Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díreadas, díríocht
ainmfhocal, fireann agus baineann fó seach
is minice díreadasdíríocht i gceist i gcaint
 codarsna caime.
a.
+
Níl mórán díreadais sa gclaí sin. Más leat díreadas a bheith i gclaí agat, ní mór dhuit dorú a leagan leis
Theastaigh uaidh an méid sin díreadais a chur ann ar chaoi ar bith. Bhí casadh ciotach ansin: an casadh ba mheasa ar bhóithrí
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá gur beag an díreadas atá sa tslat iascach sin
Ní mórán díríochta eile anois a ghabhfadh inti nuair a bheadh sí ceart. Stangadh beag eile agus beidh sí ar fheabhas
Cuir díreadas eicínt in do dhroim a scrataí!
b.
 géire.
·
Nach san ard sin atá an díreadas! — é an-ghéar; caitheamh le fána thar cionn ann
c.
 cneastacht, macántacht.
·
Fuair tú amach muis an té a mbeadh díreadas ann. Níl, ná in aon duine dhá dhream. Is fada taobh thiar dóibh a d'fhága siad é
Níl díreadas ar bith sna daoine anois le hais an dream a bhí fadó ann. Chuile líne ag dul chun míne agus chun bréige adeir siad

Féach freisin