Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déanta
1.
+
De dhéanta na fírinne (déanta na fírinne), níl a fhios agam cé hé féin = leis an bhfírinne a dhéanamh; for a fact, as a matter of fact
Déanta na fírinne (D'aonta? D'ionganta?) chuaidh sé amach an uair sin, agus ní fhaca muid ó shoin é
TUILLEADH (3) ▼
Dhe dhéanta na fírinne, tá an t-airgead agam, ach tá faitíos orm scaradh leis mar b'fhéidir go dtiocfadh éiliú air aríst
Déanta na fírinne ní dhíolfaidh mé iad go sásuighidh mé mé fhéin go maith. Tá an iomarca caillte agam leo, len a leigean uaim ar bheagán
De dhéanta na fírinne, phósfainn í an uair sin, ach ní raibh sí féin sásta, aindeoin gur shíl 'chuile dhuine gur mise a chuir suas dise, ach ní mé
2.
taithighthe, cleachttha (an t-aidiacht-bhriathar "déanta" a chuala mé i gcomhnaí ins na leaganachaí réamh-ráidhte i.e. déanta ar an scoil, déanta ar áit agus rl.).
+
Dhá mbeitheá déanta ar an áit, ní iarrfá a fhágáil choidhchin = dhá mbeitheá taithighthe ar an áit agus rl.
Chaith mise trí bliana in aon-áit amháin i Londain, agus ní mó ná déanta ar an áit a bhí mé in a dheidh sin. Tá Londain ins an an-mhéid a mhic ó mo chroidhe
TUILLEADH (7) ▼
Dhá mbeadh sí ann go deo ní bheadh sí déanta ar an áit.
Tá sé in am aice anois a cuid uabhair a chaitheamh as a cloigeann agus a bheith déanta ar an áit seo feasta. Ach is deacair le beithidhigh bradacha an tsléibhe sin, taithiú leis an gcladach. Dheamhan taithiú choidhchin 'fhad agus 'gheobhas siad ceirt ar thom!
Tá sé cho coimhigheach ar na daoine indiu agus a bhí sé an chéad lá in Éirinn ar tháinig sé 'th'éis go bhfuil sé in am aige feasta a bheith déanta ar na daoine
Sliabhadóir í. Nach bhfeiceann tú siubhal fada an tsléibhe aice. Is fada go mbeidh sí déanta ar an gcladach, is fada sin
Is contabhairt í an fhairrge nuair a bhíos duine déanta uirre féin. B'ait an currachóir é S. L. Ní bhfuightheá a leithide eile, dhá gcuirtheá slat ar sheacht bparáiste. Agus feacha in a dheidh sin, nach fánach an chaoi ar báitheadh é, an duine bocht …
Ní dhéanfaidh siad sin mórán cúis i gConndae na Midhe nó go mbeidh siad déanta ar an talamh agus ar an treabhadh. Agus is fada é sin. Is mór atá a fhios ag C. Sh. céard a bhaineas do chéachta go deimhin! Dá mbadh cloch a shínfí chuige agus rádh leis go raibh duine de Chloinn Mhac C. ag teacht aníos an bóthar …
Sé'n diabhal dearg é mara bhfuil tú déanta ar an mbaile sin fós. Breagh nach mbrughann tú orra. Ní fhéadfaidh siad thú a ithe. Buail amach ar cuairt, agus déan teanntás orra. Chonnaic mise laetheamhail fáilidhe ariamh iad, ach tá an iomarca de'n phúcaidheacht ag siubhal leat féin ó a chaithfeas mé a rádh leat …
+
Ní iongantas ar bith dhó a bheith mí-stuama agus gan é déanta ar an obair chor ar bith fós. Tóigfidh sé scathamh air a theacht isteach uirre. Is námhaid í an cheird gan a foghluim bíodh a fhios agad
Droch-bhicycle é sin; nó go mbeitheá déanta air, ach ó a bheitheá, ní iarrfá a mhalrait go deo. Tá sé seacht mbliana agamsa anois, agus bhain mé an-cheart dó (de). D'aireochthá buille trom é i dtosach, ach ní fhágfaidh sé ar an mbóthar choidhchin thú, marab é do chiontsiocair féin é. Sin rud amháin faoi ar chaoi ar bith
TUILLEADH (2) ▼
Deir siad an dream atá ag imeacht ins na báid aeir sin, nach mbeadh luighe ar bith aca le mótair ná le soithigh. Ní bheadh a ndóthain éascaidheacht' ionnta dóib. Chreidim gurb é an chaoi é, ó a bhéas duine déanta ar rud ar bith, nach mbíonn aon-tsásamh aige ann dhá fhuireasbhaidh. Ní thuas ionnta sin ab fhearr liom a bheith mar sin féin, agus gunnaí móra ag loscadh leat de'n talamh
Mara bhfuil sé déanta ar an scoil feasta choidhchin ná bac leis. Tá a chuid scoile ar iarraidh déarfainn. Dóigheadh sé a chuid leabhar agus fanadh sé ins an mbaile
3.
cinnte dhe, ag súil le, ag cruthú.
+
Bhí déanta len a bhás = bhíothas cinnte go bhfuigheadh sé bás; síleadh nach raibh indán eirghe dó
Peaitch bocht, tá sé ar na preaba deireannacha. Tá déanta len a bhás
TUILLEADH (9) ▼
Chuala mé go raibh siad déanta len a bhás. Nach diabhlaí sin, agus gan ann ach fear óg. Má tá sé dhá scór, 'sé a chloch-neart é. Níl sé lá ná leiceann thairis
Is ait an mac é an saoghal gan "doubt" ar bith. Tá siad déanta len a bhás anocht, agus nach bhfuil sé ach arbhú aréir go deireannach ó a chonnaic mé ag caitheamh léim fhada annsin thíos é, agus má bhí féin, níor náire dhó sin. Ní raibh aon-fhear annsin indon a dhul 'fhoisceacht 'mbeannuighidh Dia dhó
Bhí déanta len a bás ag dochtúirí agus ag sagairt agus ag 'chuile dhuine. Eitinn a bhí uirre agus chuaidh sí go doras an bháis léithe ceart go leor. Ach an té nach mbíonn an t-imeacht air, dheamhan bás ná bascadh a theagas air. 'Sí atá sean-bheo indiu, agus is gearr go mbeidh inghin in a méid féin aice, bail ó Dhia agus ó Mhuire orra beirt
Ní chuirfinn suim ar bith annsin. Má tá indán eirghe dhó eireochaidh sé, dhá mbeadh déanta len a bhás ag dochtúirí na cruinne agus ag Feara Fáil. Beannacht Dé dhuit. Cé mhéad duine a chonnaic muid cheana a bhí tugtha suas ag dochtúirí, agus 'siad atá luath láidir indiu. Is fearr é Dia ná dochtúr ar bith
Tá déanta len a bhás. Níl aon-tsúil go dtiubharfaidh sé mórán leis an oíche leis. Tá srannán ann anois a chloisfeá go réidh socair amuigh ag céim na sráide. Chuaidh an ola air indiu
Is minic cheana a bhí déanta len a bás, ach tá sí sin cho cruadh-chúiseach le glas-mhíol Márta. Ní mharbhóchadh tada í sin mara bhfaghadh sí amluadh faoi dhroch-thuairt sneachta; sin nó reodh 'sa sioc
Is beag an t-iongnadh go bhfuil déanta len a bás, má's í an tsean-bhean seo thuas atá tú a rádh. Tá aois mhór aice, agus níor fhan lúb ar bith innte le goirid. Dhá bhfaghadh 'chuile dhuine an oiread saoghail léithe, ní bheadh aon-údar clamhsáin aca
Sin é an chaoi a mbeadh sé sin, ag ithe agus ag gearradh ar 'chuile dhuine, dhá mbeadh déanta len a bhás. Ní fhaca mé a chuid siomsánacht ag aonduine i gcaitheamh an tsaoghail ariamh. Ach níl áird ar bith le tabhairt air. Sin é a bhealach. Dheamhan peacadh air
Tá déanta len a bhás. Leig de do chuid cumadóireacht' anois. Dheamhan tinneas ná tromas air, má sin é do scéal. Nach bhfaca mé ag stolladh romhair é ins an ngarrdha ó dheas de'n teach indé, agus mé ag dul thart
4.
críochnuighthe, amach agus amach.
+
Sin í na h-Éamuinn déanta = tá gaol aice le na h-Éamuinn, agus is leo atá sí ag dul ar gach uile bhealach (b'fhéidir nach mbeadh an gaol ann scaithtí, ach go mbeadh an chosamhlacht an-mhór i gcruth nó i dtréartha i.e. 'Sé Debhelera déanta é = tá sé ag dul i gcosamhlacht díreach le Mac Uí Debhelera as a chruth. Is Máilleach déanta é = tá bealaigh agus tréartha na Máilleach uilig ag siubhal leis)
'Sé P. L déanta é: an spágaireacht cheanann chéadna, an bruas céadna agus go fiú agus an "'Muire muise" tá sé aige
TUILLEADH (10) ▼
Sin é muintir Ph. Th. Mh. déanta. 'Bhfaca tú an stiúir a chuireas sé air féin agus é ag innseacht rud ar bith dhuit? An stiúir chéadna a bhíodh ar Ph. Th. Mh. go ndéanaidh Dia grásta air
Nach mbeadh a fhios agad gurb é "Spairteog" déanta é. Feacha cho fearamhail agus atá an imeacht atá faoi
Sin é Hitler déanta. Bhfaca tú a shamhail ariamh ach é ó phictiúr Hitler. Ní bheadh a fhios ag duine cé'n "breed" a bheadh ins an dream céadna
Níl ann ach malraichín ach is Curraoineach déanta é in a dheidh sin. Tá sé ag imeacht i ndoirse dúinte ag tóraidheacht scéalta cheana féin
'Sé P. Ó. N. déanta é. 'Siad an dhá chupóig chluas atá air ar chaoi ar bith. Shílfeá go mbeidís siúd ins an mbealach air
Is Árannach déanta í. Tá an-tslinneáin agus an-chlár droma aice, baile ó Dhia agus ó Mhuire uirre
'Siad an mhuintir thiar déanta é. D'aithneochthá an truisle cheana féin ann, aindeoin nach bhfuil sé thar naoi nó deich de bhlianta. Agus ar thug tú faoi deara cho buidhe bealuighthe, agus atá sé
Diabhal fear beo a d'fheicfeadh é nach n-abróchadh gur tincéara déanta é. Tá an ghruaig agus an ceann aghaidh céadna air agus atá ar na M.s a d'fheicfeá ag dul thart annsin
'Siad Cloinn nDonnchadha déanta iad clann L. sin. Faltanas mhuintir Laidhe agus buille feill Chlann nDonnchadha, a chuala mé ariamh. Is aca sin atá an buille feill ar chaoi ar bith. Bheadh an tsúil ar do bhois aca shul a d'aireochthá é
D'eile céard í ach bean Achréidh déanta. Ón a máthair a thug sí na bealaigh sin. As an Achréidh muintir na máthar frén a chéile. Ach shílfeá go bhfuil siad cho fada ins an áit seo anois agus go mbeidís taithighthe ann

Féach freisin

Déanta in iontrálacha eile (50+)

 
fara
Tá lot déanta ag an ógánach sin (an sionnach) annseo le bliain. Dar fiadh tá! Meastú nachar scuab sé sé cinn de chearca breá amach den fhara uaim. Fuair sé leigean eicínt orra. Sé atá i riocht
 
Aimsir fhearthainne den tsórt seo b'fhearr do dhuine fanacht chois na teine, agus gan a bheith dhá chailleadh fhéin, ar scáth a mbeadh déanta aige. Ní raibh aon-cheó ariamh de bharr breac aimsir mar seo
 
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
 
Níor mhór dhuit agad d'fhear fobhairne an lá sin. Bhí do chnaipe déanta marach go ndearna sé tártháil ort. Mharódh na Peaitseachaí thú
 
focal
Níor fhan focal cainte aige. Shíl muid go raibh a chnaipe déanta
 
Bhí tuitim feóir ann ag an gcodladh. Is suarach an t-íonadh, agus a bhfuil de ragairne déanta aige le coicís
 
'Ar ndú ní ag brath ar a dhul amach san bhfothramán farraige sin a bheitheá? Níl aon-churrach déanta atá indon a mharaíocht. Cén chruadhóg amach atá ort, nó go dtige an aimsir sin in araíocht?
 
Nach freochanta atá an laoighdín sin. Ní maith a bhí a chosa déanta aige, nuair a bhí sé ag breathnú soir thar claidhe. Má theigheann sé len a mháthair, is dual dó an bhradaíl a bheith ann. Ba é díol an chlampair í a choinneál anoir thar an gclaidhe sin ach oiread
+
Dhein sé fudarnéis den áit len a shean-mhótar. D'iagóir Dé dhó nar fhága é san áit a raibh sé! Tá íosbairt déanta ar chearca aige ar chaoi ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Tá fudarnéis déanta aca de na daoine len a gcuid páipéir. Cén ghnotha atá ugainne dá gcuid páipéir? Má theastaíonn siad cho géar sin uatha, breá nach dtagann fear uatha fhéin timpeall agus a líonadh?
 
Fágfaidh mé an Luan ag an gcladach. Is beag eile a bhéas déanta agam ach a mbeidh mé réidh leis an tráigh = ag obair san gcladach a bhéas mé Dé Luain
+
fág
Is maith an cúl toraic aice (ag Sasana) Meiriocá. Ba í a shábháil í an dá gheábh seo. Má ba thíos a fuair sí [í], ba in a seasamh a d'fhága sí í. Bhí a cnaipe déanta marach Meiriocá
TUILLEADH (2) ▼
Ná himigh go bhfága tú an bainne déanta = déan an bainne sul a n-imí tú
Fág neart aráin déanta l'aghaidh an lae amáireach = déan
 
Ní bhíonn rud óg ar bith cho fágha leis an naoineán. Breanaigh an t-uan, an laogh agus an searrach! Bíonn a gcosa déanta aca faoi cheann uair an chloig th'éis a mbreithe. Ach cáid a bhíos páiste ag tónachán agus ag lámhacán sul a dteaga siúl dó? Bíonn sé scathamh maith.
 
Tá muileann solais déanta aige ach níl sé ag féadachtáil an fháideóig a chur ann. Nach stuama an duine é? Bhí sé sin deaslámhach ariamh. Ní raibh ann ach é ag fáil leigean ar an rud, agus dhéanfadh sé féin aríst é
 
Caithfidh mé eirí le fáinniú lae amáireach agus a dhul indiaidh coiníní. Tá foghail déanta aca san ngeamhar sin thuas
 
Shílfeá go mbeadh obair eicínt déanta aige de bharr a chuid ama. Ní hé a cheal muise nach mbíonn fíbín air chuile mhaidin ag dul chuig an ngarraí
+
fóir
Níl buille maitheasa déanta agaibh ó mhaidin. Go bhfoire Dia ar an té atá in ur gcleithiúnas!
TUILLEADH (1) ▼
'Bhfoire Dia air, másin é a bhfuil déanta aige fós!
 
Níl caolóid a' gabhail leis an ngarrdha, nach bhfuil cis ar asair déanta ag na beithidhigh dhe.
 
Is iomdha fear maith a mb'éigean dó seal a chaitheamh ar a chaomhamhaint. Ní fáth náire ar bith é sin, mara mbí coir thútach déanta agad.
+
ceal 1
Cheal cleachta atá dhá dheanamh sin dhuit. Dheamhan a dhath stró a bheidheas ort, ach a mbeidh tú déanta ar an obair = ach a dtaga tú igcleachtadh na h-oibre, ní bheidh mairg a' bith ort.
TUILLEADH (1) ▼
Mara bhfagha sí na flaithis, ní cheal a shaothruighthe é, ar chaoi ar bith. Tá casán dearg déanta chuig a' séipéal aice, chuile mhionnóid sa ló.
+
Dheamhan a bhfaca tú a leithide de chiseach déanta d'aon-rud ariamh mar tá déanta de'n gharrdha fataí sin thuas ag caoirigh Ch. Níl aon-mhaith iad 'fhuagairt di. Brath mór atá agham iad a thiomáilt (thiomáint) chuig an ngarrdha gabhann.
TUILLEADH (1) ▼
A' mbeadh an oiread de'n bhallséire ort a's go dtiubharfá bhót (vote) dhóib sin? Nach bhfeiceann tú go bhfuil ciseach déanta aca(b) de'n tír. Ach is deacair cuid de na daoine a chomhairleachan.
 
Caithfe mé a dhul go dtí ciseadóirí An Taobh Mín, go bhfagha mé ciseán ceart déanta, faoi chomhair mo mhná. Níl aon-mheas aice ar chiseáin na h-áite seo. (magadh a's fonóid).
 
cobha
Thiocfadh sí ó'n gcabh, marab é an galra cám a bheadh dhá bualadh. Má's é, tá a cnaipe déanta.
 
Níl déanta ach coirpéis a' tighe fós.
+
Má tá sé moltanach fhéin ar a' gcliamhain leabharsa badh chumaoin dó. Dheamhan buille a bheadh déanta aige, marach a dtugann sé de laetheantaí isteach dó.
TUILLEADH (1) ▼
Má rinne féin, ba chumaoin dó, a mhanam. Is fada go mbí an oiread déanta aige, a's a rinne sé fhéin dó.
+
Má's ingan-fhios nó igcoimhfhios a rinneadh é, nach hé an dá mhara chéile é anois. Tá'n dochar déanta, a's nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall.
TUILLEADH (1) ▼
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
Cé'n chaoi a dtaithneochadh sé leat fataí cosnochtuighthe a fhaghail dhá cheann de ló, mara 'bhí ann nuair a bhí mise ag eirghe suas? A's chaithfeá dhá uair oibre a bheith déanta agad ar maidin sul a bhfaightheá na fataí fhéin!
 
baile
M'anam ó Dhia, go bhfuil lá (fhei)l' Pádraic ar ghort a' bhaile, a's gan tada de'n Earrach déanta aghainn fós imbliadhna.
 
bannaí 1
Má tá'n t-áirleacan istigh, a's gan an íocuigheacht déanta, leanfaidhear, lucht an bhannaidhe faoi. Siúd iad, nach leigfe a leas i bhfad ar cáirde, ó bheidheas an lá thuas.
+
Tá bealach cairr déanta go dtí an teach anois aige = tá casán nó bóithrín, a bheadh in araidheacht ag carr a dhul air, déanta go dtí an teach aige anois.
TUILLEADH (1) ▼
Tá iarracht maith ar a' mbealach anois aghainn; tá congnamh maith de'n bhealach déanta againn; is gearr go mbí muid ag deire an bhealaigh; is gearr go mbí deire an bhealaigh déanta aghainn = tá muid ionann's ag ceann scríbe
 
Tá an méid sin déanta, go leige Dia slán na daoine. 'Ar bharr na binne a bhío(nn)s críoch', seadh sin.
 
Ní bhuachfa (bhuaidhfe) aon-duine mórán ar a bhfuil de choirce inGarrdha an Fhóidín, imbliadhna arae tá curásach déanta aige as cnáimh-éadain.
 
biorach 1
Bhí leisce orm baint leis an gceathair, a's leig mé tharm biorach go dtí fear déanta é.
+
Dhá mbeadh chuile shórt déanta aghainn, go dtí claidhtheachaí a bhiorrú, dheamhan a mbeadh basctha dhínn.
TUILLEADH (1) ▼
'Sé anois a thráth muis, a' biorrú an chlaidhe, nuair atá an fhoghail déanta.
 
bocht 1
Má tá an t-Earrach déanta aige fhéin aige, nach bocht dó sin! Áit a bhfuil dháréag a's píobaire! = is suarach a' t-iongnadh dó (is beag a' dochar dhó; b'iongantas é mara mbeadh; tá air aige; is ceart dó; etc) an t-earrach a bheith réidh aige (an cur a bheith déanta aige), arae tá congnamh mór aige. (Trí dhuine dhéag cloinne, nó go leor cloinne).
 
Tá aibéis déanta aige d'fhear an phosta, a' rith roimhe chuile lá.
+
Aon chás amháin duit aithmhéala ort nó dhíot, ó tá an míllteanas déanta.
TUILLEADH (4) ▼
Bhuail daol aithmhéala é ar an dá luath agus a raibh an marbhú déanta aige.
Leig de do chuid aithmhéala. Níl aon-mhaith sa seanchus nuair a bhío(nn)s an anachain déanta.
Caith thart í mar aithmhéala. Ní leigheasfa sí a bhfuil déanta anois.
Ó tá sé déanta a's go bhfuil, ní leigheasfa aithmhéala é.