Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daidhciúil
aidiacht as daidhce
meargánta, stuacach; olc, mosánach; domheanmnach.
+
Is daidhciúil an mhaise dhuit é. Mise i mbannaí dhuit dhá bhfaighteá neart slaite gur maith gasta a d'éireofá as an bhfaisean sin. Chonaic muid do mhacasamhail cheana, agus smachtaíodh iad
Tá sé chomh daidhciúil, chomh stuacach le ní mé cé hé. Ghreamaigh sin dá dhream. Bhí aithne mhaith agamsa orthu, agus ceart agam air
TUILLEADH (6) ▼
Sin é féin an Seán daidhciúil. Níl cinneadh ar bith leis féin ag magadh faoi chuile dhuine eile ach do dhúshlán téirigh ag magadh faoi féin
Ní daidhciúil go dtí é. Chonaic mé na gearrbhodaigh anseo thíos oíche. Bhí siad ag caitheamh cloch neart. Chaith seisean í chomh maith le duine. Bhí timpeall is troigh ag C. ar chuile dhuine eile dhá raibh ann. Chaith seisean trí nó ceathair de chuarta aríst, ach, má chaith féin, dar diagaí chinn air marc C. a chrinnt. D'fháisc sé air a sheaicéad a mhic ó agus seo leis suas an bóithrín le teann daidhce faoi gur bhuail C. é
Measaim go bhfuil an capall sin aige sách daidhciúil. Bhí siad thíos ansin an lá faoi dheireadh agus chaith siad uair an chloig léithe, ach dheamhan isteach ná amach a bhí aici, ach ina staic i lár an gheata. Seacht gcatha na Féinne ní bhainfeadh feanc aisti gur thogair sí fhéin corraí. Is diabhlaí contráilte thar a chéile a bhíos cuid de na capaill
Bhí mé thíos ann lá anseo anuraidh. Domhnach a bhí ann. Bhí sí ag stróiceadh ag iarraidh a dhul síos chun bóthair. Ní ligfeadh an mháthair di. Bhí rud eicínt le déanamh: soithigh le níochán nó rud fánach ar aon nós. D'iarr an mháthair uirthi é a dhéanamh. Dhá bhfeictheá chomh daidhciúil agus a d'iompaigh sí ar a cois, agus siar léithe a chodladh. Dá mba mise an mháthair, bheinn dhá lascadh fhad is a gheobhainn teas ina craiceann. Bhí sí dochorraithe freisin, ach níor lig sí amach mórán dhó (dhe) liomsa
'Sí an t-oibrí is fearr in Éirinn scaití í, ach amantaí eile, ní thabharfadh sí deoch uisce agat dá naomhtaí thú. Tá sí sách daidhciúil deirimse leat. Ach cá bhfágfadh sí é arsa tusa. Cineál Bh. an T.
Ná cuir araoid ar bith anois air go mbeidh an coca déanta aige. Bíodh a fhios agat gur liomsa an coca. Is daidhciúla é sin ná an diabhal. Dá gcaitheadh sé ina cheann é, d'fhágfadh sé an coca agus a bhfuil ann ansin. 'Sé atá deas air

Féach freisin

daidhciúil in iontrálacha eile (1)

 
dóigh 1
Is olc an dóigh araoid ar bith a chur air sin. Tá sé an-daidhciúil