Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúl (deol)
briathar, ainm briathartha. Téann i sa bhfréimh ach amháin san ainm briathartha
lacht a tharraingt as rud ar bith leis an bpus a theannadh timpeall air, agus é a shú.
a.
+
Ní dhiúlfadh sé an mháthair dá mbeadh do chailleadh go deo leis. Sin é a d'fhága gan aon bhrí é. Rud ar bith nach n-ólfaidh lacht a mháthar, tá a chuid bisigh ar iarraidh
Is gránna an faisean atá aici, ag diúl a méire i gcónaí
TUILLEADH (11) ▼
Tá somachán ag diúl ar an gcích fós ann, théis an aois atá ag an gceann is sine
Bhí siad dhá chur ag diúl agus ní dhiúlfadh sé
Déanfaidh tú maide milis de do mhéir dhá diúl
Bíonn sé ag diúl leis as an mbuidéal siúd i gcónaí
Le giolcach a dhiúl siad an fuisce as an gceaig — sea i nDomhnach. Tá siad oilte ar an gceird sin. Ar ndóigh 'sé an chéad bhia sa sliogán dóibh é
Tá sé ag dul ó dhiúl ─ níl sé sásta diúl a dhéanamh níos faide
An bhfuil tú i riocht diúl as?
An iomarca diúil a fuair sé — chuaigh sé faoina bhiseach
Dhá laghad diúl dhá dtuga tú dhó sea is fhearr é
Is beag an diúl a iarrfas sé. Tá sé cruachúiseach go leor dhá uireasa
Bhí sé ag stróiceadh ag iarraidh cead diúil. Le teann fórsa a coinníodh uaithi é
+
Shílfeá gurb iad na luchain a bhí ag diúl do chuid gruaige ─ déarfaí é seo le gruaig a bheadh sraimlí cuileach
Shílfeá gurb iad na luchain a bhí ag diúl a cuid gruaige, tá sí ina cuileachán chomh mór sin
TUILLEADH (1) ▼
Céard a d'éirigh de do cheann, nó ab iad na luchain a bhí ag diúl do chuid gruaige. Tá sí as compás ar fad
·
Tá sé chomh socair agaibh agus gur gearr go dté sibh ag diúl air ─ duine réchúiseach a mbeadh dream eile ag spochadh leis, agus ag déanamh mí-áidh air, nó ag baint bearaíochaí dhe
Fuair siad chomh réchúiseach é, agus nuair a bhí a chuid uileag ardaithe leo acu, go ndeachaigh siad ag diúl air
+
D'fhéadfá a bheith ag diúl a malaí bhí sí chomh socair sin ─ capall nach mbeadh aon chor inti
Do dhúshlán téirigh ag diúl a malaí sin! Tá sí dubhoilbhéasach
TUILLEADH (1) ▼
Fuair siad chomh socair é agus gur fhóbair go ndeachaigh siad ag diúl a mhailí
b.
+
Sin lao diúil ─ lao óg ar úth a mháthar
Sin lao diúil, coileán diúil, uan diúil, banbh diúil, searrach diúil srl. ─ miolgaire ar bith a bheadh ag diúl a mháthar
TUILLEADH (6) ▼
Is geall le lao diúil thú, an chaoi a bhfuil tú ag brú isteach liom
Fágadh ina lao diúil é i gcónaí. Níor choisc siad é, mar bhí neart bainne acu d'uireasa na bó sin
Tá sé in am uan diúil ar bith a choisceadh feasta, i mbrollach an fhómhair thall
Ní mór gobán a chur sa meannán diúil atá againn, nó ní bhuachfaidh muid aon cheo ar an máthair, agus teastaíonn bainne tae go géar uainn
Tá laoidín diúil againn, agus is deacair leis aon deoir bhainne a ól chor ar bith, théis gur chaith muid an tsíoraíocht ag tabhairt méire dó. Níl aon mhaith aige ann mura bhfaighe sé cead diúil ar an máthair
Tá uan acu — peata diúil — agus d'íosfadh sé cnapán siúcra amach as cúl do ghlaice
·
Tá na fiacla diúil aige fós ─ na fiacla a bhíos ag miolgaire ar bith thar éis a bhreithe. Cuireann sé drad eile amach leis an aimsir
Ní féidir go bhfuil na fiacla diúil aige fós. Is aisteach é sin

Féach freisin

deol

diúl in iontrálacha eile (22)

 
'Sé an dainséar is mó atá ann anois nach ndiúlfaidh sé ar aon chaora, nó má dhiúlann féin, go nglacfaidh siad fuath dhó
 
"Bhí dallarán an mhadadh alla ina bhéal agus é dhá dhiúl" (as seanscéal — ó Sheán Ó Beáin — Páirc Gharbh, Baile Chláir)
 
Tá sé sin damanta má damnaíodh aon duine ariamh — ach diúltaí muide dhó. Tús na breithe ag Mac Dé! Bhí sé go suarach, go ndéana Dia grásta air!
 
Aingeal geal sna flaithis a bhí sa Diabhal — diúltaí muide dhó — i dtosach. Ach damnaíodh é faoi rá is go raibh sé ag iarraidh an chomhairle ar fad a bhaint de Dhia agus í a bheith aige féin
+
Deir siad gurb éard a d'fhága an díleá air sin, sceach a raibh geis uirthi thiar i ngarraí an Ch. a bhaint. Bhí na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh — fúithi. Nuair a tharraing sé an tua, tháinig an guth go dtí é: 'ná buail,' adeir sé. Ach bhí S. chomh doghrainneach, chomh dúshlánach sin, agus nach gcoiscfeadh sé a láimh. Bhain sé an sceach thrí chuile údragáil. Ón lá sin amach bhí an díleá air: leá chúr na habhann ar a raibh aige. Dar fia bhí an fear sin deisiúil, ach ba bheag an mhaith dhó a chuid deis lá is gur thosaigh an saol ag dul ina aghaidh. Níor fhan bó ná gamhain ná caora aige nár báitheadh nó nár bascadh nó nár cailleadh. Ó bhuaileas an smál sin iad, is furasta leo imeacht. An tsiocair is lú faoin domhan, agus scaití ní call dóibh tsiocair ar bith. Bhí sé taobh le seanbhó bhuí sa deireadh. Chonaic mé féin í sin aige. Ní feasach dom ar cailleadh í sin nó gur cailleadh í le aois, ach ba chuma dhósan sin. Ba mhaith bocht an fear é i ndeireadh a shaoil, agus beo bocht a bhí a chlann ina dhiaidh nó gur dhealaigh siad leo ar fad as. Sin é an chaoi a ndeachaigh an sceach dó. Ara bhí sé chomh dochomhairleach leis an saol. "A chomhairle féin do mhac dhanra," arsa tusa, "agus ní bhfuair sé ariamh níos measa." Níor ceart do dhuine ar bith ar aon chor, a dhul thar thaispeánadh, agus fuair seisean an taispeánadh — go ndéana Dia grásta air!
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé go minic go raibh geis ar an gcnocán sin: go raibh sé síúil. Deir chuile dhuine go raibh rudaí dhá fheiceáil ann. Ach ní raibh géilliúint ar bith aigesean do chúrsaí den tsórt sin. Bhí rachmall an airgid air, agus chaith sé ina cheann teach nua a dhéanamh. Ní bheadh aon shásamh aige ann go ndéanfadh sé ar an gcnocán sin é, théis go raibh chuile dhuine ag cur aithne air gan drannadh leis. Más é an tAthair M. féin é — 'sé a bhí anseo an uair sin — chuala mé gur dhúirt sé leis go mbeadh sé in aiféala mura bhfágadh sé an cnocán agus a raibh ann lena n-anó féin. Ach ní raibh aon chomhairleachan ina chionn ó chuirfeadh sé roimhe rud a dhéanamh. Bhí sé chomh dána le múille. Réab sé an cnocán as a lúdrachaí ar aon nós, agus rinne sé an teach. Tá sé fuar folamh ansin ó shin, mar a fheiceas tú féin é. Dheamhan duine a chónaigh ariamh ann sílim. Maraíodh an mac shul má bhí sé déanta. Sách fánach a maraíodh é freisin. Ord a thit den scafall air. Buaileadh síos an iníon agus chaill sé an domhnaíocht airgid léithe, ach ní dhearna sí aon mhaith ariamh. Thit binn an tí go talamh shul má bhí sé réidh. Shílfeá go mba in é a dhóthain de thaispeánadh, ach chuaigh sé ina éadan as dúshlán in athuair. Ní fhaca sé an chloch spideoige ariamh air. Bhí sé ag déanamh créafóige. Ón lá ar thosaigh sé ag orlaíocht ar an gcnocán sin — shílfeá gur beith a bhí air é — níor fhan rud istigh ná amuigh aige nár tháinig an díleá air. D'imigh a raibh aige agus ar chruinnigh sé go crua — d'imigh sé ina ghlae ghlas. B'éigean don bhean agus don chuid eile den chlainn lascadh leo as ar fad sa deireadh. Bhí an díleá ar a gcuid os comhair a dhá súil. Níl a fhios agam an raibh an oiread acu agus a thug go G. iad. Má bhí, dheamhan tada leis é. Níl duine ar a shliocht inniu; i gcruthúnas nach ceart d'aon duine a dhul ag cur araoid ar an slua sí — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu!
 
Caithfidh sé a dhul ag diúl ar bhó eicínt ó tharla go bhfuil sé féin ina dhílleachta. Níor mhair an mháthair ach seachtain théis a bheirthe. Shíl muid dheamhan maireachtáil a dhéanfadh seisean ach oiread
 
díol 2
Ba díol náire a bheith ag breathnú orthu, síos faoi chladaí ansin anuraidh. Iad ag imeacht chomh míchuibhiúil agus ina luí ina srathrúchaí i chuile áit. Más siúd é an chaoi a bhfuil Baile Átha Cliath, nó más iad na béasaí a fheiceas muid acu anseo a bhíos acu i mBaile Átha Cliath, diúltaí muide dhó
 
Tá díolúnach de lao ansin thuas agus caithfear a dhul roimhe ar chaoi eicínt. Tá an diabhlánach ag diúl a bhodalaigh. Ní fhaca mé aon lao ar fónamh dhá dhéanamh ariamh
+
An diabhal — diúltaí muide dhó! — a rinne é. Murab é, ní hé Dia
TUILLEADH (5) ▼
Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó. Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
M. seo thiar a bhí tugtha síos léithe, ach cá bhfios dúinn. Diúltaí muide dhóibh thrína chéile
Ar ndóigh deirtear go bhfuil bruín sa gcnocán sin, diúltaí muide dhó. Diabhal lá ariamh ar aon chor nach raibh cáil shíúil air. Is iomaí duine nach dtaitneodh leo a dhul thairis san oíche astu féin
Na daoine maithe — diúltaí muide dhóibh agus fuagraímid dea-chomharsanacht orthu — a thug a bhean sin leo. Ba in í an chaint a bhí ag dul thart ar aon nós. Ar ndóigh chaon darna duine dhá n-imíodh an uair sin fuadach as a bhíodh air, má b'fhíor. Is beag an fuadach as atá anois ann. Má imíonn an duine, tá sé imithe agus sin é a bhfuil ina thimpeall. Diabhal mé go gcuirfidís thar bharr do chéille thú fadó, dá ngéilltheá dóibh, agus tá daoine ann fós féin adéarfadh leat é
Níl a fhios agam ar mharaigh sí an páiste chor ar bith — diúltaí muide di — ní maith liom a bheith ag cur bhréag uirthi; ní mian linne a gníomh a bheith orainn fhéin
 
dóigh 1
Is gránna an chaoi dhuit a bheith ag déanamh dóigh de do bharúil mar sin. Cá bhfios duitse an raibh aon láimh aige sa bhfear ariamh. Ní fhaca tusa é. Agus an dream a bhí in ainm is é a fheiceáil, ní raibh a gcuid cainte i gclár ná i bhfoirm nuair a ceisníodh iad. Níl a fhios againne cé a mharaigh é. Diúltaí muide dhó!
 
Bhí cráin anseo uair againn, agus bhí cheithre bhanbh dhéag aici ar an ál. Dheamhan a raibh uirthi ach trí shine dhéag. An banbh corr a bhí ann nach bhféadfadh a dhul ag diúl, thosaigh muid féin ag tabhairt bhainne dhó. Shíl muid go ceann fada nach n-éireodh sé, arae bhí sé ina aircín dona. Ach scinn sé amach sa deireadh, agus rinne sé an-rampaire muice. Choinnigh muid é go raibh sé in am a dhíolta go maith. Diabhal mé dhuit go raibh carghas orainn scaradh leis chor ar bith. Bhí sé ina pheata againn. Dónaillín a thugadh muid air
 
Diúltaí muide dhó. Ní fhéadfainn a rá leisce na bréige, inniu ná an lá sin, ab é a rinne é, ainneoin go raibh sé leagtha air. Ach chuaigh sé go daor ormsa ar aon nós. 'Hé brí cé a ólfas é, 'sé Dónall a íocfas é,' mar adeir an fear fadó
 
Ní milleán ar bith air a bheith doriartha agus an bhail a cuireadh soir ansin le cupla lá air. Is iontas nach ndeachaigh sé i ngealta ar fad. Fhóbair do na buachaillí báire sin soir a dhul ag diúl air, théis é a bhánú
 
duine
Tá daoine adéarfadh leat nach é a rinne chor ar bith é. Ar ndóigh diúltaí muide dhó!
 
Do dhúshlán go ndiúlfaidh uan nuair a bheas tú dhá chur ag diúl — m'anam nach ndiúlfaidh
 
A Rí na ngrásta anocht! An bhfuil ní ar bith faoin saol ag dul uathu; má tá siad ag cur anall báid aeir anois agus gan duine ná deoraí iontu, agus buailfidh siad an áit atá an dream thall a iarraidh ina dhiaidh sin. Nach mallaithe an intreacht í sin. An t-áibhirseoir fhéin — diúltaí muide dhó! — atá ina bpáirt