Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Díreadas, dírigheacht
ainm-fhocal, fireann agus buineann fó seach
Is minice "díreadas" ná "dírigheacht" i gceist i gcaint
cotarsna "caime".
a.
+
Níl mórán díreadais ins an gclaidhe sin. Má's leat díreadas a bheith i gclaidhe agad, ní mór dhuit dorugha a leagan leis
Theastuigh uaidh an méid sin díreadais a chur ann ar chaoi ar bith. Bhí casadh ciotach annsin: an casadh ba mheasa ar bhóithrí
TUILLEADH (3) ▼
Shílfeá gur beag an díreadas atá ins an tslat iascach sin
Ní mórán dírigheacht' eile anois a ghabhfadh innte an uair a bheadh sí ceart. Stangadh beag eile agus beidh sí ar fheabhas
Cuir díreadas eicínt in do dhruim a scrataidhe!
b.
géire.
·
Nach ins an árd sin atá an díreadas! = é an-ghéar; caitheamh le fánaidh thar cionn ann
c.
cneastacht, macántacht.
·
Fuair tú amach muis an té a mbeadh díreadas ann. Níl, ná in aon duine dhá dhreám. Is fada taobh thiar dóib a d'fhága siad é
Níl díreadas ar bith ins na daoine anois le h-ais an dream a bhí fadó ann. 'Chuile líne ag dul 'un míne agus 'un bréige adeir siad.

Féach freisin