Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déirce
ainmfhocal, baineann
iolra: déircí
 séisín nó teirgéis a tugtar do dhaoine bochta nó do dhaoine a bhíos ag iarraidh a gcodach.
a.
+
Tabhair déirce dhó
Caith rud eicínt déirce ag an mbean sin
TUILLEADH (3) ▼
Bhí an dream céanna taobh leis an déirce ariamh — i gclé, i gcleithiúnas, nó i dtuilleamaí na déirce ariamh
Chreidim gur taobh leis an déirce agus "ar son Dé" a bheas muid go deo
Deir siad, théis chomh scanraithe agus a bhí sé ag airgead, gur chaith sé a chuid le déirce ina dhiaidh sin. 'Sé a choinnigh na F. M. siúd beo ariamh, ach nár chuala deoraí an bhéil bheo uaidh é
+
Mura n-iarra siad an déirce in onóir Dé agus Mhuire, ní agróidh Dia ort gan a tabhairt dóibh
"Lá Nollag go haoibhinn aerach; Lá Fhéil Stiofáin gafa gléasta; Lá Fhéil Eoin ag iarraidh na déirce, le bacach an mhaide bhuí is measa a bhí in Éirinn" (bean uasal adúirt. Ghléas bacach suas é féin i gculaith duine uasail, agus mheall sé í féin agus a muintir go bhfuair sé í. Sin é adúirt sí, nuair a fuair sí amach an cleas a himríodh uirthi)
TUILLEADH (4) ▼
Téadh sé ag iarraidh na déirce anois. Níl a athrú aige
Bhíodh duine acu sin fadó ag dul thart anseo ag cruinneáil a chodach — ag iarraidh déirce
Bhí sé chomh maith dhó a dhul ag iarraidh na déirce le bheith dhá chiapadh féin ansiúd, ar scáth a mbeidh dhá bharr aige go sleibhe
Tá sé ag lorg (ag tóraíocht, ag cruinneáil srl.) déirce
+
Bhíodh deilín fada ag lucht déirce fadó, ach ní chloisfeá chor ar bith anois acu é
Ní raibh aon bhacach ná aon cheannaí ná aon fhear bocht ná aon fhear déirce ag dul an bealach ariamh nach ann a tharraingíodh. Is ann a bhí an leaba dhearg i gcónaí ag lucht bóthair agus bealaigh
TUILLEADH (3) ▼
Bean déirce a bhí inti
Ba fear déirce é
Ní fheicfeá lucht déirce ag tóraíocht anois chor ar bith mar a bhíodh roimhe seo
+
Nuair a thosós an saol ag dul in aghaidh duine mar sin, agus an díleá ag bualadh a mbeidh aige, b'fhearr dhó mála na déirce a fháscadh aniar ar a dhroim agus a dhul ag iarraidh a chodach ó theach go teach. Is mó a bheadh dhá bharr aige faoi dheireadh thiar thall
An bhfeiceann tú an díthreabhach sin thoir — M. J. Ní díol trua go dtí é. Nárbh fhearr dhó sin go mór fada anois, an geadán sin a dhíol amach agus imeacht ar an scoir, sin nó mála na déirce a chur air fhéin, ná a bheith ag iarraidh muiríne a thógáil idir dhá chlochar ansin
TUILLEADH (4) ▼
'Sí an bhean a chuir mála na déirce air — a chuir ag caitheamh na miotán é — i gceann mar a bhí sé. Ní sheasfadh airgead na hairí di
Diabhal mé go mb'fhiúntaí dhó mála na déirce a chur air féin ceart ná a bheith ag imeacht ag iarratas mar sin. Níl ní dhár dhealbh an ghrian dá chuid féin aige, ach rite ag an gcomharsa ag begéireacht chuile ré solais
Mura bhfuil mála na déirce air, is gearr go mbeidh, má mhaireann dó sa meath a bhfuil sé. Dheamhan luach leithphínne de mhaith a rinne sé i gcaitheamh na bliana anuraidh; ach ar a chuairt i chuile theach ar an mbaile, sin nó ag déanamh bolg le gréin ar chnocáin
'Sé atá ag dul i ndiaidh a mhullaigh i mbealach a bhasctha ceart má phósann sé an sladaí sin. Chuirfeadh sí sin mála na déirce ar an sean-Iarla a bhí anseo, agus ba mhaith saibhir an fear é
+
Déirce dhá chuid féin don amadán (don bhacach) — a chuid féin a thabhairt do dhuine, mar dhóigh dhe nach mba leis chor ar bith é, ach go raibh tú ag cur chomaoine air nó ag déanamh gar dó as ucht a thabhairt dó
Thug sé coicín féir do Sh. anuraidh agus rinne sé an oiread cainte dhá mhaíochtáil air agus dhá mba chruach óir a bheadh ann, théis gurb ar thalamh S. féin a bhain sé é. Déirce dhá chuid féin don amadán ar ndóigh. Tá sé ag baint bearaíocha de Sh. Cáid an talamh sin aige anois gan pínn gan bonn?
TUILLEADH (4) ▼
Ghlaoigh mé féin dhá phionta, agus dhá phionta eile théise sin (thar a éise sin). Ní ólfadh seisean an darna pionta. Shín sé anall chugam féin é. 'Déirce dhá chuid féin don amadán,' arsa mise. Sciorradh focail a bhain dom, ach sílim nach mórán slaicht a bhí aige orm faoi
Chaith mé an lá ag coinneáil cigarettes leis. Dheamhan an ceann féin a thug sé dhom. Bhí go maith nó go raibh mé féin feidheartha tráthnóna. Sin é an uair a tharraing sé amach nuitín beag bídeach nach dtógfá as an lathach, agus shín sé anall chugam é. Ba in é an déirce dhá chuid féin don bhacach ar chuma ar bith
Níl léamh ar bith uirthi — níl sin. Deir tú léithe an oíche faoi dheireadh a chuir fios ar cháca, ar uibheachaí agus ar shiúcra anoir chugainn, an áit ar casadh clann J. L. 'na tí aici. Chuaigh mé fhéin soir ann ar cuairt d'uireasa mo chuid tae, arae d'ardaigh sí léithe an t-aon cháca a bhí fuinte sa teach. Ara a mhic ó, ar a theacht faoin doras dom, bhí na mílte fáilte romham, agus ní maith a bhí mé istigh ar lom an urláir nó gur cuireadh isteach ag ól tae mé. Siúd é an áit a raibh bia gan chuntas ag feara Fáil. Déirce dhá chuid féin don bhacach arsa tusa
Má tá siad dhá síneadh againn le leathláimh nach bhfuil an leathláimh eile thíos ina (ár) bpócaí acu dár gcreachadh. Féacha an cíos, an t-airgead acraí, tobac, tae, siúcra agus eile. Nach bhfuil tú ag íoc dúbalta orthu sin? Agus ansin síleann tusa go bhfuil leat má chaitheann siad cupla scillingín dole agat. Sin é an déirce dhá chuid féin don amadán ar chaoi ar bith
b.
+
Ba bhuí déirce leis é a fháil — bhí sé an-tsásta é a fháil; theastaigh sé uaidh chomh géar sin agus gur altaigh sé Dia, agus an duine a thug dhó é, ó chroí
Fuair mé chúig cinn de fags Sweet Afton tráthnóna agus deirimse leatsa go mba bhuí déirce liom an teirgéis sin féin a fháil. Bhí mo theanga bheag amuigh ó mhaidin cheal ghail
TUILLEADH (4) ▼
Thug sé gearradh [...]adhair dóibh siar chomh fada le tigh J. ach chinn air aon bhean a fháil ar an réim sin. Bhí sé ina ghamal sa deireadh. Baintreach as D. U. ab éigean dó a phósadh sa deireadh. Ba bhuí déirce leis í sin féin a fháil. Murach í sin, bheadh sé ar an trá thirim. Dheamhan bean faoin mbogha bán a phósfadh é ar aon nós — an strabhsachán bradach
Trí ceathrúnaí unsa tae: sin é a bhfuil na daoine a fháil. Ach is buí déirce le na daoine an méid sin féin. Dhá mbeidís taobh leis an scodalach eile sin — an coffee — bheadh na daoine tolgtha ar fad
Ní raibh aon bhróig ag gabháil leis an dá chunús sin, agus d'íoc mé mo chúig déag agus dá fhichead orthu sin féin. Ba bhuí déirce liom a bhfáil ar an gcuntar sin féin, arae bhí mé den tsaol ag an seanphéire a bhí agam. Seo í an aimsir nár mhór do dhuine bróga maithe ar na boinn. Tá chuile mhíle áit báite
Ní bhfuair mé ann ar mo phíosa dhá scilling ach cupáinín tae cosnochta, ach ba bhuí déirce liom an méid sin féin, arae bhí an ghearradh ghionach in mo stéigeachaí, ach dhá dhonacht dhá raibh mé leis an ocras, ba mheasa go mór mé leis an tart. Bhí íota orm. Is diabhlaí nach n-osclódh tithe ósta ann lá den tsórt sin, agus a mbíonn cruinn ann
+
Ba mhó (?) déirce leis é a fháil — ba bhuí déirce leis é a fháil
Ba mhó déirce liom rud ar bith a fháil sa deireadh, bhí mé i dteannta chomh mór sin
TUILLEADH (4) ▼
Shíl mise nach mba stró ar bith péire bainbh a fháil le ceannacht ann, ach bhí sciobadh orthu. Ní raibh fágtha sa deireadh ach dhá luchín bheaga bhídeacha agus ba mhó déirce liom iad sin fhéin a fháil. Níorbh fhiú liom an tabhairt sin a chur orm féin lá eile agus chomh cruógach agus atá an uair
Fuair. Meiricins. Ba mhó déirce liom iad sin féin a fháil sa deireadh ó chinn chuile shórt eile orm. Tá an saol ina chíor thuaifil anois nuair nach féidir le duine gail a fháil
Fuair muis! … B'éigean dom a dhul chomh fada le D. Th. féin, agus ba mhó déirce liom a fháil ansin fhéin. Diabhal mé gur shíl mé go dtiocfainn abhaile aríst agus mo dhá láimh chomh fada le chéile
Clogs … sin é a bhfuair mé. Níl tada eile istigh ar shlata na Gaillimhe; ná níl a fhios cén uair a bheas. Tá cantáil ar na clogs féin ann: fir Achréidh ag sceanadh a chéile dhá gceannacht. Ba mhó déirce liom tada a fháil théis m'aistir agus m'anró. Tá leathar féin ar a ghainneacht ann. Ba bheag nár chinn sé orm ábhar péire tosaigh a fháil do C. Má mhaireann an cogadh seo i bhfad eile beidh na daoine i ndroch-arán. Deir siad muise go bhfuil na Germans ag beochan suas aríst
c.
 cuid an bheagáin, an ghannchuid, cuid Pháidín den mheacan.
+
Céard atá aige ach an déirce bheag sin. Dhá mbaintí an teirgéis sin dhó (dhe), ní bheadh luach leithphínne aige — an dole
An déirce bheag sin féin, murach é, bheadh cuid de na daoine thart
TUILLEADH (1) ▼
Tá siad ag déanamh tithe as éadan ann, agus gan cianóig dhár dhealbh an ghrian ag an dream atá ag dul a cónaí iontu ach ag forcamhás ar an déirce sin (dole). Dream atá ar an scoir — pailitéaraí — ar fad atá iontu. Diabhal mé gob (gurb) orthu atá meas uileag anois. Cuirfidh mé mo rogha geall leat gur túisce a gheobhadh duine acu bean, ná fear a mbeadh cáil mhór air
d.
 rud a tabharfaí duit go doicheallach, nó a thaibhseofaí agus thú dhá fáil.
+
'Sé an déirce rud ar bith a iarraidh air — tá sé doicheallach daoithiúil
'Sé an déirce a dhul ag iarraidh ceap air siúd. Cén bhrí ach má chaitheann tú casúr a iarraidh ina cheann sin! Caithfidh sé leathuair an chloig ag cur fainiceachaí ort fúthu
TUILLEADH (4) ▼
Níl ann ach an ghannchuid, agus an méid sin féin ní mian leo a dtabhairt uathu gan a dhul ag dilleoireacht orthu. Rud ar bith a gheobhas tú san áit chéanna 'sé an déirce é: bíonn an mhaith bainte as
'Sé an déirce fag ar bith a fháil anois — sa tír seo ar aon chor. Ach deir siad go bhfuil siad fairsing go leor fúthu siar
Go bhfóire Dia ar do cheann a ghiolla sin. Má bhíonn tú i gcleithiúnas na bolóige siúd, 'sé an déirce tada a fháil uaidh. Diabhal mé go sílfeá gur in aisce a bheifeá dhá iarraidh air, dhéanfadh sé an oiread sin cainte faoi
Shílfeá gur déirce a bheadh sé a thabhairt duit dhá n-iarrthá tada air. Is mór an t-ionadh go bhfuil sé ag díol tada, agus chomh daoithiúil agus atá sé. Ní dhíolfadh ach an oiread, meireach an áit a bheith faoina mhullóig féin aige, agus nach bhfuil aon dhuine le dhul ina bharr air
e.
 grá dia.
·
Is beag an déirce (grá dia) atá ann nach gcaithfeadh pínn ag an bpáiste bocht
·
Cén chaoi a bhféadfadh aon sciúrtóg a bheith aige agus a gcaitheann sé ag déanamh déirce. Níor eitigh sé fear ná bean déirce ariamh ina shaol
Má ghníonn sé an oiread sin déirce (má thugann sé an oiread sin déirce uaidh), is iontas nach gcloisfeadh na daoine é cheana
+
Rinne sé de dhéirce air é. Maidir le go mba bhfiú an bhó deich bpunt, níorbh fhiú muis. Ach bhí sé grádiaúil, agus scrúd sé é an ceann eile a fheiceáil gan cuid na hoíche
Muran de dhéirce a rinne sé uirthi é, is mór an t-iontas gur chuir sé an chruach sin scór. Níorbh fhiú tada lena leath í
TUILLEADH (2) ▼
Chaith sé aige é de dhéirce. Bhí trua aige dhó agus an t-áilín lag atá air. Ach is maith danra a bheadh sé le duine ar bith eile. Ní ligfeadh sé uaidh chomh bog sin é
De dhéirce muis a scaoil sé uaidh an roinn fheamainne sin. Ní sladmhargadh go dtí í
f.
·
Dhíol sé an déirce (fc. díol)
Díol (díon) déirce (fc. díol)

Féach freisin

déirce in iontrálacha eile (29)

 
abair
Déarfainn gur suarach an éadáil do dhuine ar bith a bheith i dtuilleamaí déirce bheag den tsórt sin
 
deamhan 1
Dheamhan an ceann muis. Dheamhan é. Ba díol déirce le na daoine "na Meiriceánaigh" féin a fháil anois, ach níl siad sin féin ann
 
dia 1
Tabhair dhom déirce in onóir Dé agus Mhuire
 
diaidh
Do dhúshlán an bhochtaineacht a shamhlú anois leis. Is maith an scaitheamh ó d'fhága sé ina dhiaidh í. Dhíol sé an déirce mar adeir an ceann eile.
 
Más ag tóraíocht an díogha atá tú, ceannaigh Kerry Blues. Déarfá nach bhfuil mórán gaisce ar na Weights, ach is fiú ór iad lena ais siúd. Dhófaidís an carbad ionat agus ní bheifeá seachtain dá gcaitheamh go mbeadh creatán ort. Níor airigh mé aon phuth casachta ariamh gur thosaigh mé dhá gcaitheamh. Ach cén neart atá ag duine air. Is díon déirce le duine cineál ar bith a fháil anois. Bím thart cheal gail scaití, agus tá anam duine orm nuair a bhím ar an gcaoi sin
+
díol 1
Dhíol sé an déirce — d'éirigh sé as an lathaigh; d'éirigh sé as an donacht, nó as an mbochtaineacht
TUILLEADH (6) ▼
Ní raibh béilí na hoíche aige sin nó gur phós sé, ach dar fia dhíol sé an déirce ó shin. Is fearr éirí as ná titim ann ina dhiaidh sin
Ó rinne siad an teach nua, dhíol siad an déirce. Tá sruth is gaoth leo ó shin
Dar mo choinsias, ní aithneoidís daoine dona ó dhíol siad an déirce. Galántacht agus galamaisíocht uileag ó shin iad. Onóir — onóir dhona!
Má dhíol siad an déirce féin, dheamhan a bhfuil dhíobh mar atá tuilleadh a bhí bocht agus a d'éirigh suas. Cuid den dream seo a fuineadh agus a fáisceadh as an mbochtaineacht, chomh luath agus a éiríos siad as an lathach chor ar bith, ní ligfidh siad orthu féin go bhfeicfidh siad thú. Ach iadsan, diabhal mé go bhfuil siad cainteach carthanach agus nach ndúnfaidh siad a súile ar aon duine, bocht ná saibhir
Dhíol sé an déirce, ach m'anam má dhíol, nach i ngan fhios dá chnámha féin sin. Tháinig sé isteach ansin thuas áit nach raibh slí do choise de thalamh, agus an méid sin féin chomh maolscreamhach leis an bpláta sin. Chuir sé a chuid allais leis. Bhí sé amuigh moch is deireanach ag obair agus ag luain, ag rómhar agus ag fuirseadh. Rinne sé cat agus dhá rioball ann. Ach rinne sé seanfhear dhó (dhe) féin fiche bliain roimh an am freisin
Díolfaidh sé siúd an déirce má ghníonn éadan agus treallús dó é. Dheamhan fear a chonaic mé ariamh a bhuailfeadh faoi chuile rud ach é. Chuaigh mé síos thairis an lá faoi dheireadh agus é ag déanamh láthair mhoirtéil ar an tsráid. 'Cé le aghaidh í,' arsa mise. 'Le aghaidh giall a chur ar an tobar,' adeir sé, 'i gcaoi is go bhféadfar buicéad ar rópa a ligean síos ann nuair a thiocfas an triomach.' Fear ar bith a chuimhneodh ar intreacht den tsórt i mbrollach an earraigh, is fear é a dhéanfas cúis mise i mbannaí!
+
díol 2
'Sé díol na déirce é; is mór an díon déirce é; is díol déirce é (deirtear díon in áit díol go rímhinic sa bhfocal seo ach tá díol ann freisin)
TUILLEADH (13) ▼
Tháinig sé isteach chugam ag iarraidh a chodach. 'Níl a fhios agam,' arsa mise leis, 'an tusa nó mise díol na déirce. Beidh punt cruinnithe agatsa tráthnóna, ach dhá gcuirinnse mo shúile ar chipíní, ní bhéarfainn ar phunt in imeacht míosa.' Nach raibh an fhírinne agam?
Má tá tada le tabhairt uait agat, níl díol déirce ar bith sa tír is mó ná mé féin. Ná caith do sheantreabhsar ná do sheanbhróga ag aon cheannaí. Fónfaidh siad domsa. Agus aon phínneacha airgid a bheas ar sliobarna agat, cuimhnigh go bhfuil fear anseo ag béal an bhóthair a bhfuil scóig chomh spalptha aige agus a bhí ag S. G. an lá ar chaith sé go tráthnóna ag súimínteacht le aon phionta amháin cheal luach an darna ceann!
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia. Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …
'Sí an inín díol na déirce anois ar chaoi ar bith: fágtha istigh ansin ar an trá thirim agus gan bonn spré le fáil aici. Dar príosta is gearr go mbeidh clann an dearthára in araíocht a bpósta iad féin
Dheamhan duine thiar ansin nach díol déirce; greamaithe thuas ansin ar leiceann cnoic agus gan aon talamh in Éirinn is maolscreamhaí ná é. 'Siad is fhearr ar bith agus a bheith in ann maireachtáil a dhéanamh ann. Ach ar ndóigh níl siad ag déanamh aon mhaireachtáil ann
Bhailigh siad an phínn bheag agus an phínn mhór leo agus níor fhága siad bonn bán ag an deartháir. Tá sé ansiúd anois fágtha ar a thóin agus é ina dhíol déirce. Ní tada eile é
Ba díon déirce liom é a fháil — ba bhuí bocht liom é a fháil; ní raibh tada agam, agus theastaigh an rud sin go géar uaim. Mura dtugtaí dhom é, is beag nach n-iarrfainn ina dhéirce é
Go dtuga an diabhal thairis é muis, gan díobháil gan dochar dúinne. Ba díon déirce leis é a fháil an chéad uair, ach anois ó tá a ghaisneas bainte aige as, agus é éirithe as an lathaigh, níl aon mheas aige air. Ar ndóigh, ar aon chor, dhíol sé an déirce ó chuaigh sé sa teach nua
Tháinig sé isteach anseo lá ag iarraidh bicycle lena dhul Gaillimh. Ba díon déirce leis a fháil. Chuaigh sé ansin agus bhris sé agus réab sé é agus d'imigh sé air gan aon ghaoith a chur ann. Thug sé chuile dhrochúsáide ba mheasa ná a chéile dhó. Agus barr ar an diabhal ar fad, níor thug sé abhaile go ceann trí seachtainí é
Sin é a bhfuil de phosta aige agus ba díon déirce leis é sin féin a fháil. Tá mise ag ceapadh nach bhfuil foghlaim ar bith air siúd. Ar ndóigh dhá mbeadh, d'éireodh rud eicínt níos fhearr leis ná a bheith as cionn bóithrí — rud atá chuile scráibín sa tír a dhéanamh
Is díon déirce liom na "Meiriceánaigh" féin a fháil nuair a chinneas chuile sholáthar eile orm. Tá neart acu thartu freisin, ach mise i mbannaí nach mise ná thusa a gheobhas iad. Coinneoidh siad sin dá nduine fhéin iad — do na daoine móra seo — póilíos, máistrí scoile, agus bossannaí bóthair. Fanadh béal na trua uathu
Rinne sé an oiread iarratais, agus é dhá eiteachtáil i chuile áit, agus go mba díon déirce leis bean ar bith a fháil sa deireadh, dhá mba iníon ceannaí reaigeannaí féin í. Shílfeá go raibh a dhóthain teacht i láthair ann muis, agus a dhíol brá gill air, le go mbeadh mná sna cosa in airde ina dhiaidh. Ach thug siad uileag fuath dhó hé brí cén fáth a bhí leis
Chaith sé bliain ag tóraíocht tí agus é ag cinnt air aon áit a fháil. Ba díon déirce leis faoi dheireadh thiar thall gur scaoil M. Ph. Mh. isteach é. Má tá sé daor féin, ní cás dó é teálta ar bith a bheith os a chionn agus a dheacracht agus atá sé teach a fháil gan lán laidhre
 
Tá caint mhór ag Sasana ar na dliteanais atá amuigh aici ar an tír seo, ach níl caint ar bith aici gur bhain sí amach ár gcuid talúna le créatúlacht, agus go bhfuil sí anois ag iarraidh orainn a íoc ar ais léithe. Déirce dhá chuid féin don amadán. Sea i nDomhnach. Is fir gan fuil iad muintir na hÉireann má thugann siad na hannuities di. Ach tá cuid acu ag strócántacht ag iarraidh a dtabhairt di. Muid féin a dhíol a chéile ariamh — ariamh sa saol
+
droim
Coinnigh daingnithe air anois agus ná díol oiread agus ualach amháin leis aisti mura gceannaí sé faoina droim uait í. Má théann tú ag sceidínteacht léithe, ní bheidh a leath oiread dhá barr agat agus a bheadh lena díol faoina droim. Cuileálfaidh sé chuile fhód fliuch ag gabháil léithe. Feicfidh tú féin air gur díon déirce leis a fáil amach anseo nuair a bheas sí gann. Beidh sí thrí lasadh faoi Fhéil Bríde seo chugainn
TUILLEADH (1) ▼
Más leat gan a bheith de dhroim tí, ligfidh tú de chúrsaí den tsórt sin. Dheamhan duine ariamh dhá bhfaca mé ag plé leo nach é mála na déirce a d'fhágfaidís air sa deireadh. Ag súil le gnóthachan a chailleas an cearrbhach adeir siad