Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deismínteacht
ainmfhocal, baineann
ainm briathartha
 pointeáilteacht; ag cur slaicht ar rud; ag sceacháil suas rud.
a.
+
Tá sé ag deismínteacht ar fud an tí inniu. Níl a fhios agam nach ag cur suas paint atá sé. Is acu a bheas an sagart an chéad uair eile
Beidh seachtain ar a laghad ar bith air anois ag deismínteacht timpeall na hiothlann. An bhfuil fear ar bith faoi na brait is pointeáilte ná é? Má tá, níl a fhios agamsa é. Ní chodlódh sé suaimhneach mura mbeadh an iothlainn sin ina garraí mór aige (fc. garraí mór)
TUILLEADH (1) ▼
Déan bord breá láidir tacúil agus ná bac leis an deismínteacht sin a chuir tú ar an mbord a rinne tú anseo thíos. Ní deismínteacht a theastaíos uainne, ach bord nach dtabharfaidh uaidh. Chreidim nach daoine uaisle a chasfar againn, nach ea sin
b.
 ag dul do rud in ainm is a bheith ag cur slaicht air, ach gur mó a bheifeá a mhilleadh ná a leasú faoi go minic; in ainm is a bheith ag deisiú rud.
+
Cén sórt deismínteacht atá agat léithe anois. Tá sí sách maith. Má bhaineann tú mórán eile den leathar di ansin, beidh mo chuid oibre uileag millte agat, agus an bhróig ó rath aríst. Faitíos atá ort nach bhfuil sí sách deas!
Chaith sé ag deismínteacht leis an gcoca, ag tarraingt slámannaí as, nó go raibh sé chomh corrach aige agus go mb'éigean maide a chur faoi lena choinneáil ó thitim
TUILLEADH (6) ▼
Más leat fanacht léithe sin, is fada an fanacht a bheas ort. Caithfidh sí sin an lá ag deismínteacht lena cuid éadaigh, ag iarraidh spéir na gréine a dhéanamh dhi féin
Chuir sé suas an t-ainm i dtosach agus bhí sé dhá chur suas agus dhá bhaint anuas ansin, ag deismínteacht leis, nó gur mhill sé ar fad é
Éirigh as. Millfidh tú é le do chuid deismínteachta. B'fhearr duit go fada é a fhágáil mar a bhí sé ar dtús, ach tá sé de bheith ort go gcaithfidh tú a dhul ag láimhseáil chuile shórt
Dhá bhfágadh sé an teach mar a bhí sé nuair a rinneadh é, agus ligean dhá chuid deismínteachta leis, b'fhearrde an teach é. Go gcuire Dia an rath ort agus breathnaigh anois. Nach bhfuil an oiread dathannaí aige air agus atá sa mbogha báistí!
Tá tú ag deismínteacht leis fós. Tá sé in am agat feasta do dhóthain slaicht a bheith air. I nDomhnach dhéanfadh geansaí a mbeadh i bhfad ní ba lú froigisí ná sin air mise. Níl tada ar an taobh thiar agat. Is cuma é ach taobh na honóra a bheith go deas!
Tá sé ag deismínteacht leis