Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dádach
ainmfhocal, baineann
ginideach uatha: na dádaí
uimhir iolra: dádachaí
 seanbhradán; seanbhreac ar bith tar éis síolraithe dhó; spent-fish, kelts, baggits, shedders i mBéarla. 'Siad na baggits nó na shedders na dádaigh, ach tugtar ar na ceanna fireanna freisin é
a.
+
Níl ann ach dádach. Ní fiú a dhul dhá ithe. Bíonn siad sceite ar fad an tráth seo bhliain
Dar príosta, ní hin dádach. Tá an lábán ann fós. Ba mhór an feall a dhul ag fiachadh air, agus a dtiocfadh d'eochraí uaidh. Tá an-aois aige mar sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn aon mhaith le n-ithe le na seandádachaí sin, má bhíonn méid féin iontu. Bíonn siad rórighin. Bhí sé chomh maith dhuit a dhul in éadan leathar capaill leo
b.
bean a mbeadh deireadh a cuid clainne beirthe aici srl.
·
Nach beag an náire atá ar an seandádach sin a bhfuil clann iníon suas ina gcailíní óga aici, a bheith ag imeacht agus rachmall pósta uirthi aríst. Dheamhan maith ag caint
Más ag tnúthán le seandádach mar í sin atá sé, beidh sé as pósadh déarfainn. Ach diabhal mé go n-éireoidh suaróigín eicínt leis as a dheireadh ina dhiaidh sin fhéin
·
Ná bac lena choinneáil cuibhrithe. Ní choinneodh na Fiannta Éireann cuibhrithe é (asal). Tá seandádach ansin thíos ag mac J.: seanbheas nár tháinig aon eachmairt uirthi le deich mbliana, agus níl neart aige a feiceáil ina dhiaidh sin, nach ngabhfaidh sé ar chaitheamh an chlaí. Gheobhaidh sé cró. Sin é a cheansós é