Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
deoch
·
Deoch! Deoch! Deoch! — mar sin a ghlaoitear ar mhuca nó ar bhainbh chun bídh

deoch in iontrálacha eile (41)

 
Chuaigh S. Bh. a bhí anseo thoir sna céadéaga. Sílimse go raibh sé os cionn cláir nuair a shuigh sé aniar aríst agus a rinne sé caint eicínt. Ar an dá luath is ar tugadh deoch dó, shéalaigh sé
 
Má théann tú di ar an mbealach sin ní chuirfidh tú uirthi ach daidhce, agus beidh muid gan Murchadh gan Mánas ansin. Abair mar seo léithe gur tháinig muid fiche míle bealaigh chuig sochraide agus go bhfuil fiche míle eile le dhul ar ais againn agus go bhfuil bicycle briste orainn. Tosaigh ag dilleoireacht. Maistín maith í. Tá na seacht n-aithne agamsa uirthi, agus sin é an fáth go mb'fhearr dhuitse a dhul chun cainte léithe. Ní móide go n-eiteodh sí thusa faoi dheoch, ach má chaitheann sí ina ceann é, ní thabharfadh sí deoir do Dhia shúlach
 
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
 
daigh
Daitheachaí atá ag dul duit. Ól deoch uisce fuar chomh tréan in Éirinn agus atá tú in ann a ól … Níl tú in ann fulaingt leis an uisce fuar! Nach maith a chaithfeas tú fulaingt lena daitheachaí!
 
danra
Sin é an fear is danra a chonaic mise i gcaitheamh an tsaoil ariamh. Bhíomar thíos ansin oíche — mé féin agus S. — agus muid ag ól. Tháinig seisean ann. Gluigheadh (glaodh) deoch agus deoch agus deoch eile, nó go raibh an triúr againn sách tomhaiste. Bhí sé domhain go leor san oíche an tráth sin, agus barr ar an diabhal mura raibh na F. bheaga bhreaca sin ag cur achrainn orainn. Brat acu ann agus gan againne ach an triúr againn féin. D'iarr muid míle uair air a theacht abhaile. Bhí muid ag tuineadh agus ag achainí air a theacht linn, ach dheamhan filleadh ná feacadh a d'fhéadfadh muid a bhaint as, ach ina sheasamh ansin chois an chuntair ag buachailleacht a phionta. Ba é an diabhal ba danra é a chonaic mé ó rugadh mé
 
daor 1
Casadh S. Th. istigh liom ag an mbearbóir, agus b'éigean dom deoch a thabhairt dó. Cé a thiocfadh isteach ina (ár) mullach ach M. Th. agus S. F. Ní raibh a dhul anonn ná anall agam, ach seasamh don bheirt sin freisin. Bhris mé mo ghloine agus b'éigean dom íoc uirthi. Idir chaon tsórt, ba daor an bearradh orm é sa deireadh
 
daor 3
Ach a bhfaighe mise greim ar an droinníneach asail sin aríst, tabharfaidh mise luach a chuid bóithreoireachta dó. Coinneoidh mé seachtain ar stábla é gan greim, deoch ná blogam, agus ansin tabharfaidh mé amach é sa ngarraí is crinnte ag gabháil liom, agus gheobhaidh mé rópa rua, agus cuirfidh mé ceangal na naoi ndaora air go gcoinneoidh a smut seanchas leis an gcréafóig. M'anam gur leis an gcréafóig a choinneos sé é, mar go gcuirfidh mise i ngarraí é nach mbeidh aon fhoithnín féir de bhia na talúna ann
+
de
Tabhair dhom deoch den uisce — deoch uisce
TUILLEADH (1) ▼
"Deoch den uisce de bharr na líne a mbáitear ann an líon" (as Róisín Dubh. Bíonn an t-alt mar seo in áiteachaí nach mbeadh aon tsúil leis)
 
dearc
Bhí sé ag dearcadh idir an dá shúil orm ag ceapadh go dtairgfinn deoch dhó, ach dhá dtiteadh déidín aige dhá uireasa, dheamhan deoir de mo chuidse a gheobhadh sé le n-ól
 
deas 1
Ólfaidh sé foracún anocht, agus má ólann féin, 'sé atá deas air! Go deimhin ní chuirfidh sé aon ghearranála air, mar a chuireadh sé ar an athair nuair a theagadh sé ar turn an deoch a sheasamh. 'Chinnfeadh orm níos mó dhe a ól,' adeireadh an creagaire. 'Airím gearranála ag teacht orm fhéin'
 
Ní thabharfainnse aon deoir óil dó dhá dtiteadh déidín aige. Bhí sé ina sheasamh thiar ag an gcuntar an-tsuáilceach go deo, agus é ag forcamhás ar chuile dhuine a thiocfadh ag glaoch deoch. Bhain sé féin an lá as an bpionta ag súil le chuile dhuine eile
 
deoir
Chuir mé mo láimh in mo phóca agus dheamhan an sciúrtóg a bhí agam ach an scilling. Bhí an deoch ar an gcuntar, agus gan a luach agam. Dheamhan a dtabharfainn deoir fhola le náire
+
diaidh
Bhí sé ag dul siar i ndiaidh a thónach ariamh ariamh nó gur tháinig sé salach ar an mboirdín a raibh na piontaí againn, agus chuir sé in aer é. Mo léan géar níor thairg sé deoch eile a thabhairt dúinn ina n-ómós, ná na gloiniúchaí a íoc le bean an ósta. Bhí sé spleách go leor, ach ba i ngan fhios dhá phóca sin
TUILLEADH (1) ▼
Chinn air aon deoch a fháil in aon teach sa tsráid ag teacht anoir dó, arae bhí na póilíos amuigh san airdeall orthu. Tháinig sé abhaile agus chuir sé na boinn le tine. Ba ghearr go dtáinig M. Bh. isteach agus d'inis sé dhó faoin gcaoi ar chinn air aon deoch a fháil. 'Chuile sheans go bhfuil siad ag ligean isteach daoine faoi seo,' adeir M. Bh., 'ní mhaireann an daol sin ach tamall.' Ní dhearna sé filleadh ná feacadh ach an dá bhróig a shacadh air féin agus a dhul soir aríst de mhaoil a mhainge. Ina dhiaidh sin féin, nach diabhaltaí an cathú a bhí air sin
 
dian
Ní fhaca mé aon duine ariamh is déine a chuaigh dó (nó air) ná P. ag iarraidh air deoch a ól, ach dheamhan ól ina dhiaidh sin
 
Duine dímheabhrach nach mba léir dó dhá gcuireadh sé stró ar bith ar ghamhain a bhí chomh beaite leis sin, go bplúchfadh sé é. A phlúchadh a rinne sé: dheamhan ceo eile. Nuair nach raibh sé ag tabhairt leis an deoch dhá thoil deona fhéin, bhí aige ligint dó ar fad, agus gan a dhul dhá choinneáil leis
 
Bhí sé ag brath ar bhualadh faoi bhaintreach óg atá thoir i mB. agus í chomh giogáilte amach agus a bheadh eireoig ar a céad uibh. Chonaic sé lá i nG. í, agus chaith sé leathuair ag breathnú uirthi. Bhíomar thiar ag ól deoch tigh Mh. Ph. tráthnóna; 'céard adéarfá leis an mbaintrigh,' adeirimse. 'M'anam go sílim go bhfillfidh mé ar cheann gan chíoradh,' adeir sé. Chuir an bhaintreach scáth air
 
Chonaic mé díogarnach sholais isteach thríd shiúntaí na gcláir. Bhí a fhios agam ansin go raibh daoine sa siopa. Thosaigh mé ag bualadh agus ag cnagairt, ach dá mbeinn ag bualadh ó shin, ní bhfaighinn aon aird. Cén bhrí ach nach raibh mé thart d'uireasa deoch chomh mór ariamh agus a bhí mé. Ach dá dtiteadh an teanga amach asam, ba aon chás amháin dom ina gcleithiúnas siúd é
+
díol 2
Bhí mise in mo dhíol san áit a raibh mé dá mbeadh sé de chiall agam fanacht ann, ach ní raibh. Cheithre dheoch a bhí gluite (glaoite) dhom, agus gan bearnaithe dhíobh ach aon cheann amháin
TUILLEADH (2) ▼
Ní raibh an oiread ceann faoi orm ariamh. Dhá scilling is seacht bpínne a bhí agam — trí pínne go díreach a bhí mé easpach gan luach deoch a bheith agam. Ní raibh agam ach díol mo náire
Má fhéachann tú le dhul isteach an tráth seo d'oíche, tá faitíos orm gur ag brú ar an doicheall a bheas tú. Ní thabharfaidh sé aon deoch duit ach tabharfaidh sé drochdhíol cainte ort. Mar sin, fan uaidh
 
Deir siad gur thug an slua sí — diúltaímid dóibh — é sin isteach sa mbruín, deireadh oíche agus é ag dul Gaillimh. Níor bhlais sé de bhia ná de dheoch ann. Níor mhór dó féin nár bhlais. Dá mblaiseadh bhí a chnaipe déanta
 
dlí
Is mór an feall nach dteagann sé de dhlí amach go gcaithfeadh chuile fhear a dhul cupla bliain le talmhaíocht. Sin é an uair a bheadh a fhios ag na bleitheachaí móra seo an chaoi a saothraíonn an talmhaí bocht a ghreim agus a dheoch
 
dochar
Ní gan dochar a dhul isteach i dteach ósta ar an saol seo. Pionta dhuit féin agus do do chomrádaí dhá scilling. Cén bhrí ach má bhíonn fuisce sa deoch!
 
dóigh 1
Déarfá nárbh olc an dóigh é a Sh. Dheamhan smid bhréige agat ansin. Seolaidh libh mar sin. Cá ngabhfaidh muid? Áit ar bith is túisce againn. Mar a chéile an ball séire agus a ghiolla anseo. Níl maith ar an deoch i gceachtar acu thar is a chéile
 
'Sé D. a bhí ina dhoirseoir, agus ní eiteodh sé neach an aoin faoi dheoch. Dhá mbeadh fear an tí fhéin ann, ní bheadh an oiread sin boige shíne ann, ná baol air
 
domhan
Thabharfainn an domhan ar dheoch ach a fáil
 
domlas
Meas tú nár tháinig sé isteach inné ag iarraidh deoch uisce, ach ní uisce a gheobhadh sé uaimse ach domlas, dá mbeinn istigh roimhe. Ba bheag an lua a bheadh aige a theacht isteach nuair a d'fhéadfadh sé fairnéis eicínt a thabhairt dúinn faoin gcúirt. Baol air. Tá sé sin sách imeartha agus fios maith aige faoina bhealach féin
 
Ní sna fiacla atá na daitheachaí chor ar bith orm, ach isteach sa drandal. Ina driogannaí a theagas an phian. Ní bhíonn sí ach éadrom i dtosach ach tagann an t-ardú ansin mar a bheadh mo charbad dá scaoileadh. Níl aon ní faoin saol in ann fuarú a thabhairt dom an uair sin ach deoch uisce fuar agus a choinneáil in mo bhéal chomh fada in Éirinn agus atá mé in ann fulaingt leis. Fuarú dona a thugas sin féin dom, ach bodhraíonn sé roinnt í mar sin féin
 
driog
Ar an dá luath is ar ól mé an phosóid, b'éigean dom an tsráid a thabhairt orm féin. Shíl mé go raibh múisc do mo bhualadh ach chinn orm aon cheo a chur aniar. Séard a thosaigh ag teacht orm, driogannaí in mo phutógaí agus aníos i mbéal mo chléibh! Diabhal i bhfad gur airigh mé mar a bheadh snadhmannaí ag teacht ar mo phutógaí ar fad. Tugadh deoch uisce agam ach dheamhan fuascailt a rinne sin orm ach oiread. An bhfuil a fhios agat céard a rinne maith dhom sa deireadh. Gráinne salainn a chaith mé siar. 'Sé a d'iontaigh mo ghoile. Más poitín a bhí ann, ba é an braon is measa a rinneadh ariamh é. Féans a bhí ann. Dheamhan a mhalrait
+
droim
Tá mo bholg thiar in mo dhroim agam ag imeacht ar phutógaí folmha ó mhaidin inniu. Dheamhan thiomanta greim deoch ná blogam a chuaigh ar mo bhéal ó d'imigh mé as seo ar maidin. Nach bhfuil ceart agam ocras féin a bheith orm
TUILLEADH (3) ▼
D'ól sé an pionta dhá droim d'aon deoch amháin — ar fad; uileag
D'ólfainn bairille pórtair dhá dhroim an pointe seo de ló, tá an oiread sin íota orm ó na faoitíní sin. Bhí agam fulaingt leis i dtosach agus gan deoir ar bith a ól. Dhá ndéanainn sin, bhí agam. Ach ó ólfas tú deoch ar bith, tá sé chomh maith dhuit gan an soitheach a bhaint de do bhéal uaidh sin amach
Dhá bhfaighteá saighead (fc. saighead), bhí agat deoch uisce a ól dhá dhroim shula n-inseofá d'aon duine go bhfuair tú í. Bhainfeadh sin an ghoimh aisti
 
dul
Ní bheadh dul ar bith orainn dhá bhfaigheadh muid deoch phórtair, ach bhí muid inár dtroscadh ó d'fhága muid an t-oileán seo ar maidin go moch, agus bhí tart agus ocras orainn i dteannta a chéile
+
Chuaigh an deoch ormsa — b'éigean domsa deoch a ghlaoch nó a íoc
TUILLEADH (2) ▼
Bhí siad fhéin ag comórtas le chéile ach chuaigh an deoch orm féin as a dheireadh
Chuaigh dubhchomaoin air i gC. inné. Casadh isteach tigh Dh. na hA é agus fuair sé bia agus deoch gan cuntas ann.
 
Bhí mé ann cheana agus ba dona a chuaigh sé dhom, más dhá inseacht do charaid é. Ní bhfuair mé greim deoch ná blogam ann. Briseadh mo bhicycle ag teacht abhaile agus bhí mé thar bharr mo chéille ag iarraidh é a dheasú le solas na gealaí. Sheas mé tigh Ph. le buidéal pórtair a ól agus goideadh mo chloigín. Nach in é do dhíol!
 
Chuaigh T. faoin deoch freisin — d'íoc sé a chion di