Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
seandéanta
·
Siúd cruacha seandéanta. Is furasta a aithinte orthu é, agus an chaoi a bhfuil siad tite ar a chéile — cruacha móna atá déanta le fada
Tithe seandéanta iad sin agus ní fheicfidh tú aon fhraighfhliuchas iontu, ní hé sin do na tithe nuadhéanta é. Dheamhan ceo a cuireadh ag déanamh na dtithe nua sin ariamh ach seancheirteachaí agus fóide móna, agus scamall beag moirtéil taobh amuigh orthu le dallach dubh a chur ar na daoine

Féach freisin