Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diongbháilte
aidiacht
deangmháilte adeirtear
níor chuala mé aon ainmfhocal leis
leitheadach, postúil, tréipléiseach, suimiúil, bainte amach.
+
'Sé atá diongbháilte
Tá a dhóthain talúna faoin mac seo aniar. Ach ní bheadh sé ina mhac ag S. L. mura mbeadh sé diongbháilte. Ba suimiúil an giota fir é a athair fhéin, an fhad is bhí lúd corraí amach ann
TUILLEADH (9) ▼
Nach diongbháilte an mhaise dhi anois é? Ba mhinic bean thréipléiseach amach as a baile, ba mhinic sin. Bhí seisear acu ag C. Mh. agus ba suarach an chaoi a chuir siad orthu fhéin ina dhiaidh sin. Dheamhan fir sa tír ba mheasa ná a fuair siad
Tá sé ina fhear sách maith murach chomh diongbháilte agus atá sé. Ach tá an oiread gardaí agus floscaí aige ina dhiaidh sin, agus nach féidir a phlaseáil (please). Bhí sé ag iarraidh mná ansin an bhliain cheana, agus ní shásódh duine ar bith é, mura bhfaigheadh sé máistreás scoile. Faigheadh sé iad sin feiceamuist!
Is cailín gan sásamh í, ná ceann ar bith eile atá chomh diongbháilte léithe. Bheadh an cheird sin ceart go leor ag bean a mbeadh posta ó ghovernment aici, ach suaróigín ar bith a chaithfeas a dhul ag spágaireacht thrí na lathachaí anseo, beidh rud thairis sin ar a haire!
Tá an-láíocht ann mar sin, ach ní fhágann sin nach bhfuil sé diongbháilte ina dhiaidh sin féin. Breathnaigh air Satharn ar bith i nG. Níor léir dhó duine, leis an dearcadh a bhíos aige, féint (féachaint) a bhfeicfeadh sé na boicíní. Cuirfidh mé geall leat nach bhfeicfidh tú ag bualadh aon bhleid ar fhear na tíre é. Mo chreach mhaidne ghéar thú!
Tá sé chomh storrúil chomh diongbháilte agat, agus go sílfeá gur leis féin an bóthar uileag dhá bhfeictheá ag spaisteoireacht é. Ar ndóigh, sin í an onóir dhona aríst
Goití beaga iad sin atá aici. Níl aon lá ariamh nach diongbháilte mar sin a chonaic muid chuile dhuine dhá dream. Ba bheag dhá shlacht a bhí orthu muis. Cine faoi chopóig!
Is diabhlaí an mheas atá ag an gcarracháinín sin air fhéin. Tá sé an-mhóiréiseach, an-diongbháilte ann féin. Shílfeá gur ar a thóin féin atá an ghrian ag éirí. Ach cá bhfágfadh sé é: mac Mh. Ní Fh.
Níl aon chall do bhean ar bith a bheith chomh diongbháilte agus atá sise. Cén éadáil í ach an oiread le duine ar bith eile. As na faochain a fáisceadh í chomh maith linn ar fad. Ach do dhúshlán sin a shamhlú léithe ina dhiaidh sin!
Nach diongbháilte an mhaise dhó é! Síleann sé má tá culaithín éadaigh air, agus watch ar a rosta (rí), go bhféadfaidh sé a dhul ag déanamh dóighe de na daoine. Tá dul amú air muis. Bhí cuid againne i mbailte móra nach mbeadh i mBaile Átha Cliath ach púirín caorach lena n-ais. Má théann sé sa gceann sin leis, is orainn nach mbeidh an mhairg é a inseacht dó ach an oiread