Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deiseacht
/d′ešəxd/
ainmfhocal, baineann
as deas, aidiacht
deirtear deiseachas freisin ach is annamh é
breáichte; scéimh, áilleacht; slacht srl.
+
Níl deiseacht ar bith inti dhá bhfaca tú in aon duine ariamh
Dúirt sé nach raibh deiseacht ar bith san áit seo le hais na háite siar
TUILLEADH (7) ▼
Dheamhan mórán ainnis a bhí inti nó gur phós sí, ach chuaigh sí chun deiseacht ó shin
Ní den deiseacht an ruacha. Déarfadh J., go ndéana Dia grásta air, nár moladh bean rua ar a breácha ariamh
Is beag an deiseacht chor ar bith an bhó siúd a cheannaigh sé. M'anam go gceapfainnse nach taobh leis an aois sin atá sí — an aois adúirt siad
Théis a raibh de cháil uirthi, is beag an deiseacht í. Ní thabharfainn cnaipe gan chois uirthi dhá mbeadh an braitín púdair siúd scríobtha di
Níl mórán deiseachta ar bith timpeall an tí aige; pabhsaes ná eile. Chuir sé cupla crainnín bheaga ghiobacha anuraidh, ach ba ghearr go raibh ite dhíobh aníos ón ngrinneall ag asail. 'Siad a bhí deas air ar ndóigh
Ní deiseacht mhór do bhean ar bith an earra dhearg sin a chur ar a béal. Cuireann siad iad féin as a slacht leis. Bean ar bith a bhfuil an deiseacht inti, is dhá uireasa sin é ar chaoi ar bith
Sin í an bhó a bhfuil an deiseacht inti, an chéileog sin ag M. Mh. Bó bhreá fheiceálach í, bail ó Dhia uirthi!

deiseacht in iontrálacha eile (2)

 
Is deas an phlandóigín d'inín atá aici nuair a ghiogálas sí amach í féin. Níl aon mhéid inti, ach mura bhfuil féin tá an téagar agus an deiseacht inti. Is fearr beag deas ná mór gránna
 
Is mór a chuaigh sí i ndeiseacht (chun deiseacht) le cupla bliain