Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deiseal
aidiacht
ainmfhocal 1 is cosúil
1.
 taobh na deasóige; taobh na láimhe deise.
+
Iontaigh deiseal ag an gcrosbhóthar — ar thaobh na láimhe deise
Deiseal a chaithfeas muid a dhul anseo
TUILLEADH (6) ▼
Cas chugat é — deiseal
Ní hin é an chaoi lena chur ann chor ar bith. Cuir isteach deiseal é
An taobh eile! Deiseal! Breá nach mbreathnófá romhat? Ní fhaca mé aon fhear ariamh is místuama ná thú
Deiseal a fhleascaigh! Deiseal! Ní dhéanfaidh tú go héag mar sin é
Cuir fuinneamh sa súgán: deiseal. Cas uait amach é
Tá mé ag ligean súgáin dhó sin ó mhaidin, agus é dhá mbriseadh. Scaití casfaidh sé deiseal iad: scaití eile, tuaifeal, agus murab in é, 'sé a dhá dhíol fuinnimh a chuirfeas sé ann nó go ndéanfaidh sé míle píosa dhó. Go gcuire Dia an t-ádh ort, agus beir ar an gcor shúgáin uaidh as a láimh, agus ná bíodh sé ag cur chantail orm níos faide
+
Dheamhan déanamh muise, an fhad is a bheas grian ag dul deiseal — go deo; go deireadh an domhain
Sin ní fhágfaidh sé anois chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal. Beir air sin! Sin é atá daingnithe!
TUILLEADH (4) ▼
Ní fheicfidh tú aon bhiseach air sin an fhad is a bheas grian ag dul deiseal. Tá sé réidh leis
Ag iarraidh a bheith ag séideadh faoi na daoine atá tú! Ag rá go bhféadfaí an caoláire sin a thriomú. Dheamhan é, an fhad is a ghabhfas grian deiseal
Ní fheicfear aon ghráinne cruithneachta i S. Ph. chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal, ná dheamhan saothrú ceart a bheas air ach oiread, théis a bhfuil de ghaisce dhá dhéanamh faoi. Bail ó Dhia ort. Nach thíos faoi atá máithreach an uisce!
Tá asarlaíocht eicínt ag Sasana nach mbeadh a fhios ag aon duine. Ach hé brí céard é féin, ní bhuailfear í ar chaoi ar bith an fhad is a bheas grian ag dul deiseal
2.
a bheith níos acmhainní ar bhall acra a láimhsiú leis an láimh dheis ná leis an láimh chlé.
+
Deiseal nó ciotach atá tú?
Cén deis thú? Deiseal nó ciotach?
TUILLEADH (5) ▼
Deiseal uileag atá siad cé is moite de Sh.
Deiseal uileag a bhí an mhuintir s'againne ach tá cuid acu seo ciotach de bharr na gC. (C. a bhí i muintir a máthar)
'Siad atá ag teacht le chéile ceart — fear ciotach agus fear deiseal
Deir siad go scoithfeadh fear ciotach fear deiseal dhá mbeadh fear maith ciotach ann
Diabhal a fhios aige siúd an ciotach nó deiseal é, mar dheamhan ar rug sé ar aon láí ariamh cheana
+
Seo láí dheiseal. Nach deiseal atá tú?
Chinn orm ceart ar bith a bhaint di. Láí dheiseal a thug sé chugam agus ciotach atá mise
TUILLEADH (2) ▼
Chuir sé an láí isteach deiseal, agus b'éigean dó a baint amach aríst, arae is ciotach atá an buachaill
Níl an láí seo ar mo dheis chor ar bith. Ciotach atá sí, agus deiseal atá mise
3.
 fainic; nó tarrtháil ó thachtadh nó ó shraoth a mhaireadh do dhuine nó do bheithíoch (uaillbhreas)
+
Deiseal! Dia leat! Cuir aniar é! M'anam gur scanraigh mé gur síos píobán an doichill a chuaigh sé agus go seasfadh sé thíos ann — deiseal adeirtear má théann rud le anáil duine, nó scaití má bhíonn sé ag sraofairt. Ach Dia linn is mó adeirtear le sraofairt (nó Dia leat), agus deiseal le duine nó beithíoch a bhfuil treampán eicínt sa muineál air faoi rud a ligean síos
Deiseal! Deiseal! I bhfad uainn an anachain agus an urchóid! Rith go beo agus faigh fód móna a chuirfeas mé ina béal (bó). Tá fata ina sheasamh ina muineál
TUILLEADH (3) ▼
Deiseal! Gairim agus coisricim thú! Seo cuir aniar é. Is maith í an bhoiseoig sa dromán. Bhí mo chroí in mo bhéal. Shíl mé go raibh tú tachta. Múinfidh sin thú gan an oiread sin uafáis a bheith aríst ort in éadan do bhéilí
Deiseal riu! Is ort atá an tsrófairt. Is geall le duine thú a chaithfeadh snaoisín. M'anam ag Dia go bhfuil sé do mo bhualadh féin anois agus gan duine ar bith le deiseal a rá liom
Deiseal! Déan réiteach riu. 'Sé an chaoi a mbeidh sé agat as a dheireadh, go sábhála Dia sinn, tachtfaidh tú tú fhéin. Is ceart do chuile dhuine am a ghlacadh lena chuid beatha. Níl foighid ar bith agaibh ach é a sclamhadh. Shílfeá nach mbeadh breith ar an áit amuigh go deo agaibh!

deiseal in iontrálacha eile (7)

 
dairt
Bhí sé chomh maith di anois a dhul ag caitheamh dairteacha leis an ngealaigh le síleachtáil go gcuirfidh sí an oiread den dallach dubh air sin agus go bpósfadh sé í. Ní phósfaidh muise, chomh uain is a bheas grian ag dul deiseal
+
deis
Ní fhéadfaidh mise aon bhuille oibre a dhéanamh nó go bhfaighe mé láí a bheas ar mo dheis. Ar ndóigh ní cheapann tú go bhfuil fear ciotach in ann láí dheiseal a oibriú. Baol air
TUILLEADH (2) ▼
Is cuma céard í a dheis, mar 'sé an cás céanna dhá gharraí é. Dhá mbeadh sé ciotach agus deiseal chomh maith le chéile, níl aon spreacadh ann le tada a dhéanamh. Diabhal spreacadh ná cuid de spreacadh
Is maith le chéile an cúpla sin. An bhfeiceann tú an chaoi a bhfuil an liathróid ar a dheis ag chaon duine acu — fear deiseal agus fear ciotach. Déanfaidh siad puca den bheirt eile
 
dia 1
Dia linn agus Muire! Deiseal! Cuir aniar é (bhí cnáimh ina sheasamh ina mhuineál)
 
Deiseal! Deiseal! Glac t'ionú, agus ná bíodh an oiread sin uafáis ort. Shílfeá nach bhfuil breith bonn báis agat go mbeidh an greim deireanach slogtha agat. Ní hé a ghoid ná a fhuadach uait a dhéanfar. Ach tá a fhios agam go maith céard atá ort: fonn bóithreoireachta agus rabhaiteála (fc. rabhait). Is fada leat go mbeidh tú amuigh aríst
 
Deiseal! An ndeachaigh sé le t'anáil. Déan réiteach leat féin nó cuirfidh tú aníos an dúradán dubh as do phutóig