Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deirgeadas
ainmfhocal, fireann as dearg
'sé is coitianta de na trí cinn: deirge, deirgeacht, deirgeadas
1.
a bheith dearg, daite dearg.
+
Is diabhlaí an deirgeadas atá san aer sin ó dheas. Gotha toirní atá air
Nach ann atá an deirgeadas? (gliomach)
TUILLEADH (1) ▼
Ní chuirfidh an dath sin aon deirgeadas sa ngeansaí sin duit. Dath buí a thabharfas sé sin air
2.
a.
 snúúil, luisniúil.
·
Ní deirgeadas ceart é sin atá ina ceannaghaidh. Ní fhéadfadh duine ar bith a bheith chomh lasta sin, murach go bhfuil sí dhá dathú féin
Chítear dhomsa nach bhfuil deirgeadas ar bith ann thar mar is ceart dó a bheith ann. Má tá is le neart fuisce é. Dheamhan a mhalrait ariamh!
b.
a bheith tógtha in do chraiceann nó scólta.
·
Is beag an mhaith starch leis an deirgeadas a bhaint as naíonáin. 'Sé an chaoi a dtéann siad chun othrais leis — tógtha sna bléantrachaí
Tá sórt púdar eicínt dhá dhíol i dtithe na ndrugaí i nGaillimh a bhainfeadh an deirgeadas sin as páistí ar an bpointe

Féach freisin

deirgeadas in iontrálacha eile (2)

 
dealg
Is maith atá an áit thiar ag dul duit bail ó Dhia agus ó Mhuire ort. Tá tú dearg círíneach anois, agus bhainfeadh duine fuil asat le dealg spíonáin. Dar fia ní raibh an deirgeadas sin ionat nuair a bhí tú anseo
 
dubh 3
Bhí sé dearg i dtosach, agus d'imigh an deirgeadas as agus shíl mé go raibh sé (lot) ag cneasú, ach ina leaba sin, séard a rinne sé dúchan agus bró thinn a dhéanamh agus b'éigean dom a dul chuig an dochtúr faoi.