Foclóir Mháirtín Uí Chadhain

láíocht (7)

 
de
Ag déanamh láíocht liom a bhí tú! B'fhéidir gur den láíocht duine a ghortú!
 
Bhí sé ag déanamh láíochta liom (fc. láíocht)
 
As deireadh na faidhleála, ba mhian leis a dhul ar láíocht, ach diabhal cos an chinn eile nach ag borradh leis an achrann a bhí sé
 
Tá an-láíocht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé diongbháilte ina dhiaidh sin féin. Breathnaigh air Satharn ar bith i nG. Níor léir dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige, féint (féachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
 
Nach diabhaltaí an doicheall a bhíos uirthi i gcónaí thar is duine ar bith eile. Níl aon duine sa tír nach gcuirfidh aighneas lách ar an mbóthar ort, ach caithfidh sí i gcónaí a bheith ina duine inti féin. Nuair a bhíos fonn láíochta uirthi, bheadh sí ag dul siar in do bhéal, ach ar an toirt boise aríst bheadh stainc uirthi. Is diabhlaí an chaoi a mbíonn cuid de na daoine
 
Téirigh ar láíocht leis. 'Sé an beart is fhearr é sílim. Ní bhréagfaidh tú go deo é le drochmhúineadh
 
Déarfá go ndeachaigh sí chun láíochta ó d'imigh sí. Sílim go ndeachaigh freisin. Shílfeá nach bhfuil sí chomh bundúnach agus a bhíodh sí