Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúirinneach, giúirinneach, diúirlinneach
aidiacht as diúirinn, giúirinn srl.
a bheith faoi dhiúirinneachaí, giúirinneachaí srl.; a bheith foirgthe leo.
+
Is beag an mhaith dhuit sail ghiúirinneach. Dhá mba mise tú, ní chuirfinn suas an t-adhmad siúd chor ar bith
Is gearr le dhul í. Sail dhiúirlinneach a bhí inti, agus níl drabhlás ar bith inti de bharr chomh farctha agus a bhí sí
TUILLEADH (2) ▼
Séard atá agatsa a dhéanamh, an clár sin a chaitheamh amuigh faoin gréin go ceann míosa. Má tá sé giúirinneach féin, tá an teas agus an aimsir bhreá acmhainneach ar a dhul chun maitheasa dhó
Ná bac leis an seanchlár diúirinneach sin. Dheamhan leas a dhéanfas sé sin go deo, mura gcaiteá ar chúla na tine é, agus is dona ansin féin é