Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
déistean
ainmfhocal, fireann
tuiseal ginideach uatha: déistin
 fuath, gráin, míghreann, míthaitneamh, col, míghnaoi, uais.
+
Chuir an bhail a bhí air déistean orm. Is gránna an rud fear a fheiceáil ina shraithrín mar sin ar a chuid óil
Chuirfeadh sé déistean ar aon duine beo lena chuid graiscínteachta agus brocamais. Níl sé in ann dhá fhocal a chur i dtoll a chéile, gan ceann acu a bheith tútach
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé gráin agus déistean ar a bhfaca ariamh é agus é ag ithe. Is fiú ór muic lena ais
·
Ghlac mé déistean air ó chuala mé an méid sin faoi. Níl aon uair dhá gcasann sé dhom anois nach mhó dhá fhonn a bhíos orm gan seasamh ag caint leis chor ar bith. Tá mé bréan críochnaithe dhe

déistean in iontrálacha eile (1)

 
diaidh
An bhfaca tú ariamh é ag caitheamh amach smugairlí i ndiaidh a leicinn. Ní bhíonn sé ach ag ealaín, ach chuir sé déistean ar Ghaeilgeoir a bhí anseo anuraidh. Ní fhéadfadh sí fanacht san áit a mbeadh sé chor ar bith