—
sean-bhradán; sean-bhreac ar bith tar éis síolruighthe dhó; spent-fish, kelts, baggits, shedders i mBéarla. 'Siad na baggits nó na shedders na dádaigh, ach tugtar ar na ceanna fireanna freisin é
a.
+–
Níl ann ach dádach. Ní fiú a dhul dhá ithe. Bíonn siad sceithte ar fad an tráth seo 'bhliain.
Dar príosta ní shin dádach. Tá an lábán ann fós. Ba mhór an feall a dhul ag fiachadh air, agus a dtiocfadh d'eochraí uaidh. Tá an-aois aige mar sin féin
TUILLEADH (1) ▼
Ní bhíonn aon-mhaith len ithe le na sean-dádachaí sin, má bhíonn méid féin ionnta. Bíonn siad ro-roighin. Bhí sé cho maith dhuit a dhul in éadan leathar capaill leo
b.
bean a mbeadh deireadh a cuid cloinne beirthe aice agus rl.
·
Nach beag an náire atá ar an sean-dádach sin a bhfuil clann inghean suas in a gcailíní óga aice a bheith ag imeacht agus rachmall pósta uirre aríst. Dheamhan maith ag caint
Má's ag tnuthán le sean-dádach mar í sin atá sé, beidh sé as pósadh déarfainn. Ach diabhal mé go n-eireochaidh suaróigín eicínt leis as a dheireadh in a dheidh sin fhéin.
·
Ná bac len a choinneál cuibhrithe. Ní choinneochadh na Fianta Éireann cuibhrighthe é (asal). Tá sean-dádach annsin thíos ag mac J.: sean-bheos nachar tháinic aon-eachmuirt uirre le deich mbliana, agus níl neart aige a feiceál in a dheidh sin, nach ngabhfaidh sé ar chaitheamh an chlaidhe. Gheobhaidh sé cró. Sin é a cheansóchas é