Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
díthreabhach, díthreabhachín
ainmfhocal, fireann
iolra: díthreabhachaí (ní ghabhann sé le tuiseal ginideach uatha).
fuaim: díriúch
goróir, díol trua; dúradán dona; frídeoirín; feithideach; séacla; duine nó beithíoch atá an-tugtha anuas ag amhgar, ag fuacht, ag tinneas nó eile; duine, beithíoch nó rud gan aon téagar; crupach; dílleachta nó duine a bheadh fágtha ar an bhfaraor géar. Níl an tseanchiall — hermit — sa gcaint anois chomh fada le m'eolas.
a.
+
Ar ndóigh ní ag dul ag fiachadh ar an díthreabhach bocht sin a bheadh sé. Más ea muis, is beag a shúil le Dia atá aige. Ach níl scrupall ar bith fanta sa diabhlánach úd
Cá bhfuair sibh an díthreabhach de mhadadh sin? Mura bhfaighe sé sin chuile shórt ar fheabhas, ní shrianfaidh sé thríd choíchin. Nach bhfeiceann tú an t-uisce óna shúile le neart truailleachais
TUILLEADH (4) ▼
Tá díthreabhach de ghamhain ansin thoir agam, agus tá faitíos orm nach sáróidh sé an oíche. Má fhaigheann sé oíche eile leithide na hoíche aréir, tá a chreach déanta. Rinne mé teálta beag ansin thuas dó, ach diabhal a chos ná a chnáimh a ghabhfadh isteach ann. B'fhearr leis ina ghoróir leis an gclaí ó dheas ar aghaidh na gaoithe aduaidh, dhá sheacáil féin
Go dtuga Dia ciall duit! Bheadh gnaithe mhór aige siúd do bhean. Díthreabhach bocht a bhfuil a chois ar bhruach na huaighe aige mar atá sé. Ba chóra dhó go mór a phaidrín a bheith aige agus é a bheith ag déanamh a anama, ná ag caint ar phósadh
Ní chuirfeadh aon bhean beo a mbeadh grá Dé ina croí an díthreabhachín de ghasúr siúd amach ag an scoil lá mar seo. Dar brí an leabhair, cruachúiseach go leor féin nárbh fholáir dóibh a bheith lena gcur ann inniu. Chonaic mé beirt bhromairí atá ag M. Mh. ansin thiar ag dul soir agus bualadh fiacal orthu leis an bhfuacht théis an aois atá acu, agus chomh mór láidir agus atá siad. Ní uair scoile í do ghasúir laga
Tá an t-asal ina dhíthreabhach. Bhí sé craptha isteach i lúbainn an chlaí ar maidin agus na cluasa féin ní raibh sé in ann a bhiorú leis an bhfuacht. Tabharfaidh an dubhluachair atá amach romhainn anois cnáimh le crinneadh dó
b.
+
Níl tada ar an mbaile seo ach díthreabhachaí de chruacha (cruacha beaga gan aon téagar, gan aon tiús, gan aon airde). Ach nuair a bhéarfas sé (an t-inneall buailte) soir ar na S. beidh sé i bpas mhaith coirce. Tá daigéid mhóra (de chruacha) ansin
Cé air a bhfaigheadh sé chúig phunt? Ar an díthreabhach de choca siúd. Mo chreach mhaidne é! Sháraigh sé an coca a bhí thiar i gCladhnach, ar tháinig Fear Dhoire Fhatharta dhá cheannacht: 'Dheamhan amach as an iothlainn a fhágfas sé choíchin,' adeir fear an choca, 'gan coróin.'
TUILLEADH (4) ▼
Bhí sé ag iarraidh scór ar an gcruach mhóna siúd! M'anam nár mhór cantáil níos mó a bheith ar mhóin ná atá uirthi ar ala na huaire, le go dtiocfadh sí siúd scór. Deich bpunt a cheapfainnse di. Dheamhan dhá lorry móna istigh ina corp. Céard atá inti ach díthreabhach de chruaich
Beidh ciall cheannaithe ag an bhfear a ghabhfadh ag tabhairt chúig phunta dhéag ar an díthreabhach de dhúchán sin. Ach ní bheidh, arae níl duine ar bith chomh beag a chiall agus go dtabharfadh sé sin uirthi
Is furasta do dhuine a rá go bhfuil an iomadú poill fhataí clúdaithe aige má ghníonn sé díthreabhachaí mar atá seisean a dhéanamh. Dhá nochtá ceann acu agus an raithneach agus an chnámharlach agus an chréafóig a chaitheamh de, diabhal bréag nach mbeadh éadáil agat istigh!
Ní bhaileodh seisean a bhfuil de mhóin ann le trí aistir, agus an díthreabhach de chruib (chrib) atá aige. Ar ndóigh ní thoillfeadh dhá ghabháil inti. Ach ní raibh aon ghnaithe aici a bheith mórán níos mó. Ní bheadh an díthreabhach capaill atá aige in ann a tarraingt. Níl bior eanga uirthi cheal tógála

díthreabhach in iontrálacha eile (14)

+
danra
Díthreabhach danra í le cur amach ag obair. Chaithfeadh sí lá fada samhraidh ansin ag faire na splaince gan iarraidh buille maitheasa a dhéanamh. 'Sí atá coilgneach freisin má fhaigheann duine ar bith aon chaidéis dhá cuid díomhaointis
TUILLEADH (1) ▼
Mo chreach mhaidne, tá a bhfuil sa teach ansiúd chomh danra le chéile faoi bhuille ar bith oibre a dhéanamh: dar leat féin gur ag comórtas le chéile a bheidís, go bhfeicidís cén duine acu ba deacra a chur amach agá n-a chuid oibre. Gróigfidh fear acu é féin ar an teallach agus déanfaidh fear eile agus fear eile an cleas céanna, nó nach mbeidh áit ag míoltóig ina ngaire. Níl go dona ann ach an díthreabhach bocht is athair dóibh atá amuigh moch deireanach ag saothrú. Sin é an díol trua ar chaoi ar bith
 
daor 2
Ná bac leis an dlí sin! Nach raibh an díthreabhach bocht sin daortha shula tugadh isteach sa gcúirt ariamh é. Dheamhan blas fios acu sin ar dhlí ach an oiread is atá agamsa nach raibh i gcúirt ná i gcaibidil ariamh. Ba ghnaíúla go mór dhóibh breith ar an bhfear sin agus a chrochadh as láimh, ná cúirt mhuga magadh mar sin a chur air
 
Tabharfaidh sí an lao siúd atá aici don deachma. Níl aon bhiseach faoi. Tá sé ina ghoróir ansiúd le claí agus má bheireann oíche sheaca air, beidh sé ina spéice ar maidin. Shílfeá go mbeadh smais eicínt air thairis siúd. An-údair uileag a tháinig ón tarbh sin. Ach sin é an tógáil a fuair an díthreabhach bocht. Níor thóg sí aon lao ariamh, ach iad ag imeacht ina mbás ar sliobarna mar siúd
 
Déileáil dona a dhéanfas an díthreabhach sin in áit ar bith. Tá sí bocht, agus is dóigh nach mórán iarracht a bhíos ag lucht na siopaí uirthi. Fágann sí fiacha ina diaidh i chuile áit
 
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol trua go dtí é. Nárbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an geadán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scoir, sin nó mála na déirce a chur air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar ansin
 
Diabhal Dia shúlach — ní áirím thusa — a gheobhadh ceann de na fags sin uaidh. 'Sé an díthreabhach is gortaí é fúthu a chonaic mé ariamh
 
dioc
Má chaitheann sé coicís eile faoin ropadh gaoithe aduaidh údaí is caillte an ghioc a bheas air. Is caillte an ghioc atá cheana air, arsa tusa, scáth seachtaine. Má sheasann an bóthar go dtí na P. Th., anuas ar na maidí a thiocfas sé go siúráilte. Is fuar an díthreabhach é ag déanamh bóthair
 
díol 2
Dhá gcloistheá é cupla bliain ó shin. Níl aon díol in Éirinn nach raibh sé a thabhairt ar de Valera i ngeall ar chupla díthreabhach de ghamhainín a bhí aige nach raibh dhá gceannacht. Anois níl aon fhear sa ruta seo is mó atá leis ná é an áit a bhfuil sé ag fáil cúig nó sé de leathchorónachaí clainne. Ná bac le duine ar bith a bheas chomh luathintinneach leis an ngaoith mar sin. Ní somhaoine ar bith é
 
Tá sé díshláintiúil, an díthreabhach bocht
 
Deir siad gurb é M. D. a mharaigh í — diúltaí muide dhó. Hé brí cé a rinne é ar chuma ar bith, is dona a d'oibrigh sé. Níorbh fhiú do dhuine ar bith a dhul ag fiachadh uirthi — an díthreabhach bocht!
 
dochar
Is beag an dochar don díthreabhach sin an ghearradh ghionach a bheith ina phutóig scáth a bhfaigheann sé ag baile. Tá an leasmháthair ina droch-cheann dó, agus maidir leis an athair, níl sé in ann aon cheart a sheasamh dó féin, gan trácht ar aon duine eile
 
Níl ort ach cúlbhadar a thabhairt don dúradáinín siúd agus cuirfidh tú luí fia air … Mo léan deacrach muise an té atá láidir. Is dona a frítheadh Baile L. má bhuail díthreabhach mar siúd iad … Go dtuga Dia ciall duit! Ní bhuailfeadh sé míoltóg
 
Níor bheag dhó a raibh ag dul dó cheana an díthreabhach bocht, agus gan tuilleadh a theacht air. Dheamhan duine a mbuailfidh bruitíneach é san aois a bhfuil seisean ann nach duine é a bhfanfaidh fuíoll air, más fada gearr a shaol. Tá faitíos orm go bhfuil a chuid maitheasa ar iarraidh