Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déan le
1.
a.
+
Céard a rinneadh leis an tsluasaid a bhí ansin. Ní fheicim chor ar bith le seachtain í
Séard a rinneadh leis an airgead faoi dheireadh agus faoi dheoidh, agus ba é a bhí a dhéanamh leis ó thús, tugadh don tsagart é, agus cead aige a rogha rud a dhéanamh leis
TUILLEADH (2) ▼
Meas tú céard a rinne sé le mo rópa inné — mo ghad maoil; é a ghearradh ina dhá leith
Déan do rogha rud leis, agat féin is fhearr a fhios
+
Ná déan an rud leis a rinne S. Bh. liomsa: mo léine a stróiceadh trasna mo bhrollaigh ar fad. Dheamhan focal bréige ann
Mura ndúna tú do smut, déanfaidh mise an rud leat a rinne C. B. leis an tincéara: do shrón a chur isteach in do chluais
TUILLEADH (10) ▼
Mura n-éirí tú as anois déanfaidh mé rud leat: do phus a bhriseadh
Má chloisimse an focal sin as do bhéal aríst déanfaidh mé rud leat: beidh mé ag gabháil ort chomh uain is a gheobhas mé teas in do chraiceann
Déanfaidh sé rud leis go deimhin. Is beag dhá chuid gaisce é sin. Dhá gcaitheadh sé cur leis, bheadh smideannaí beaga aige, deirimse leat.
Déanfaidh mise rud leis: é a fhuagairt don phóilí má fheicim ag guairdeall timpeall na háite níos mó é
Bhí rud a dhéanamh léithe: gan a ligean isteach anseo níos mó, má tá sí chomh cabach sin
Tá rud a dhéanamh leis sin, rud a comhairleos é, feicfidh tú féin air: gan an carr a thabhairt dhó níos mó. Déanadh sé dhá uireasa, mura bhfuil de mheas aige air ach sin
Tá rud le déanamh le fear ar bith a bheas ar a cheird sin: cead óil a thabhairt dó go n-óla sé an fheoirling deiridh. Ansin cead aige beatha a bhaint as a chrága
Bhí rud a dhéanamh leis sin: cúig nó sé de cheanna dá chuid starrógaí a chur síos ina bholg. Dhúnfadh sin a bhéal, d'fheicfeá féin air
Abair go bhfuil rud a dhéanamh leo: an rud a rinne P. Ph le asal an tincéara nuair a rinne sé foghail air: é a chur ar thaobh cúl a chinn i gclaise, agus créafóig a chur uileag air, le nach mbeadh aníos ach a dhá shúil
Ba dual athar dó a bheith ar an sceaimhínteacht sin. Ar chuala tú faoin oíche ar tháinig an triúr acu anoir ón S. agus iad buailte ag duine eicínt. Bhuail aon fhear amháin an triúr dearthár. Ag teacht aníos in ucht Chnocán na gC., agus fios acu nach raibh duine ar bith ann le aon tréas a chur orthu, sheas siad suas i lár an bhóthair. 'Séard a bhí le déanamh leis,' adeir T., 'cor a chur ina mhuineál.' 'Agus an fíonnach a bhaint de phlaic a thóna le cic,' adeir L. 'Agus scian a chur ann idir boilg is barreasnacha,' adeir M. 'Agus summons a thabhairt air ina dhiaidh sin.' Ba in iad an triúr bullies agat. Is suarach an t-ionadh go mbeadh mac duine acu ag imeacht as a chranna cumhachta scaití
+
Ní raibh le déanamh leis ach fuil a chroí a chur ar a chac, an bithiúnach bradach
Ní raibh le déanamh léithe ach a caitheamh amach ar fad
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh le déanamh leis go díreach glan ach é a dhathú ina chuid fola
'Sé a raibh le déanamh léithe sin, cead a thabhairt di a dhul a chodladh ina troscadh nuair nach bhfuil aon mheas aici ar an rud a leagtar chuici
+
'Sé a dhéanamh leis é — sin é an gléas, an dearadh, nó an cóiriú air; sin é an rud a thuill sé agus ba cheart a dhéanamh leis
'Sé a dhéanamh leis é — é a chrochadh — ná duine ar bith eile a dhéanfadh a leithide de choir. Dhá dtugtaí cead a chos dó sin, nárbh fhurasta dhó a dhéanamh aríst
TUILLEADH (8) ▼
Cinc a mhuiníl a bhriseadh: ba é a dhéanamh leis é, mar is deargscabhaitéara críochnaithe é
An rud adúirt tú ar baillín faoin gceann eile, ba é a dhéanamh leisean freisin é. Rómhaith a bheadh sé aige, duine ar bith a chuaigh i gcleithiúnas a leithide de chleas a dhéanamh ar chréatúr ar bith. Nár bheag an tsúil le Dia a bhí aige!
Tuilleadh diabhail agus dúin (deamhain) anois acu! 'Sé a dhéanamh leo é. Tá sé ag teacht ar ais ar a méis féin anois acu. Bíonn cothromacan síne na huaire ann adeir siad. Má ghníonn duine an éagóir, agróidh Dia air é luath nó mall
É a bhriseadh. Bhí an ceart ag an mboss: ba é a dhéanamh leis é. Is maith an rud tamall le spóirt adeir siad. Ní raibh aon mhaith aigesean ann mura gcaitheadh sé an lá ar fad ina chónaí, agus cén bhrí, ach nach mba bheo é mura dtéadh sé ag déanamh gaisce faoi
Chaith S. amach i ndiaidh a mhullaigh ar an tsráid é agus ba é a dhéanamh leis é freisin. Ní raibh aon ghair ag S. seasamh leis ní b'fhaide. Chaith sé an oíche ag ullmhúchan achrainn — an spliota bradach
Cuirfidh an sagart amach ón damhsa S. B. agus má chuireann féin, 'sé a dhéanamh leis é. Ar ndóigh duine ar bith a thiocfadh isteach ar t'urlár sa gcruth sin, nach mór dhá fhonn a bheadh ort fhéin a chaitheamh amach. Cheal nach mbeadh?
D'ionsaigh mé go binn é, agus má d'ionsaigh féin, ba é a dhéanamh leis é. Tá a fhios ag mo chroí nach bhféadfainn stuaim a choinneáil ar an bhfoighid agus an sclaibéireacht a chonaic mé air fhéin. Chuirfeadh sé tonn taoscach ar mhadadh, chuirfeadh sin
Dúirt mé léithe a dhul agus móin a fháil ó Mh. ó bhí sí chomh mór sin leis agus gur thug sí ar a bainis é, lá is nárbh fhiú léithe deoraí eile ar an mbaile a thabhairt ann. Dheamhan tiomanta caorán a thug mise di. Nach raibh an ceart agam, nó nárbh é a dhéanamh léithe é.
+
Ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa, hé brí céard a dhéanfas sé le (bheith drochmhúinte le) duine ar bith eile — thiocfadh dhó a bheith drochmhúinte le daoine eile, ach ní bhíonn sé drochmhúinte liomsa
Ní chaithfidh sé aon bháisteach anocht, hé brí céard a dhéanfas sé lena caitheamh amárach
TUILLEADH (11) ▼
Hé brí céard a dhéanfadh sí le bheith amuigh sa ló, níor cheart a fágáil amuigh san oíche go háirid
Níl aon deich scilleacha agam, hé brí céard a dhéanfas mé le coróin a bheith agam
Níor dhúirt mé gur tusa a ghoid é, hé brí céard a dhéanfainn le rá go raibh tú ann lena linn
Ní cheannóidh mé aon chapall ar chaoi ar bith, hé brí céard a dhéanfas mé le bromach (a cheannacht) — b'fhéidir go gceannóinn bromach
Níl díol tí de chlocha ansin agat, hé brí céard a dhéanfas siad lena chur stór amháin
Níl mo dhóthain tobac ann amárach, hé brí céard a dhéanfas sé le mo dhóthain a bheith ann anocht
Níl sé aon dá scór, hé brí céard a dhéanfas sé le bheith deich mbliana fichead
Níor shiúil tú aon dá mhíle, hé brí céard a rinne tú le míle a shiúl. Ach tá sé crua aige a bheith míle féin
Ní ghabhfadh sí aon scór, hé brí céard a dhéanfadh sí le dhul ocht bpunta dhéag
Ní leagfainn láimh ar Ph., hé brí céard a dhéanfainn le T. a bhualadh
Is beag an baol atá air a bheith chomh láidir leatsa, hé brí céard a dhéanfas sé le bheith chomh láidir le M.
b.
+
Bhí sé ag déanamh an droch-cheann lena bhean
Is fada an lá í ag déanamh droch-cheann leis an seanfhear sin. Ní bheadh a fhios aici cé a dhéanfadh an cleas céanna léithe fhéin fós, ná dheamhan cuid d'fhios
TUILLEADH (1) ▼
Sin í an cailín a dhéanfadh an droch-cheann leat, murach go ndeachaigh tú roimpi in am
+
Tá sé ag déanamh mór liom aríst; ag déanamh mórtais liom aríst — tá sé ag brú carthanais orm
Lig dhó anois. Nuair a imeos an stuaic sin dhe, déanfaidh sé mór leat aríst. Fág faoi féin é. Ní fhéadfaidh sé a chaitheamh in do bhéal ansin choíchin gur tusa a thosaigh ag brú air.
TUILLEADH (8) ▼
Ba ghearr briste amach iad an t-am a ndearna siad mór le chéile aríst. Tá siad mór ó shin. Gheobhaidh tú bainis orthu lá ar bith feasta. D'éireodh dhuit. Nach col ceathar dise thú?
Sin é a raibh de shiocair aige, scáth na cupla focal sin adúirt na gasúir! Níor bheannaigh sé dhom i gcaitheamh ráithe. Dheamhan arbh fhearr liomsa caoi dhó ná gan beannú. Ní dhearna mé beag ná mór leis ó shin
Ná déan beag ná mór léithe sin, ach lig thart í. Lig thart an fear aniar agus ní baol duit an fear anoir adeir siad
Dhá mbeadh fonn air déanamh mór liom, b'fhurasta dhó, ach d'aithneodh dall gan súil nach bhfuil. Bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Ní dhearna mise tada air. Má ghéill sé do bhréaga níl neart agamsa air
Ní dhéanfainn mór léithe dhá mbeadh Éire taobh léithe. Ba deas é m'fhéirín muis: scaoinn mhór fhada bhealaithe, agus muineál corr éisc uirthi. Ba mhaith an dóigh í le t'ais sa leaba maidin sheaca!
An diabhal bocht muis, is furasta a díol d'fhear a thabhairt di anois! Dhéanfadh sí mór le duine ar bith a dhéanfadh mór léithe, ach is mór m'fhaitíos go bhfuil sí sa ngearradh dhíobh. "An tslat atá sean, ní fhanann uirthi aon mheas"
Bhí mé mór léithe, ach má bhí agus go raibh, ní fheadfainn déanamh sách mór léithe, lena pósadh — an uair sin go háirid. Bhí mo dhóthain aiféala orm aríst faoi, ach bhí mé aisti ansin. Níl a fhios, adeir siad, cé is fhearr an luas nó an mhoill
Ní túisce máistreás nua ann ná a dhéanas sé mór léithe. Agus ní túisce imithe í, ná a bhíos sé ar an gceird chéanna leis an gcéad cheann eile. Cén bhrí ach é thar am pósta aige. Tá i nDomhnach!
·
Bhí sé ag déanamh láíochta liom (fc. láíocht)
Thosaigh an gadhar ag déanamh lufáire (lúcháire) liom (fc. lúcháire)
c.
·
Rinne sé bréag leat. Rinne sin. Ní raibh sé ann, beag ná mór
Ní dhéanfaidh mé aon bhréag leat. Mé fhéin a stróic é
2.
a.
+
Déanfaidh mé leis — tiocfaidh mé leis; níl sé sách maith ar fad, ach déanfaidh sé cúis
Thug tú coróin dom. Déanfaidh mé léithe
TUILLEADH (1) ▼
Ná bac lena dhul dhá iarraidh. Tá casúr ansin. Déanfaidh mé leis
b.
·
Déan réiteach leis an siúcra sin. Ní hionann anois agus an uair a raibh siúcra ann go barr bachall
Mura ndéana sibh réiteach leis an mbraon fuisce sin, ní riarfaidh sé lucht na sochraide. Níl maith ar bith agaibhse ann, mura ndéana sibh flaisc

Féach freisin

le