Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Seandéanta
·
Siúd cruacha sean-déanta. Is furasta aithinte orra é, agus an chaoi a bhfuil siad tuithte ar a chéile = cruacha móna atá déanta le fada
Tithe sean-déanta iad sin, agus ní fheicfidh tú aon-fhraighfhliuchas ionnta, ní hé sin de na tithe nua-dhéanta é. Dheamhan ceó a cuireadh ag déanamh na dtithe nua sin ariamh ach sean-cheirteachaí agus fóide móna, agus scamall beag muirtéil taobh amuigh orra le dallach dubh a chur ar na daoine

Féach freisin