Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Déistean
ainm-fhocal, fireann
tuiseal geineamhnach uathaidh = déistin.
fuath, gráin, mí-ghreann, mí-thaithneamh, col, mí-ghnaoi, uais.
+
Chuir an bhail a bhí air déistean orm. Is gránna an rud fear a fheiceál in a shraithrín mar sin ar a chuid óil
Chuirfeadh sé déistean ar aon-duine beo len a chuid graiscínteacht' agus brocamais. Níl sé indon dhá fhocal a chur idtoll a chéile, gan ceann aca a bheith tuatach
TUILLEADH (1) ▼
Chuir sé gráin agus déistean ar a bhfaca ariamh é agus é ag ithe. Is fiú ór muic le'n 'ais.
·
Ghlac mé déistean air ó chuala mé an méid sin faoi. Níl aon-uair dhá gcasann sé dhom anois nach mhó dhá fhonn a bhíos orm gan seasamh ag caint leis chor ar bith. Tá mé bréan críochnuighthe dhe

Déistean in iontrálacha eile (1)

 
diaidh
'Bhfaca tú ariamh é ag caitheamh amach smugairlí indiaidh a leicinn. Ní bhíonn sé ach ag ealadhain, ach chuir sé déistean ar ghaedhilgeoir a bhí annseo anuiridh. Ní fhéadfad sí fanacht ins an áit a mbeadh sé chor ar bith