Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dísle
Ainm-fhocal, fireann
Uimhir Iolraidh = díslí
bloicín nó coirnín beag adhmaid nó a leithide, agus é ar comh-thomhais. Baintí leas asta i gcluiche roimhe seo, agus baintear leas asta fós le h-aghaidh crann-chuir nó "raffle" (dice).
+
"A chomrádaidhe na dísle leag annseo do láimh" (líne as amhrán)
Fághaigidh na díslí go gcuirtear amach an "raffle". Tá sé thar am. Tá cuid aca ag stócáil le dhul abhaile cheana féin
TUILLEADH (1) ▼
Chaith siad an oíche ag cruinneál an airgid agus an uair a bhí siad faoi réir faoi dheire thiar, dheamhan thiomanta blas de na díslí a bhí le fáil i bhfus ná thall. Chaith siad eadarshuth eile dhá dtóruigheacht sin, agus é ag cínnt orra a bhfáil. Bhí an teach ar bís nidh nacharbh iongnadh!