Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dísle
ainmfhocal, fireann
uimhir iolra: díslí
bloicín nó coirnín beag adhmaid nó a leithide, agus é ar comhthomhais. Baintí leas astu i gcluiche roimhe seo, agus baintear leas astu fós le haghaidh crannchuir nó raffle (dice).
+
"A chomrádaí na dísle leag anseo do láimh" (líne as amhrán)
Faighigí na díslí go gcuirtear amach an raffle. Tá sé thar am. Tá cuid acu ag stócáil le dhul abhaile cheana féin
TUILLEADH (1) ▼
Chaith siad an oíche ag cruinneáil an airgid agus nuair a bhí siad faoi réir faoi dheireadh thiar, dheamhan thiomanta blas de na díslí a bhí le fáil abhus ná thall. Chaith siad eadarshuth eile dhá dtóraíocht sin, agus é ag cinnt orthu a bhfáil. Bhí an teach ar bís ní nárbh ionadh!