Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dabhach
/dəu:x/
ainmfhocal, fireann agus baineann (ach tugtar í air ag caint air)
tuiseal ginideach uatha: béal na daibhche; barr daibhche (/dəif′ə/, /dəif′ī/), ach bíonn béal an dabhaigh ann scaití freisin
uimhir iolra: dabhchannaí /dəuxəɴī/; dabhannaí /dəuw̆əɴī/
1.
 coire, tobán mór, bairille mór, soitheach ar bith a bheadh an-mhór. Tugtar go háirid ar an mbairille mór é a bhíos ag lucht dhéanta poitín. Is ann thíos a bhíos an worm. Tá sé san an-mhéid. Is iomaí áit a mbíodh dabhchannaí roimhe seo .i. bairillí móra agus fonsaí orthu, ach níl mórán acu ag imeacht anois.
+
Cá bhfuair tú an dabhach? Ní ag brath air a dhul ag déanamh poitín a bheifeá?
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas ansin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon deoir den bhraon
TUILLEADH (6) ▼
Rug siad ar oirnis: dabhach agus cupla bairille a bhí báite i gcolbha na locha, ach bhí na stiléaraí scuabtha
Ní mór fear láidir le dabhach a iompar. Ní bheadh aon ghnaithe ag M. Sh. G. faoi cheann acu, ná dheamhan gnaithe
Cár frítheadh an dabhach de thobán seo, nó cé le aghaidh a bhfuil sé?
Dabhach mór mar sin anois a bheadh feilteach le aghaidh spray
Is áibhéil an dabhach de bhairille é
Tá dabhach scadán thoir tigh J. inniu. Is fadó an lá cheana nach raibh aon driobaillín [...]
2.
tine a mbeadh déanamh áirid uirthi: bun agus íochtar an-leathan aici agus gan aon airde mhór ná aon bhiorú uirthi. Tine mhór chruinn a bhíos inti. Tá caint ar dhamhdhabhach (testudo?) sa tseanlitríocht. (fc. barr, barr daibhche).

dabhach in iontrálacha eile (6)

 
diaidh
Níl breathnú ar bith i ndiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leata sa bpota atá siad agus an dabhach tine atá fúthu. Dúirt mé libh a dtógáil cnagbhruite
 
Nuair a bhíos an píobán réidh calctha air, tá sé siúd in ann é a chur síos píobán an doichill. Murach go bhfuil, ní bheadh sé in ann an oiread de scaird a ól. Mo chroí ón diabhal, nach dtoillfeadh sé i ndabhach
 
Déanann sé braonachaí poitín dólámh, ach deir sé nach mbíonn tairbhe ar bith anois air. Barr daibhche ar fad é adeir sé liom an lá faoi dheireadh
 
"A Dhonnchadha, A Dhonnchadha, céard a dhorchaigh an poll? Má chliseann bun feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchaigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaigh duine acu isteach i scailp le cuain madra alla a mharú. Bhí an fear eile (Donnchadha) ag béal na scailpe. Chomh uain is a bhí sé ina n-éadan istigh tháinig an seanmhadra alla agus thug sí farra isteach i mbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsíonn sé i ngreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafraigh an fear istigh céard a dhorchaigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneáil, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta. Bun feáin — drioball? Cynffon — drioball (Breatnais). Ffon — maide, bata (Breatnais na haimsire seo); Mac Dabhach — an madra alla)
+
Tá mé deallraithe. Níl aon phointe ó tháinig oíche nach bhfuil drithlíní fuaicht ag dul thríom. Breá nach gcuireann sibh síos dabhach mhaith de thine?
TUILLEADH (1) ▼
Théis chomh fuar agus a bhí an lá, diabhal mé go raibh corrdhrithlín allais leis. Ach ní fhéadfadh an bhruithleach siúd gan allas a bheith leis dhá mbeadh sé ar bogadh i ndabhach uisce fuair