Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Dabhach
/dəu:x/
ainm-fhocal, fireann agus buineann (ach tugtar "í" air ag caint air)
tuiseal geineamhnach uathaidh: béal na daibhche; bárr-daibhche (/dəif′ə/ : /dəif′ī/). Ach bíonn béal an dabhaigh ann scaithtí freisin
uimhir iolraidh: dabhchannaí (/dəuxəɴī/); dabhannaí (/dəuw̆əɴī/)
1.
coire, tubán mór, bairille mór, soitheach ar bith a bheadh an-mhór. Tugtar go h-áirid ar an mbairille mór é a bhíos ag lucht dhéanta poitín. Is ann thíos a bhíos an "worm". Tá sé isan an-mhéid. Is iomdha áit a mbíodh dabhchannaí roimhe seo .i. bairillí móra agus fonsaí orra, ach níl mórán aca ag imeacht anois.
+
Cá bhfuair tú an dabhach? Ní ag brath air a dhul ag déanamh poitín a bheitheá?
Rug siad (na póilíos) ar dhabhach agus ar chupla pota suas annsin an lá cheana. Ach ní bhfuair siad aon-deoir de'n bhraon
TUILLEADH (6) ▼
Rug siad ar uirnis: dabhach agus cupla bairille a bhí báithte i gcolbh na locha, ach bhí na stiléaraí scuabtha
Ní mór fear láidir le dabhach a iompar. Ní bheadh aon-ghnatha ag M. Sh. G. faoi cheann aca, ná dheamhan gnatha
Cá'r fritheadh an dabhach de thubán seo, nó cé l'aghaidh a bhfuil sé?
Dabhach mór mar sin anois a bheadh feilteach l'aghaidh "spray"
Is áibhéil an dabhach de bhairille é
Tá dabhach scadán thoir tigh J. indiu. Is fadó an lá cheana nach raibh aon-driobaillín [...]
2.
teine a mbeadh déanamh áirid uirre: bun agus íochtar an-leathan aice agus gan aon-aoirde mhór ná aon-bhiorrú uirre. Teine mhór chruinn a bhíos innte. Tá caint ar dhamh-dhabhach (testudo?) is an tsean-litridheacht. (Fc. barr- barr-daibhche).

Dabhach in iontrálacha eile (3)

 
diaidh
Níl breathnú ar bith indiaidh na bhfataí agaibh agus gan a fhios agaibh nach leathta ins an bpota atá siad agus an dabhach teine atá fútha. Dubhairt mé lib a dtógáil cnag-bhruithte
 
"A Dhonchadha, A Dhonchadha céard a dhorchuigh an poll?" "Ma chliseann bun-feáin agus tóin Mhic Dabhach, beidh a fhios ag do cheann céard a dhorchuigh an poll" (Beirt fhear a bhí ann agus chuaidh duine aca isteach i scailp le cuain madaralla a mharbhú. Bhí an fear eile (Donchadha) ag béal na scailpe. Cho uain agus a bhí sé in a n-éadan istigh tháinic an sean-mhadar-alla agus thug sí farradh isteach imbéal na scailpe. Nuair a fuair an fear amuigh a leath istigh agus a leath amuigh, aimsigheann sé ingreim driobaill tóna í, agus choinnigh sé í. Sin é an uair a d'fhiafruigh an fear istigh céard a dhorchuigh an poll, agus d'fhreagair an fear amuigh é, dhá gcinneadh air féin a ghreim a choinneál, go raibh cnaipe an fhir istigh déanta (bun-feáin = drioball? Cynffon = drioball Breathnais. Ffon = maide, bata, Breathnais na h-aimsire seo; Mac Dabhach = an madaralla)
 
Tá mé deallruighthe. Níl aon-phuinte ó a tháinic oíche nach bhfuil drillíní fuaicht ag dul thríom. Breagh nach gcuireann sib síos dabhach mhaith de theine?