beag de dheannach spré-mhóna a chuaidh faoi mo shúil annseo an bhliain cheana. Chaith sí an-fhada go dona agam. Bhíodh sí ag silt agus ní fhéadainn a h-oscailt chor ar bith scaithtí. Is measa dhuit rud tirm a dhul faoi do shúil go fada ná rud fliuch. Calcann an rud tirm istigh agus is furasta leis séideadh.