Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diúg
briathar
ainm briathartha: diúgadh /d′ūɡə/
a.
a ól ina shúmógaí nó ina bhraonachaí bheaga go mbeadh sé ólta.
+
Gheobhadh sé sin cárt fuisce ag an seacht a chlog tráthnóna agus ní bheadh deoir ann ag an deich nach mbeadh diúgtha aige, agus deirimse leat nach bhfeicfeadh aon duine eile tada dhá bhrabach. Shílfeá muis, lena fheiceáil ag ól, nach mbeadh gloine go tóin aige faoi cheann seachtaine
Sin é atá in ann an poitín a dhiúgadh. Ach d'éireodh dó agus an caibín béil atá air. Is ann atá áit na gloine ceart
TUILLEADH (4) ▼
Ara diabhal a mbeadh cnaigín fuisce ólta aige sin go ceann ráithe leis féin. An bhfaca tú ariamh an diúgadh a bhíos air leis an ngloine, dhá hól ó bhlogaimín go blogaimín
Is agat atá an diúgadh air. Ní chaillfidh sé thú. Caith siar í as láimh, go lige mé thart an blogam seo shula thiocfas aon duine isteach. Níl cuid an roinnte ann
Nach deas uaithi gailleog fuisce a dhiúgadh! Bí ag faire uirthi go bhfeice tú an chaoi a mblaisfidh sí di agus a mbainfidh sí braon aisti. Shílfeá gur tsiocair bháis di chuile bhlogam, ach dar fia, ní ligfidh sí uaithi í go bhfolmhaí sí í ina dhiaidh sin
Fág an buicéad ansin aige agus óladh sé é más breá leis. Cuirfidh mé geall nach mbeidh sileadh ann nach mbeidh diúgtha aige in am suipéir. Peataíocht atá ar an lao sin. Diabhal ceo eile
b.
an píopa a choinneáil in do bhéal i bhfad nó go mbeadh sé caite, ach gan a bhaint as ach gaileanna beaga.
+
Bhí sé ag diúgadh an phíopa ó tháinig sé isteach nó gur imigh sé aríst
An bhfaca tú aon duine ariamh atá in ann píopa a dhiúgadh mar é. Coinníonn sé ina bhéal é, ag baint pluimíní as, nó nach mbeidh gráinne ar a thóin. Shín mé píopa anseo aige oíche, agus níor fhága sé a dhuth ná a dhath ann. Cén bhrí ach go raibh sé lán go drad. Níor thóg sé as a bhéal go ham suipéir é. Beirim féin ar an bpíopa agus tosaím ag breathnú siar ann, agus ag breathnú siar ann, féint a mbraithfeadh sé go raibh milleán agam air, ach ar ndóigh mo léan fuair tú amach é!
TUILLEADH (2) ▼
Aníos ag forcamhás ar thobac a tháinig an codaí sin anois. Ach gheobhaidh sé tobac ar mo shonsa. Go deimhin is deas na gnaithí a bheadh orm a dhul ag síneadh mo phíopa aige sin nó go ndiúgadh sé an gráinne deireanach as. Rófhada a fuair sé in m'amadán mé. Faigheadh sé tobac anois i muráite eicínt eile
Bíonn tú ag diúgadh leat na bhfeaigs sin i gcónaí bail ó Dhia ort?

diúg in iontrálacha eile (1)

 
Shílfeá nár dhealaigh galra an tairt fós leis. Chonaic mé thíos aréir é agus é ag slogadh. Ní raibh duine ná deoraí ag coinneáil chomhluadair leis, ach é ag diúgadh a phionta leis ansiúd