Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déanta
1.
+
De dhéanta na fírinne (déanta na fírinne), níl a fhios agam cé hé féin − leis an bhfírinne a dhéanamh; for a fact, as a matter of fact
Déanta na fírinne, chuaigh sé amach an uair sin agus ní fhaca muid ó shin é
TUILLEADH (3) ▼
Dhe dhéanta na fírinne, tá an t-airgead agam ach tá faitíos orm scaradh leis mar b'fhéidir go dtiocfadh éileamh air aríst
Déanta na fírinne, ní dhíolfaidh mé iad go sásaí mé mé fhéin go maith. Tá an iomarca caillte agam leo lena ligean uaim ar bheagán
De dhéanta na fírinne, phósfainn í an uair sin, ach ní raibh sí féin sásta, ainneoin gur shíl chuile dhuine gur mise a chuir suas dise, ach ní mé
2.
taithithe, cleachta. An t-aidiacht bhriathartha déanta a chuala mé i gcónaí sna leaganachaí thíos .i. déanta ar an scoil, déanta ar áit srl.
+
Dhá mbeifeá déanta ar an áit, ní iarrfá a fhágáil choíchin − dhá mbeifeá taithithe ar an áit srl.
Chaith mise trí bliana in aon áit amháin i Londain, agus ní mó ná déanta ar an áit a bhí mé ina dhiaidh sin. Tá Londain san an-mhéid a mhic ó mo chroí
TUILLEADH (7) ▼
Dhá mbeadh sí ann go deo ní bheadh sí déanta ar an áit.
Tá sé in am aici anois a cuid uabhair a chaitheamh as a cloigeann agus a bheith déanta ar an áit seo feasta. Ach is deacair le beithígh bradacha an tsléibhe sin taithiú leis an gcladach. Dheamhan taithiú choíchin fhad is a gheobhas siad ceirt ar thom!
Tá sé chomh coimhthíoch ar na daoine inniu agus a bhí sé an chéad lá in Éirinn ar tháinig sé, théis go bhfuil sé in am aige feasta a bheith déanta ar na daoine
Sliabhadóir í. Nach bhfeiceann tú siúl fada an tsléibhe aici. Is fada go mbeidh sí déanta ar an gcladach, is fada sin
Is contúirt í an fharraige nuair a bhíos duine déanta uirthi féin. B'ait an curachóir é S. L. Ní bhfaightheá a leithide eile, dhá gcuirtheá slat ar sheacht bparóiste. Agus féacha ina dhiaidh sin, nach fánach an chaoi ar báitheadh é, an duine bocht …
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gContae na Mí nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mba cloch a shínfí chuige agus rá leis go raibh duine de Chlainn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
'Sé an diabhal dearg é mura bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breá nach mbrúnn tú orthu. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orthu. Chonaic mise laethúil fáilí ariamh iad, ach tá an iomarca den phúcaíocht ag siúl leat féin ó chaithfeas mé a rá leat …
+
Ní iontas ar bith dhó a bheith místuama agus gan é déanta ar an obair chor ar bith fós. Tógfaidh sé scaitheamh air a theacht isteach uirthi. Is namhaid í an cheird gan a foghlaim bíodh a fhios agat
Droch-bhicycle é sin; nó go mbeifeá déanta air, ach ó bheifeá, ní iarrfá a mhalrait go deo. Tá sé seacht mbliana agamsa anois agus bhain mé an-cheart dó (de). D'aireofá buille trom é i dtosach ach ní fhágfaidh sé ar an mbóthar choíchin thú, murab é do chiontsiocair féin é. Sin rud amháin faoi ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad an dream atá ag imeacht sna báid aeir sin nach mbeadh luí ar bith acu le mótair ná le soithigh. Ní bheadh a ndóthain éascaíochta iontu dóibh. Chreidim gurb é an chaoi é, ó bheas duine déanta ar rud ar bith, nach mbíonn aon tsásamh aige ann dhá uireasa. Ní thuas iontu sin ab fhearr liom a bheith mar sin féin, agus gunnaí móra ag loscadh leat den talamh
Mura bhfuil sé déanta ar an scoil feasta choíchin ná bac leis. Tá a chuid scoile ar iarraidh déarfainn. Dódh sé a chuid leabhar agus fanadh sé sa mbaile
3.
 cinnte dhe, ag súil le, ag cruthú.
+
Bhí déanta lena bhás − bhíothas cinnte go bhfaigheadh sé bás; síleadh nach raibh i ndán éirí dó
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireanacha. Tá déanta lena bhás
TUILLEADH (9) ▼
Chuala mé go raibh siad déanta lena bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chlochneart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
Is ait an mac é an saol gan doubt ar bith. Tá siad déanta lena bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arú aréir go deireanach ó chonaic mé ag caitheamh léim fhada ansin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon fhear ansin in ann a dhul fhoisceacht go mbeannaí Dia dhó
Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag chuile dhuine. Eitinn a bhí uirthi agus chuaigh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá seanbheo inniu, agus is gearr go mbeidh inín ina méid féin aici, bail ó Dhia agus ó Mhuire orthu beirt
Ní chuirfinn suim ar bith ansin. Má tá i ndán éirí dhó éireoidh sé, dhá mbeadh déanta lena bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir inniu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
Tá déanta lena bhás. Níl aon tsúil go dtabharfaidh sé mórán leis an oíche leis. Tá srannán ann anois a chloisfeá go réidh socair amuigh ag céim na sráide. Chuaigh an ola air inniu
Is minic cheana a bhí déanta lena bás, ach tá sí sin chomh cruachúiseach le glasmhíol Márta. Ní mharódh tada í sin mura bhfaigheadh sí amlua faoi dhrochthuairt sneachta; sin nó reo sa sioc
Is beag an t-ionadh go bhfuil déanta lena bás, más í an tseanbhean seo thuas atá tú a rá. Tá aois mhór aici, agus níor fhan lúb ar bith inti le gairid. Dhá bhfaigheadh chuile dhuine an oiread saoil léithe, ní bheadh aon údar clamhsáin acu
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin ag ithe agus ag gearradh ar chuile dhuine dhá mbeadh déanta lena bhás. Ní fhaca mé a chuid seamsánacht ag aon duine i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Ach níl aird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peaca air
Tá déanta lena bhás. Lig de do chuid cumadóireachta anois. Dheamhan tinneas ná tromas air más in é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh rómhair é sa ngarraí ó dheas den teach inné agus mé ag dul thart
4.
críochnaithe, amach is amach.
+
Sin í na hÉamainn déanta — tá gaol aici le na hÉamainn, agus is leo atá sí ag dul ar gach uile bhealach. B'fhéidir nach mbeadh an gaol ann scaití, ach go mbeadh an chosúlacht an-mhór i gcruth nó i dtréathra .i. 'Sé de Valera déanta é — tá sé ag dul i gcosúlacht díreach le Mac Uí de Valera as a chruth. Is Máilleach déanta é — tá bealaí agus tréathra na Máilleach uilig ag siúl leis
'Sé P. L déanta é: an spágaireacht cheannann chéanna, an bruas céanna agus go fiú is an "'Muire muise" tá sé aige
TUILLEADH (10) ▼
Sin é muintir Ph. Th. Mh. déanta. An bhfaca tú an stiúir a chuireas sé air féin agus é ag inseacht rud ar bith dhuit? An stiúir chéanna a bhíodh ar Ph. Th. Mh. go ndéana Dia grásta air
Nach mbeadh a fhios agat gurb é Spairteog déanta é. Féacha chomh fearúil agus atá an imeacht atá faoi
Sin é Hitler déanta. Bhfaca tú a shamhail ariamh ach é ó phictiúr Hitler. Ní bheadh a fhios ag duine cén breed a bheadh sa dream céanna
Níl ann ach malrachín ach is Curraoineach déanta é ina dhiaidh sin. Tá sé ag imeacht i ndoirse dúnta ag tóraíocht scéalta cheana féin
'Sé P. Ó. N. déanta é. 'Siad an dhá chopóig chluas atá air ar chaoi ar bith. Shílfeá go mbeidís siúd sa mbealach air
Is Árannach déanta í. Tá an-tslinneáin agus an-chlár droma aici, baile ó Dhia agus ó Mhuire uirthi
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneofá an truisle cheana féin ann, ainneoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara chomh buí bealaithe agus atá sé
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abródh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceannaghaidh céanna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart ansin
'Siad Clainn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laoi agus buille feill Chlann nDonnchadha a chuala mé ariamh. Is acu sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois acu shula d'aireofá é
Deile céard í ach bean Achréidh déanta. Óna máthair a thug sí na bealaí sin. As an Achréidh muintir na máthar fréna chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad chomh fada san áit seo anois agus go mbeidís taithithe ann

Féach freisin

déanta in iontrálacha eile (100+)

 
abair
Déarfá gur gearr eile a bheadh an troid ar siúl, nuair a bheadh puca déanta dhó (dhe) ag M.
 
Chuaigh sí sin sna céadéaga leis an bhfiabhras. Bhí déanta lena bás ag dochtúirí agus ag chuile dhuine. Ach is cosúil nach raibh an t-imeacht uirthi ina dhiaidh sin. 'Sí atá luath láidir inniu théis a clann a bheith tógtha aici
 
Dheamhan dhá chor go raibh sé déanta aige — dhá mheandar
 
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agat gur liomsa an coca. Is daidhciúla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé ina cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann ansin. 'Sé atá deas air
+
dáil
Bhí sé i ndáil le bheith déanta aige an uair sin
TUILLEADH (2) ▼
Níl an bóthar fós déanta go dtí barr na ngarrantaí ach tá sé i ndáil leis
Ná bac le i ndáil leis. Tá sé déanta ar fad aige — ní i ndáil le déanta atá sé, ach déanta ar fad
 
Tá dalladh déanta agatsa anois. Déanaidís féin an chuid eile
 
Chonaic mé fataí anseo bliain — fataí Achréidh a cheannaigh mé le haghaidh síl — tháinig mé gann i bhfataí síl an bhliain chéanna. Ar an bhFaiche Bhig a cheannaigh mé iad ó fhear as áit eicínt taobh anoir. Dheamhan a gcuimhním anois cén áit, ach d'aithneoinn an fear agus dheamhan gaisce a bhí air le gnaíúlacht. Dheamhan thiomanta dallán dá raibh orthu nach raibh chomh mór le béal an bhuidéil sin. Chuir mé anseo thiar iad i ngarraí na hI. Bhí an-ghaisce agam astu. Togha fataí dar liom féin. 'speáin mé do T. iad agus mé dhá gcur. Ní mórán spleodair a bhí ag T. astu. Fuair sé caidéis do na dalláin — go raibh siad rómhór. Rinne siad thar cionn i dtús bliana. Bhí siad go hard os cionn talúna, agus gan das déanta ag fata ar bith eile ag gabháil liom. Bhí go maith go dtí amach sa mbliain. Bhuail an lobhadh bán iad as éadan. Ba mhór an carghas a bheith ag breathnú orthu. Dheamhan blas a bhí agam de bhláth bliana orthu ach grifisc — tabhair grifisc air. Chaith mé ag na beithígh iad leisce a bheith ag breathnú orthu. Sin é an chaoi a ndeachaigh dalláin mhóra an Achréidh domsa. Ná samhlaigh fataí Achréidh liomsa ariamh ó shin
 
Is damanta an lear oibre atá déanta aige le seachtain. Má mhaireann dó ar an dúchan siúd, beidh siad curtha aige Lá Fhéile Pádraig
 
Damnú síoraí air agaibh mar phósadh, caithigí suas feasta é. Tá sé in am agaibh a gceart cainte a bheith déanta agaibh faoi.
 
dán
Bhí muid leis scaitheamh anuraidh agus bhuail an slaghdán an bheirt againn. Chuaigh muid leis aríst i mbliana agus ná raibh ann mura dtáinig an sneachta. Níl i ndán déanta dhó chreidim (claí)
 
dána
'Tá rud dána drochmhúinte déanta agamsa agus fios a chur ort,' adeirim féin, 'ach i nDomhnach a athair, bhí sé ar a chailleadh nó facthas domsa go raibh' — rud sonnta sotalach
+
danra
Ná bac le danra a mhic ó. Tá sé chomh danra le múille. D'iarr siad air anuraidh a dhul agus teach nua a dhéanamh ar thalamh C. E. — is leisean é. Níor labhair sé aon smid leo aríst go bhfaca siad mí. Taca na Nollag, bhuail sé féin suas ann gan iarraidh gan achainí agus bhí leath an bhalla déanta aige agus gan fios ag aon duine air
TUILLEADH (1) ▼
Fuair tú amach é muis an té a bhfaightheá sladmhargadh uaidh, an fear is danra sa tír faoi rud a cheannacht uaidh. An bhfaca tú an bullán a bhí thoir ar an aonach aige aonach beag na Samhna anuraidh. Bhí scoilteadh déanta againn míle uair, agus gan eadrainn ach leathchoróin. Thabharfainn dó de luckpenny é, ach ní ligfeadh sé laglabhartha as an airgead adúirt sé é, théis go ndeachaigh mé ar ais aige cúig nó sé de chuarta. Sin é a bhí danra agat!
 
dáta
Cuir dáta air le é a bheith déanta aige, agus mura mbeidh sé déanta aige an lá sin, ná tabhair aon phínn dó
 
de
Níl mór dhó (dhe), ach tá sé an-tsuite, an-déanta
+
Fág ag an deachma é sin. Ní fiú an tairbhe an trioblóid. Thiocfá ag mianadóireacht ansin ar feadh an lae agus ní bheadh tada déanta agat ann ina dhiaidh sin. B'fhearr dúinn go fada a ndúthracht a chaitheamh le rud eicínt a mbeidh tairbhe eicínt dhá bharr ná sa tseanghráinseach shalach sin
TUILLEADH (2) ▼
Má ghníonn sé sioc chomh mór anocht agus a rinne sé aréir is suarach an éadáil duit a dhul ag rómhar na meaingeals údaí. Béarfaidh sioc mór eile síos sa gcréafóig orthu, agus tá a gcnaipe déanta ansin. Dheamhan ceann a bhuachfar go deo orthu. Caith ag an deachma iad má theangmhaíonn sioc leo
Tugtar dreoilín eicínt acu i gcónaí don deachma … Tuige nach bhfaca tú aon dhuine ariamh ag iarraidh dreoilíní do cheirt na n-easpaí. Caithfidh tú a bheith ag tóraíocht agus ag síorthóraíocht go bhfaighe tú nead a mbeidh dhá dhreoilín déag inti. B'fhéidir nach mbeadh call mórán tóraíochta dhuit chor ar bith scaití. Bíonn neadrachaí dreoilín thar a chéile ann blianta. Scaití eile ní fheicfeá ceann ar bith … Nuair a gheobhas tú an nead, níl agat le déanamh ach na luipreacháin — na dreoilíní — a mharú agus a gcuid fola a chur ar sheancheirt. Caithfidh tú fuil as chaon cheann acu a chur uirthi. Mura gcuire ní bheidh aon mhaith dhuit ann. Breith ar an seancheann ansin — an rí — agus deirtear í a thabhairt don deachma. Ach is cuma cén ceann de na trí cinn déag a thabharfá don deachma sa gcás sin. Bíonn muirín mhór ar an dreoilín. 'Is mór mo mhuirín: is beag mé féin,' adeir sí … Beidh do chuid oibre déanta ansin, le ceirt na n-easpaí … Chuala mé go minic an scéal sin faoin dreoilín a tugadh don deachma. Tuige nach gcloisfinn. An bhfuil tú dhá iarraidh … (giota as cuntas faoi cheirt na n-easpaí a fuair mé ó m'athair)
 
Níor chónaigh sé, go ndéana Dia grásta air, go ndeachaigh sé siar go tóin Chonamara gur thug sé aniar an churach sin as. Ba in í fhéin an churach dheacrach dó. Ba é an tríú huair é aige inti, nuair a chuir sé ar an gcarraig bháite í, agus bhí a chnaipe déanta!
+
dealg
Dealg a chuaigh inti an lá cheana. Tá sí ag déanamh braoin anois, agus ní féidir baint léithe go mbeidh an seile déanta aici. Tá muid sáraithe aige chuile oíche ag éagaoineadh léithe
TUILLEADH (2) ▼
Ní dealg chor ar bith é ach fleasc a chuaigh faoi m'ionga an t-am a raibh mé ag plé leis an bhfeamainn dearg. Cé beag dhom a dhonacht arsa tusa. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla. Tá gor faoi ionga anois déanta aici ar chaoi ar bith
Níl aon lá ó tháinig sí isteach ar an mbaile nach in é a ceird. Tá a dealg sáite aici ionamsa agus chuile shórt dhá bhféadfaidh sí a chur as dom déanta aici. Níor chomaoin di muis agus a liachtaí gar a rinne ar bhain liomsa di agus dá fear
+
déan 1
Ní mórán le cois déanta a bheas sé agaibh tráthnóna — beidh sé déanta ar éigean
TUILLEADH (30) ▼
Tá ól déanta aige — tá sé óltach, súgach, nó ionann is ar meisce
Fan as a bhealach siúd má bhíonn ól déanta aige. Is olc an peata é
Ní féidir dhó gur ól atá déanta aríst aige, agus a laghad achair ó thóg sé an pledge ón misinéara. Thug sé na mionnaí agus na móide nach dtiocfadh aon deoir ar a bhéal lena ló aríst. Nach gearr an chuimhne a bhíos ag cuid de na daoine!
Ní dhéanfaidh mé aon mhoill ach feadh is mo ghnaithe a bheith déanta agam
Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh tae ar ball. Ní féidir go bhfuil intinn eile déanta aige ar an toirt.
Tá seol déanta acu anois — na seolta a bheith i gcrann; na seolta a bheith thuas nó ardaithe ar fad.
Tá ceann na céibhe casta aici. Is gearr anois go mbeidh seol déanta aici. Más ea féin, tá cóir siar acu
Is maith gasta atá seol déanta acu, ach níl aon mhaith ann. Tá an lagar rómhór. Níl fleaim as aer
Tá a gcuid seolta déanta acu anois agus níl clóic ar bith orthu, mar beidh sí teann siar acu. Beidh pórtar ar na smuit ag na bádóirí sin fós anocht tigh Bh. na C.
Dhá thúisce anois dhá mbeidh seol déanta agaibh, is amhlaidh is fhearr é. Tá sí díreach ar an aighre. Ní aireoidh muid soir é
Tá seol déanta ach í a phíceáil. Cheal nach bhfuil sí píceáilte ansin fós agat. Beidh I. Mh. Ch. scoite againn shula mbeidh sí trótáilte píceáilte tacáilte agat. Níl a fhios agam nach mbeadh sé in am a dhul ag stríocadh aríst shula mbeidh sí faoi réir agat. Breá nach ndéanann tú deifir? Diabhal bréag nach maith an bádóir thusa!
Dhá mbeinn ina thuilleamaí sin ní bheadh seol déanta go faoithin agam. Ba bheag an baol. Níl rath ná ríocht leis. B'fhearr dhó gan a dhul ag plé leis an bhfarraige ar aon chor. Ní fear farraige é
Tá tú in éadan na dtéadrachaí sin le uair agus gan seol déanta fós againn. Nach bhfeiceann tú go bhfuil againn an ghaoth sin a thapú más linn ceann cúrsa a dhéanamh anocht
Is mall uaidh an seol a ardú. Tógann sé cosamar uair an chloig air seol a bheith déanta aige. Ach is beag a thaitneodh sé leis aon locht a fháil air ina dhiaidh sin. M'anam gurb é atá anglánta
Ní bhainfeadh an diabhal a béal di. Níl a béal déanta (capall) — capall nach n-imeodh leis an mbéalbhaigh. Ní ghabhfadh sí ar chaon taobh go réidh. Ní bheadh sí géilliúnach don chinnire nuair a chuirfeadh sé stró ar an mbéalbhaigh ar thaobh eicínt. Níor mhian léithe a dhul an taobh a mbeadh an cinnire ag iarraidh a tabhairt, leis an tarraingt a bhéarfadh sé don bhéalbhaigh
Chuile uair dhá mbíonn sé ag iarraidh í a tharraingt isteach i leataobh caithfidh sé a theacht anuas den charr, mar níl a béal déanta chor ar bith
Ní mór dhaoibh a bheith ar an gceird sin léithe muis: duine i ngreim sna hadhastair, agus duine agá n-a ceann, nó go mbeidh a béal déanta. Bobarún de chapall í, sea sin.
Cheal nach bhfuil a béal déanta fós agus an fhad is atá sibh léithe. Ná bacaidh léithe mar sin! Ní bheidh sásamh ná séanadh agaibh go brách uirthi faoi charr. Nach í an staicealach capaill í!
Níl a dhath coimhthís ná meargántachta inti, ach nach bhfuil a béal déanta fós, ach shílfeá go mbeadh sé in am sin aige feasta más leis a bheith déanta go brách
Dhá mbeifeá ag iarraidh a tabhairt ó thuaidh, bheadh sé chomh maith dhuit an leataobh ó dheas (den adhastar) a ríochan leis an leataobh ó thuaidh, mar níl a béal déanta ach an oiread leis an gcéad lá ar cuireadh an bhéalbhach ina béal
Dhá mbeadh a béal déanta ní dhá sníomh féin mar sin a bheadh sí le chuile chor dhá mbaineann sé as na hadhastair. Giorróidh sí sin léithe féin lá eicínt. I leaba a dhul isteach leis an móinín bán séard a dhéanfas sí siúl amach faoi lorry agus í féin a bhascadh
Fanadh sé ansin anois sa ngarraí sin nó go mbeidh a chosa déanta go maith ann! (asal bradach a cuibhríodh i ngarraí) — níl sa gcaint seo ach fonóid ar mhodh, mar séard a chiallaíos sí: nó go mbeidh sé in ann siúl ar a chosa; nó go mbeidh a dhóthain teanntáis aige ar a chosa le siúl orthu; nó go mbeidh a chosa sách urrúnta le siúl orthu
Tá a chosa déanta aige (páiste, lao nó miolgaire ar bith) — nuair a bhíos taithí ar shiúl aige; nuair a bhíos a chosa sách spreacúil lena gcur faoi agus siúl orthu
Bíonn bliain ar pháiste shul má bheas a chosa déanta aige. Ach ní bhíonn ar rud ar bith eile ach uair a chloig
Is diabhlaí nach bhfuil aon tsiúl ag an lao sin fós. Shílfeá nach mbeadh an fhad sin air go mbeadh na cosa déanta aige. Ní cheal muis nach bhfuil sé ag ól bhainne é. Ólann sé taoscán an bhuicéid dhá cheann de ló
Nach beag an mhoill a bhíos orthu ina dhiaidh sin nó go mbíonn na cosa déanta acu, théis chomh lag agus a bhíos siad. Chonaic mé uainín meirbh a bhí againn anseo an bhliain cheana, agus ní raibh siad déanta aige go ceann coicíse, ach más ea, ba donacht a bhí dhá dhéanamh air. Ní raibh lúd ar bith iontu go ceann fada
Ar chuala tú faoin gcailligh siúd a hiompraíodh go dtí an reilig. Ba gearr go raibh na cosa déanta aici, nuair a theann an faitíos léithe. Deir siad é: nuair is crua don chailligh caithfidh sí rith
Shílfeá théis a bheith ina luí gan cor ná car sa bplástar sin (othar eitinne) ar feadh dhá bhliain, go mba mhaith an scaitheamh go mbeadh a cosa déanta aríst aici, agus bíodh arann fhéin iontu. Ach deir siad go raibh siúl aici an lá ar baineadh as an bplástar í. Moladh go deo le Dia, is mór a bhíos ag cuid de na daoine le dhul thríd
Tá an seanfhaoileán ag múineadh flyála don fhaoileán óg. An bhfeiceann tú é. Níl a sciatháin déanta ag an gceann óg fós
Tá salachar déanta ag an ngort sin thiar (gort fataí) — tá sop nó luibheannaí ann a chaithfear a ghortghlanadh as
+
Tá sé an-déanta suas — gléasta; gléasta go gáifeach nó go gairéadach
TUILLEADH (7) ▼
Casadh fear dom ag dul suas bóithrín an C. D. inniu agus é an-déanta suas, faoi chollar is tie is eile. Ní mé cé a bheadh ann?
Tá mac ansin thoir ag S. Mh. C. agus tá sé chomh suimiúil, chomh déanta suas agus a bheadh máistir scoile ann. Ach ar ndóigh mo léan, b'fhurasta dhó an leithead a thabhairt óna mháthair
Bíonn siad chomh déanta suas le ladies Dé Domhnaigh, ach dhá bhfeictheá lá den tseachtain iad, ní fhaca tú i gcaitheamh do shaoil ariamh aon tsraoilleannaí go dtí iad. Chuirfidís úis ort. Ach déanann siad sin an oiread oibre agus a dhéanfadh triúr fear ar bith
Do dhuine gaelach mar é, diabhal mé go raibh sé an-déanta suas inniu, mura luadar pósta a bheadh air. Thiocfadh dhó gurb ea freisin
Duine de chailleaichíní na Gaeilge sin í. Ní bheadh aon bhean tíre chomh déanta suas sin. Ach dheamhan a fhios agam. Is measa mná na tíre anois ná mná an bhaile mhóir fhéin, go háirid ó tosaíodh ag dul go Sasana
Nach bhfuil an cúpla sin déanta suas le chéile aríst. Má b'fhíor go raibh an brachán dóirte: troid na mbó maol a bhí ann sílim
Cáid déanta suas í féin agus J. … Diabhal an féidir. Déanfaidh sí bonn anois mar adeir an bádóir. Is fada í ag iarraidh duine eicínt a fhostú agus tá aici faoi dheireadh. Fanfaidh an liobaire sin mór léithe, mar chinn sé air féin aon chailín a fháil
 
Dhá mbeadh déanta maitheasa ann, ní ag imeacht ina liúiste (leoiste) ar chnocáin a bheadh sé agus a athair bocht agus gan siúl an bhealaigh ann le neart sclábhaíochta
 
deara
Tabhair faoi deara go bhfuil rud eicínt air, ar ala na huaire (fainic nach bhfuil rud eicínt air; tá rud eicínt air). Dhéanfadh páiste an fhoghail atá déanta aige sa ngarraí le coicís. Ní théann sé amach ar aon chor, go n-ársaíonn an mhaidin amach, agus sin iontas d'fhear a bhí ina mhochóireach chomh maith leisean chuile lá ariamh
 
dearg 1
Murach go raibh an t-ádh dearg in do chaipín, bhí do chnaipe déanta
+
dearg 2
Tá an-deargadh déanta aige — dúchan (fc. dúchan); go leor talamh treafa nó curtha aige (faoi fhataí, meaingeals, nó mar sin. Ní deargadh a déantar le ithir nó lorg ach spré)
TUILLEADH (2) ▼
An bhfuil an deargadh déanta agat? Dar príosta is sclábhaí maith fir thú. Ní tada eile thú bail ó Dhia ort!
Tá deargadh mór déanta an taobh sin soir, ach tosaíonn siad sin ar an earrach luath. Is dóibh is fusa. Is acu atá a dheis
 
dearg- 3
Tá deargscéiméaracht déanta aige ar chaoi ar bith
 
dearmad 1
Nach maith luath atá dearmad déanta den bhaile aige
 
Chuile scéal dhá raibh agam ariamh, tá siad dearmadta agam anois. Tá dearmad déanta agam ar chuile mhíle ceann acu, tá sin
+
deas 1
Is deas déanta an staic de mhac é sin aige, bail ó Dhia air!
TUILLEADH (1) ▼
Deasóidh S. G. dhuit iad! 'Sé atá deas air! Dheamhan gréasaí déanta inchinnte air!
 
Chaith mé an lá ag deasúchán agus níl an deasúchan déanta fós. Tá mé ag ceapadh gan bhréig gan mhagadh go raibh an seantiúb tollta i míle áit, má bhí sí taobh leis. Tá sí faoi thaoibhíní as éadan anois. Níl orlach bacairt slán inti!
 
Leabharsa muise má fhágann tú faoin deidearún sin é go mbeidh sé déanta! Nár chuala tú ariamh é, gan amadán a chur i dteachtaireacht fir
 
deifir
Murach gur chuir mé deifir leo, ní bheadh an teach déanta go ceann bliana fós acu. Is cuma sa diabhal leo sin é ach cupla cúrsa a bhualadh air agus é a fhágáil ansin
+
deil 1
Níl aon cheo ón deil amach nach bhfuil déanta aige — níl aon cheo deilbhthe nach bhfuil sé in ann a dhéanamh; duine stuama
TUILLEADH (1) ▼
Is cuma sa mí-ádh céard atá sé in ann a dhéanamh. Dhá ndéanadh sé chuile shórt ón deil amach, níl a cheird aige. Breathnaigh air sin! Ar ndóigh níl déanta dhó (dhe). Dhéanfainn féin chomh maith é, ach leisce bualadh faoi
 
deil 2
Siúd é atá in ann a ndeil. Dhá bhfeictheá é ag cur straince air fhéin, thabharfá an leabhar gurb é P. Ph. déanta é. Buachaill báire é. Ní tada eile é, i nDomhnach
+
deilbh 1
Níl aon cheo deilbhithe nach bhfuil déanta ansin thíos aige. Sin é an buachaill! Is mór an stuaim a gheall Dia dhó thar dhuine ar bith ar an mbaile
TUILLEADH (2) ▼
Is furasta an t-earrach a chur dhá mbeadh an deilbh (deilbhiú freisin) déanta — leasú, socrú agus gach téisclim mar sin déanta. Dá mbeadh an stócáil déanta, níor bhrí an churaíocht féin a dhéanamh
Bhí chuile dheilbh eile déanta aige san oíche Dia Domhnaigh ach an pota a leagan síos, agus bhí sé le sin a dhéanamh an oíche sin. Ba cheart dó a bheith réidh faoi seo. Mura dtapaí tú é mar sin féin, dheamhan an striog a bheas aige. Ní túisce réidh anois é ná bhíos an iarraidh fuadaithe cruinn baileach. Mura bhfaighe tú aon deoir aigesean, tá tú réidh lena fháil in aon áit eile
 
Fág an chaint ag an té atá in ann a déanta. Ar ndóigh ní deilín cainte a d'fhéadfása a dhéanamh
 
Tá deimheas ar an bpiteoig de mhac sin ag M. T. ag éisteacht le faitíos nach mbeadh chuile scéala aige ag dul abhaile. Is 'c Thuathalánach déanta é (Mac Tuathaláin)
 
Go deimhin féin dhá mba duine den tsórt sin mé, is fadó a d'fhéadfainn é a bheith déanta agam
+
Níl deireadh déanta aige fós (báisteach)
TUILLEADH (9) ▼
Shíl mé go raibh deireadh déanta aige, ach níl (de shneachta)
Tá deireadh a cuid cuartaíochta déanta anois má tá sí ag dul ag pósadh
Tá sé in am agat deireadh do chuid caoineacháin a bheith déanta agat feasta
Is gearr go mbeidh deireadh na carraeireachta déanta agam i mbliana
Ba mhaith an damhsóir é, ach tá deireadh a chuid damhsa déanta sílim — tá sé réidh
Ní dhéanfaidh sé aon bhalla eile. Tá deireadh a chuid ballaí déanta
Tá deireadh mo chuid oibrese déanta anois, tá faitíos orm. Is gearr a mhairfeas mé
Tógadh é faoi dheireadh thiar thall. Nár theaga sé amach choíchin muis! Is iomaí mailís atá déanta aige ar dhaoine bochta ó thosaigh sé ag díolachán ansin.
Ghoin m'aire mé i ndeireadh na scríbe, ach bhí an anachain déanta — faoi dheireadh thiar; i ndeireadh na cúise
+
deis
Níl deis ar bith agamsa aon bhuille oibre a dhéanamh. Feiceann tú féin an chaoi atá orm. Bíonn an mhaidin thar droim shula bhíos freastal déanta agam ar bheithígh agus ar ghamhna
TUILLEADH (2) ▼
Sin é an deis bhuailte. Breathnaigh air. Duine ar bith a gheobhadh iarraidh dhó sin i mullach a chinn bhí a chnaipe déanta. Seas iarraidh dhom mura gcreideann tú mé!
Níl mé ar mo dheis ceart fós, ach nuair a bheas, feicfidh tusa dúchan déanta. Ní stró ar bith dhomsa an garraí sin a fhódú in imeacht cupla lá … Foighid ort go bhfeice tú!
 
Bhí chuile dheisiú déanta aige le dhul go Sasana, ach loic sé ina dhiaidh sin — chuile réiteach; chuile théisclim