Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúirinn, giúirinn, diúirlinn, giúirlinn, diúirín, giúirín, diúirneach, giúirneach
ainmfhocal, baineann
tuiseal ginideach uatha: na diúirinne, na diúirlinne, na giúirlinne srl.
tá na leagain réamhráite ar fad ar an bhfocal. Athraíonn g agus d le chéile go minic i dtús focail, ach thairis sin féin, chuala mé na leaganachaí seo ar fad ar an bhfocal in aon cheantar amháin: Cois Fharraige.
1.
 péist shliogánach a thollas adhmad a bhíos aon achar in uisce, nó faoi amlua. Tionsclaíonn siad ina lannaí beaga taobh amuigh ar an adhmad, ach teagann méid agus fad iontu i leaba a chéile. Faoi cheann cheithre mhí nó mar sin, bheadh fad dhá throigh iontu ar shail a bheadh sa sáile. Tar éis trí ráithe bheidís amantaí chomh maith le sé troithe, nó gar dhó, ar fad. Bíonn dhá shliogán orthu agus an phéist istigh eatarthu. Buí atá an phéist ach gorm nó gléghorm a bhíos na sliogáin. Ach tá cupla cineál ar a laghad acu ann: cineál a bhfuil droim glas orthu, agus cineál eile agus is dubh a bhíos an droim acu. An poll a ghníos siad san adhmad, níl méid ar bith ann. Níl ann ach go dtéann mar a bheadh snáth beag ón diúirinn isteach ann. Bíonn cuid den phéist istigh agus an chuid eile taobh amuigh agus an snáth sin dhá bhfostú dhá chéile. An ceann den diúirinn a ghníos an farcadh, tá dhá shliogáinín air. Is cosúil gur leo sin a thollas siad an t-adhmad. Tá dhá shliogán mhóra mhillteacha eile air, agus tig leis a n-oscailt ó chéile, lena sháith den tsáile a ól. Farcann siad adhmad as éadan. Bíonn sé rodta uileag dhá mbarr má chaitheann sé aon achar sa bhfarraige. Leis an snáth nó le stuf a ghníos siad an tolladh i gcónaí. Ní théann siad in aghaidh stuif. Déanann siad fárcáin mhóra istigh san adhmad. Bíonn sé farctha as éadan má bhíonn sé sách fada ar farraige. Ní thollann siad díreach chor ar bith, ach ag dul anonn is anall agus ag seachaint na n-alt, agus cé go mbíonn na cuasáin a ghníos siad buailte ar a chéile, ní theagann siad salach ar a chéile aon uair. Cruthaíonn giúirinneachaí ar adhmad a bheadh faoi amlua: caite amuigh ar shráid nó áit a mbeadh uisce ag cónú ann, ach ní bhíonn iontu sin ach ceanna beaga. Cruthaíonn siad freisin ar iarann nó ar ghloine nó ar leathar a bheadh sa sáile, ach cinneann orthu iad sin a fharcadh mar a ghníos siad leis an adhmad. D'fheicfeá freisin ar ghoib éanachaí áiride iad agus na héanachaí sin beo (éanachaí guairneáin), agus bíonn siad ar an mbreac diúirinneach, agus deirtear freisin go ngreamóidís de shioirc agus d'éisc mhóra mar sin.
+
Fág an seanroth sin amuigh ansin. Ní dhéanfaidh sé sin aon bhara go deo aríst. Nach bhfeiceann tú ag déanamh giúirinneachaí as éadan é. Tá sé in ann a ndéanamh amuigh sa tsráid sin
Fuair muid an-tsail, agus gan a dhath uirthi cé is moite de chupla diúirín ina héadan, ach níorbh fhiú biorán iad
TUILLEADH (12) ▼
Tá sí ó mhaith. Nach ndearna muid a teilgean thíos sa gcladach agus tá sí farctha as éadan. Chloisfeá an ghaoth ag feadaíl istigh inti leis an mbail atá uirthi ag diúirinneachaí
Chaithfeadh sé go bhfuil an t-adhmad sin an-fhada sa bhfarraige. Tá sé faoi ghiúirlinneachaí uileag
Níl a dhath ar an gclár sin. Faigh do scian bheag agus scríob dhe na giúirneachaí sin, agus feicfidh tú féin air go bhfónfaidh sé
Murar frítheadh fós é, beidh sé faoi dhiúirinneachaí
Is diabhlaí an brat diúiríní a bhí ar an mbairille siúd a fuair sé an lá cheana. Ach má bhí féin, ní dheachaigh siad thríd ina dhiaidh sin
Níl mé in ann na sliogáin sin atá ar na giúirlinneachaí a fhulaingt. Murach sin b'fhurasta dhom cúnamh a thabhairt duit léithe. Tá siad an-ghéar, an-choilgneach
Is diabhlaí go deo an fad atá sna giúiríní sin. Ní fhaca mé ceanna chomh fada sin ariamh. Ní fiú do sheacht mallacht an t-adhmad sin anois. Tá sé rodta ar fad acu. Bhí sé chomh maith a fhágáil ansin i dtigh diabhail, agus gan a bheith ag cur easonóir ort féin dhá iompar abhaile, agus nach dóigh an Cháisc ar an Domhnach nó go dtitfidh sé ina mhionbhas ort shula bheas tú ag an teach
Seanbhádóir a bhí ann, agus féasóig mhór dhubh air, agus bairnigh agus diúirlinneachaí ag fás air!
Chuala mise go mbíonn giúirinneacha ag fás ar fhear do thírese. Ní móide gur fíor dhóibh é! — le fear as oileán adúradh
Bíonn tóin na soithí móra plátáilte. Murach sinn, ar ndóigh ní shíleann tú gur acmhainn a bheadh acu ar na diúirlinneachaí. Ní bheadh seasamh ar bith ag an adhmad ar na diúirlinneachaí murach na faoileáin. Leagann siad sin orthu uair ar bith a bhfaigheann siad an dóigh
Bíonn dhá bhrat de na giúirinneachaí sin féin ann. Is beag an mhísc a ghníos an chéad bhrat chor ar bith mar ní bhíonn faobhar ar bith ar na fiacla acu; ach titeann siad sin, agus aimsíonn an darna brat ansin é (an t-adhmad). Sin iad na buachaillí aige!
Éadáil gan aon tairbhe a tháinig ar an gcogadh seo. Bhí sí ar fad farctha ag giúirinneachaí. Fuair mé dhá bhairille, agus chomh luath agus a rug mé orthu, níor fhan canta ná éadan iontu nár thit ó chéile. Bhí siad foirgthe le na giúirinneachaí amach is amach
2.
·
An Breac Diúirinne, An Breac Giúirinne srl. — bric bheaga tuairim is sé horlaigh ar fad, déanamh pónaire orthu, agus iad ar dhath na diúirlinne nó mórán é (fc. diúirinn). Deirtear an breac giúirinneach i leaba an breac giúirinne go minic. Níl mórán rosaíola chor ar bith iontu; tá na béil plobach acu, agus camóig bheag orthu. Bíonn cuid acu nach mbíonn fad do laidhricín iontu. D'fheicfeá mearbhall greadánta orthu san oíche sa sáile. Coiglíonn siad iad féin isteach faoi na giúirinneachaí ar shail nó ar chlár, nó ar raic ar bith den tsórt sin. Bíonn siad istigh i mbairillí agus i mboscaí, agus i gceaigeannaí a theagas isteach sa mbruith faoi thír. Ní léir do dhuine cén chaoi a dtéann siad isteach in áiteachaí den tsórt sin, nuair nach mbíonn oscailt ar bith iontu a thabharfadh ligean dóibh. Deir daoine go ligeann siad na heochraí isteach i scáineadh ar bith a fhaigheas siad sna cláir, agus go síolraíonn siad agus go dteagann siad in inmhe istigh. Ar aon chor, is doiligh a thuiscint cén chaoi a mbíonn siad i mboscaí daingeana nach mbeadh poll ná púirín orthu go bhféadfaidís a dhul isteach iontu. Tá scáth ag na daoine rompu. Níl slacht ar bith orthu thar aon bhreac. Síltear nach ádh ná amhantar a bhfeiceáil, agus go bhfuil geis orthu ag an slua sí. Ní dhrannfadh an chuid is mó de na hiascairí leo ar bhás an domhain: ligtear cead an bhealaigh amach aríst leo, nuair a fhaightear i mbairille ná i mboscaí iad. Má bhíonn siad ar shail, ligeann siad iad fhéin as greim chomh luath agus a bhuaileas an tsail tír, agus as go brách leo amach an fharraige aríst. D'fheicfeá na diúirlinneachaí foirgthe ar a mbéal. Níl aon chol ag na muca mara ná ag na faoileáin ná ag cuid eile de na héanachaí leo. Déanann siad lá soir orthu má fhaigheann siad ligean orthu ar shaltrachaí nó ar adhmad i mbarr toinne. Deirtear freisin, dhá dtéadh duine ar mhaide rámha i gcleithiúnas é fhéin a thabhairt slán ó bháthadh, go ngreamódh an breac diúirinne dó, agus go mbéarfadh sé air, leis an maide rámha a bhaint amach dó féin. Síleann daoine freisin go ndéanann na giúirinneachaí féin éanachaí, arae bíonn go leor clúmhaigh orthu agus ina dtimpeall.