Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúilicín
/d′ūl′ikīn/
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: diúilicíní
1.
iasc sliogáin. Sliogán dubh nó dubhghorm orthu agus é an-chrua. Rudaí caola fada agus goib bhioracha ar chloigeann díobh. Tá dhá shliogán os cionn a chéile agus féadann an diúilicín féin a n-oscailt, ach ní fhéadfadh duine sin a dhéanamh gan a mbriseadh le cloich. Ní hé an mhéid chéanna atá iontu ar fad. Bíonn cuid acu ríbheag agus cuid atá chomh mór le croí do bhoise. Tá snáthacha astu, agus greamaíonn siad iad féin do na carraigreacha leo. Ach is féidir leo na snáthaíochaí seo a scaoileadh agus a dhul ag fáiteall. Bíonn siad le fáil in áit ar bith ó bharr cladaigh go díthrá, agus bíonn inbhir abhann brataithe leo. Baineann iascairí go leor dhíobh le haghaidh baoití, ach itear iad freisin. Bruitear iad agus bia dearg milis atá iontu ach iad a bheith bruite. Tá cineál ann a dtugtar diúilicíní capaill orthu agus tá méid mhór iontu (fc. freisin sleabhcán diúilicíneach, creathnach diúilicín, gad diúilicín). Tugann daoine maorachaí ar na diúilicíní.
+
An-bhaoite mangach é an diúilicín nó na maorachaí sin atá ar na carraigeachaí
An bhfaca tú aon áit ariamh atá foirgthe le diúilicíní nach (ach) na carraigreachaí sin thoir ag bun na habhann. Tá agus Carraig an tS. brataithe leo freisin. Agus cuid de na ceanna atá ann, tá siad san an-mhéid. Tá diúilicíní abhus ar Charraig an tS. agus ní fiú tada iad le aghaidh baoite: tá siad róbheag, ach an-bhaoite go deo na daigéid atá thoir
TUILLEADH (2) ▼
Gheofá neart diúilicíní ansin thíos ar an Leic Pháirteach am ar bith san earrach ná sa samhradh. Chuala mé fear ag rá, nuair a bhíos sé ag tuile gur maith an dóigh breac fanacht caite i bpoll (an dorú a bheith caite ann), dhá mbeadh carraig nó leac in aice leis a bheadh faoi dhiúilicíní. Deir sé go dteagann na blátháin agus na ballaigh agus na troisc stopóige isteach ag ithe na ndiúilicíní. D'fheicfeá iad ag imeacht de na clocha leis an taoille tuile. Is minic a chonaic mé iad ag éirí de na clocha agus ag dul ag sirtheoireacht sa taoille. An bhfaca tú an oscailt bheag atá isteach ann. Le aghaidh beatha is dóigh é sin
Is minic a chonaic mise na sliogáin oscailte ag an diúilicíní. Ach is maith gasta uaidh a ndúnadh freisin, má théann araoid ar bith air
2.
donán de bheithíoch nó de dhuine; miolgaire meirbh éidreorach (Maigh Cuilinn). Níor chuala mé ciall 2 le farraige.
+
Tugaidh braon bainne don diúilicín sin thoir nó ní bheidh sé beo seachtain ó inniu. Ní fhaca mé lao ar bith ariamh nach bhfuil biseach ar bith air ach mar é. Níl lán do ghlaice fós ann, théis go bhfuil sé ionann is ráithe d'aois
Níl ann ach diúilicín fós, agus tá sé thar am a choisceadh. Is dona a chuaigh a lacht dó ar chaoi ar bith, ach níl rath ná ríocht ar an reithe sin a dtáinig sé uaidh — reithe Mh. Mh. Ní fhaca mé aon chaora mhaith ag teacht uaidh fós ariamh
TUILLEADH (6) ▼
Fanóidh sé ina dhiúilicín dhona mar sin choíchin tá faitíos orm. Níl aon teacht suas faoi, théis go raibh athair agus máthair bhreá aige. Ach ní mar sin a bhíos sé ach oiread
An diúilicín bocht ná buailidh é! Fágaidh ansin ar a theolaíocht chois na tine é. An coileáinín bocht! B'fhéidir dó togha madadh a dhéanamh fós
Go deimhin is deas é do cheird, ag diurnadh an diúilicín de chat sin chuile ré solais! Caith ansin i dtigh an chlampair é. Ní beag dhó a dhonacht agus atá sé, agus gan tusa a bheith ag cur farasbarr donachta air. Má fheicim tú ag leagan láimh ná cois aríst i mbliana air, bainfidh mé an t-anam asat, bainfidh sin!
Bhí searrach asail aige anuraidh — diúilicín beag — agus níor chónaigh sé gur mharaigh sé é ag coinneáil na bpáistí ar marcaíocht air. Dar mo leabhar dhuit, ba mhór an carghas é, ba mhór sin. Ach níl a fhios agam an ndéanfadh sé aon chúis ar aon chor. Ní raibh aon bhiseach de rath faoi
Ní iontas ar bith í sin a bheith ina diúilicín. ‘Sí croitheadh an tsacáin í. Deir siad go mbíonn croitheadh an tsacáin cranda i gcónaí, ach chreidim nach bhfuil ansin ach caint freisin ar nós go leor eile
Rinne tú do leas ar chaoi ar bith agus gan an diúilicín de ghamhainín siúd a cheannacht. Níl sé ach ag dul chun meatachais chuile lá dhá bhfuil sé a chaitheamh. Chuirfeadh sé cantal ort a bheith ag breathnú istigh sa ngarraí air