Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dailleacht
/deʟ′əxd/
ainmfhocal as dall
1.
a bheith d'uireasa amhairc.
+
Ó tháinig an dailleacht air, ní sheasfadh an saol leis
Sin fear agus is gearr uaidh dailleacht déarfainn, théis chomh grinn agus a bhí sé tamall
TUILLEADH (2) ▼
Tabhair aire do do shúile. Ní hé an uair a thiocfas dailleacht ort atá agat a bheith dhá bhfuasaoid
Níl sé in ann tada a léamh anois le dailleacht. Sílim dheamhan spré ar bith aige
2.
a bheith dímheabhrach, aineolach nó ainbhiosach; a bheith cheal tuisceana.
·
Sháraigh an gasúr sin aige a bhfaca mé ariamh le dailleacht. Tá sé sé nó seacht de bhlianta anois ag dul chun scoile, agus níl sé in ann focal a léamh fós
Cár fhága tú an dailleacht! Ní fheicfidís sin poll i ndréimire. Duine ar bith a ghabhfas chun bladair leo, agus a bhréagfas suas iad, beidh siad aige ar sheol na braiche