Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
dall
/dāʟ/ Conamara; /daʟ/ Achréidh
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: daill /dəiʟ′/
1.
duine nach bhfuil amharc nó radharc na súl aige.
+
Is gearr go gcaitear madadh a fháil dom. Níl spré ar bith ag fanacht agam. Tá mé in mo dhall
Bhí a hinín ina dall — bhí dall d'inín aici
TUILLEADH (4) ▼
Dall é adeir siad
Tá an tír uileag faoi dhaill ó tháinig pinsean na ndall amach
Tá sé ag fáil pinsean na ndall, agus dheamhan a dhath ar a amharc ach an oiread liomsa
Nach thú an dall! Nach bhfeiceann tú ansin é os comhair do dhá shúl, nó céard atá ort?
+
"Is léir don dall a bhéal" — nuair a bhíos sé ag ithe, bíonn sé chomh maith le duine ar bith eile, arae tá a fhios aige an áit leis an mbeatha a chur
Cén sórt solas sin oraibh? Nach bhfuil a fhios agaibh nach bhfuil aon ola ann. Ithigí suas dhá uireasa. Is léir don dall a bhéal
TUILLEADH (3) ▼
Dheamhan call coinneal duit. Is maith dhúinn againn sa dorchadas féin é. Is léir don dall a bhéal adeir siad
Nach thú atá thart anois, go lastar lampa dhuit. Murach peataíocht ort ní theastódh solas ar bith uait leis an ngreim sin. Is léir don dall a bhéal
Cén call atá dóibh tada a thuiscint. An fhad is a gheobhas siad neart le n-ithe cén mhairg atá orthu? Is léir don dall a bhéal adeir siad — freagra ar fhear a bhí ag coiriúint ar an nGearmáin faoi rá is nach raibh cead cainte ná cead a gcos ag na daoine ann, agus go raibh gach uile fhios dhá cheilt orthu, ach an fios a d'fheil do Hitler, dar leis
·
"Bhéarfadh dall ar ghiorria" — bhéarfadh dhá bhfaigheadh sé bruite ar phláta é. Níl ann ach magadh focal
Bhéarfadh dall ar ghiorria … Bhéarfadh dhá bhfaigheadh sé ar an bpláta é
2.
cluasánach nó duine nach bhfuil meabhrach (fc. dall dúda, dallán, dallarán, dallach dubh, dalladh, dallamullóg srl.).
+
Níl ionamsa ach dall. Ní thuigim tada — dallarán; duine gan aon eolas
Má cheapann siad gur daill atá ar fad sa tír, tá siad ag dul amú
TUILLEADH (1) ▼
Dall ceart é muis. Níl sé in ann tada a thuiscint (is barainní dallarán a rá mar seo)

dall in iontrálacha eile (78)

+
daille
Cáid an daille air?
TUILLEADH (4) ▼
Is mór an ní an daille. Níl éalang ar bith in ann cinniúint uirthi
An bhfuil sí ag fáil pinsean na daille? — pinsean na ndall
Mura bhfuil daille ar a shúile, tá daille ar a intinn
Níl daille ar bith adeir siad, is measa ná daille na hintinne. Thiocfá ó chuile dhaille eile, ach níl aon teacht uaidh sin
+
dairt
Chuaigh siad ar chaitheamh dairteacha in am dinnéir thuas ar an sliabh an bhliain cheana. Chuir siad N. le cuthach. D'éirigh sé faoi dheireadh agus faoi dhó (dheoidh) agus lean sé iad. Ach dhalladar é le na dairteachaí. Níor tháinig táirm ar bith orthu go dtí sin. Bhí sé ag uallfairt le teann drochmhúineadh. Sin é an uair a tháinig clann Ph. agus Sh. anoir. M'anam nach raibh aon dairteachaí ann uaidh sin amach, ach na hailt. Dhonaigh T. Sh. mac Sh. Chuir sé síos ar a bhéal agus ar a fhiacla i mullach píce trí ladhar a bhí sáite sa mbinse é. B'éigean an dochtúr a thabhairt ann ar an toirt boise. Bhí sé ag cur fhola ina srúillí: i gcruthúnas dhuit, mar adeir an fear fadó, nuair is fhearr an súgradh gurb ea is fhearr ligean dó
TUILLEADH (1) ▼
Níl neart ag duine a dhul an bóthar acu, nach bhfuil cluiche acu amuigh roimhe lena dhalladh le dairteachaí agus le clocha. 'Siad na húdair iad. Is maith an tógáil atá sé a thabhairt orthu — gan smacht gan ceannús ceann
+
Tá dalladh airgid aige — go leor, neart; tá airgead go frasach aige
TUILLEADH (9) ▼
Tá dalladh beithíoch agus brá gill aige
Bheadh dalladh talúna aige dhá ligtí an méid sin de bhiseach air, ach ní mheasaim go ligfear
Tá dalladh codlaithe anois aige, muran leis codladh mhná Dhoire an Fhéich a dhéanamh. Gabh suas agus dúisigh é.
Má théann sé ag troid, deirimse leat go bhfaighidh sé dalladh dhi ansiúd
Rinne mé dalladh siúil ó mhaidin ag scaradh barr móna — an barr uachtair. Dar mo choinsias ní dhéanfaidh mé níos mó ar chaoi ar bith
Tabharfaidh mise dalladh bóthair duit a chailín (capall), ach a bhfaighe mé an carr nua
Tá dalladh déanta agatsa anois. Déanaidís féin an chuid eile
Tá dalladh foghlamtha agat anois. Nach raibh tú sa Sixth Book. Fan sa mbaile!
Bhí dalladh feicthe agam an uair sin, ach ní bheadh aon mhaith aige ann go 'speáineadh sé ar fad dom é
+
Tá tú ag cur dalladh púicín air — éadach an phúicín
TUILLEADH (6) ▼
Cuirfidh sí sin dalladh púicín ar na súile dhó — ciméar, ortha an dul amú
Ní raibh aon duine ar an bhfeadhain acu sin nár chuir dalladh púicín ar fhear eicínt. Fuair siad an scoth freisin. Bhí buannaíocht eicínt acu, agus níorbh í an bhreácha í
Cén sórt dalladh púicín atá ort? Nach bhfeiceann tú go bhfuil siad ag déanamh dóigh mhagaidh dhíot. Breá a dtaobhaíonn tú iad
Bhí dalladh púicín eicínt air nuair a cheannaigh sé an bhodóig sin. Níl aon fhear faoin mbogha bán a thabharfadh deich bpunt uirthi ach é féin
Muise chreidim gur dalladh púicín féin atá air, nó céard is léir dó fúithi le go bhfuil sé ag dul dhá pósadh? Más léir, tá faitíos orm nach léir d'aon duine eile é ar chaoi ar bith
Chuirfeá dalladh púicín ormsa anois, dá liginn duit, ach ní ligfidh. Faigh duine eicínt le dhul ag magadh faoi tharamsa
 
Tá sé ina dhallarán chríochnaithe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomaí duine nach bhfuil leath chomh dona leis atá dhá fháil ón gcéad lá
+
Tá sé ina dhall dúda le codladh — duine a bheadh ag titim ina chodladh críochnaithe agus a mbeadh ag cinnt air fanacht ina dhúiseacht; duine a bheadh ag bordáil chodlata dhá bhuíochas
TUILLEADH (13) ▼
Siar leat a chodladh as an mbealach agus ná bím ag breathnú ansin ort in do dhall dúda le codladh
Tá sé le dhá oíche anois ar neamhchodladh — oíche ag céilí agus oíche ag aonach — agus is beag an dochar dó a bheith ina dhall dúda le codladh féin
Ní bhímse in mo dhall dúda críochnaithe go dtí an oíche nach mbíonn tsiocair ar bith agam: b'fhéidir go gcodlóinn go headarshuth an mhaidin sin
Ní raibh luí ar bith aige leis an gcuartaíocht anocht. Nach bhfaca tú go raibh sé ina dhall dúda ag an gcodladh. Bhí sé in áit eicínt aréir muise, théis gur shéan sé é. Ach bí siúráilte go raibh
Chaitheadh muid a dhul amach leis an réalt ar maidin ag baint fhataí san am a raibh muid ar aimsir tigh Sh. Diabhal smid bhréige sa méid sin. Is minic a bhí muid amuigh agus nach (nár) léir dúinn an láí. Agus dhá mbeifeá ag déanamh airneán domhain an oíche roimhe, nó amuigh ag ceol, chaithfeá an mhaidin ag cuimilt sramaí de do shúile, arae bheifeá in do dhall dúda le codladh. D'imigh an saol sin — míle buíochas le Dia
An té atá ina dhall dúda le codladh, ní ag céilí atá aige a dhul — ní hea sin. 'Sé a áit é go deimhin!
Ara beannacht Dé dhuit — a dhul ag cuartaíocht an tráth seo d'oíche agus mé in mo dhall dúda le codladh. An bhfuil a fhios agat go raibh an oíche thar droim aréir nuair a chuaigh mise a chodladh … bó a bhfuil a haimsir caite agus shílfeá go raibh an-chosúlacht uirthi in am suipéir aréir. Bhí na grianáin sleaiceáilte aici, ach mar sin féin níor rug sí
Dá mbeifeá an fhad ar neamhchodladh agus atá mise, bheifeá féin in do dhall dúda freisin. Níl a fhios agam ó fhlaithis Dé céard atá orm. Chuaigh mé ag an dochtúr agus thug sé cupla buidéal dom, ach bhí mé chomh maith dhá bhfuireasa. Níor chaith mé an ceann deiridh a thug sé dhom chor ar bith. Sin é an chaoi a bhfuil mé. Buaileann codladh mé mar seo agus bím in mo dhall dúda leis, ach ar an dá luath is a dtéim ar an leaba, imíonn sé d'aon iarraidh … Bím ag titim in mo chodladh agus airím ualach eicínt i mbéal mo chléibh, agus mar a bheadh pléascadh eicínt in mo phíobán. Dúisím suas de gheit. Uaidh sin amach, tá mise réidh le codladh
Is aige atá a údar a bheith ina dhall dúda le codladh. Fear ar bith a bhíos ina shuí le giolcadh an éin chuile mhaidin. Ach murach gur muid féin a bhí ar cuairt ann aréir agus go raibh ómós aige duitse, bheadh sé imithe siar a chodladh i bhfad roimhe sin. Bíonn sé ina shrainn ag an hocht chuile oíche. Tá sé chomh folláin leis an ngiorria. Is cóir adúirt an fear fadó: Téirigh a chodladh leis an uan agus éirigh leis an éan; Coinnigh do cheann agus do chosa tirim; Seachain na mná agus an t-ól agus go deo ná déan an t-athchodladh
Má tá sé ina dhall dúda féin is beag an dochar dhó. Tionúr níor tháinig ar a shúil i gcaitheamh na hoíche aréir ach ag abhlóireacht agus ag diúgaireacht. D'éirigh mé faoi dhó ag téamh bainne dhó, ach sin é a raibh de mhaith dhom ann. Ní dhéanfadh sé aon suaimhneas ina dhiaidh sin
Bíonn sé ina dhall dúda chuile oíche ag an naoi a chlog. Ach cén t-iontas é. Maraíonn sé sin é féin le uafás oibre i gcaitheamh an lae. Is minic a thiteas sé ina chodladh amuigh sa ngarraí théis a dhinnéir, agus codlaíonn sé uair agus dhá uair go minic. Éiríonn sé ansin agus buaileann daol oibre é, agus shílfeá gurb é an Fathach Mór fadó é ag dul faoi mhuintir an rí . Ní fheicfeá tada ach púir chréafóige ag dul go haer
Má tá tú in do dhall dúda anocht níl an milleán ag sroicheachtáil do dhuine ar bith ach duit féin. Rinne tú clogán streille den oíche aréir ag imeacht ag fálróid síos ansin ar bhóithrí, nuair ba cheart duit trí eadarshuth a bheith codlaithe agat. Ach mo léan! Seo anois. Ith suas do bhéilí agus siar leat a chodladh, agus fainic a n-éireodh an cleas sin duit aríst
Ara choinnigh muintir an Ch. sin thiar ar neamhchodladh mé ar feadh na hoíche aréir lena gcuid glaomaireachta. Tá a shliocht orm: tá mé in mo dhall dúda inniu. Airíonn siad na daoine go dona. Bhí lá den tsaol muis, agus ba bheag an ghlaomaireacht a bheadh acu sna bólaí seo, ach airíonn siad a raibh ar fónamh ann imithe anois
 
dálta
Má tá dalladh feamainne duibhe agaibhse, ní hé a dhálta sin againne anseo é. Ní leasódh a bhfuil d'fheamainn dubh againn dhá phíosa fataí agus bíodh muid taobh léithe. Caitheann muid lucht a cheannacht chuile bhliain, ach ó fuair muid an churach, tá na mulláin agus na branraíochaí dhá fháil (baintear iad)
 
damba
Bhí S. Mh. N. ag rá liom go bhfaca sé damba ar abhainn i Meiriceá agus go mba hairde a bharr ná speiricín na J. i nGaillimh. An gcreidfeása an scéal sin. Ní chreidfinnse ar chaoi ar bith. Sílim gur do mo dhalladh le bréaga a bhí an ceann céanna. Chonaic sé rudaí i Meiriceá nach bhfaca duine ar bith, agus a liachtaí sin duine sa tír a shiúil chomh fada leis i Meiriceá
+
Is fadó fiannach an lá ó bhí na deachmaí sin ann. Ní hé an ministéara a chruinníodh chor ar bith iad, ach bhí proictéara aige a théadh thart. Chuala mé an tseanmhuintir ag rá go mbíodh conacra acu thíos i mB. an Ch. agus go bhfágaidís na hiomrachaí ansin gan baint go dtigeadh sé féin agus go mbaineadh sé iad. Gach deichiú hiomaire a d'fhágaidís aige. Déantaí an cleas céanna le na stucaí coirce: stuca as chaon deich stuca a fhágáil gan tarlú, nó go dtugadh an proictéara leis é. Ba in é dualgas an mhinistéara. Bhí na daoine in ainm is an teampall gallda a chothú freisin. Thigeadh na sagairt ansin, agus chaithfidís a ndualgas féin a fháil: coirce freisin. Sin é an uair a raibh an chreachadh ann. Chuile dhuine agus a bhuille féin ar an duine bocht. Ba doiligh dhó é a sheasamh eatarthu … Ní raibh cur in aghaidh dualgas an tsagairt chor ar bith, ach chloisinn na seandaoine ag rá go mbídís ag blaoch i dtóin an phroictéara nuair a thigeadh sé i gcoinne an deachma, nó dhá dhalladh le scrathachaí ó chúl an chlaí. Bheadh rud ar a shon agat dá mbeirtí ort. Chuirfí isteach thú (sa bpríosún). Ach ní raibh baol orthu siúd go raibh siad chomh hadhartha agus go mbéarfaí orthu. Measaim go mbíodh an ministéara féin ann scaití, mar chuala mé P. N. ag rá nuair a bhí siad ina bputaí, go gcuirtí suas leo a dhul isteach ar chúla an chlaí ag fuagairt i ndiaidh an mhinistéara: "a mhinistéirín cár fhága tú do bhean?" Deir siad gur sagart a d'iontaigh, a bhí sa ministéara a bhí anseo … (Cuntas faoi na deachmaí sa gceantar sin ó Sheán Ó Beáin, Páirc Gharbh, An Carn Mór, Baile Chláir)
TUILLEADH (1) ▼
Féadfaidh sibh an ghrifisc bheag sin soir i mB. L. a thabhairt don deachma. Ar ndóigh ní in ann ball a bhualadh atá siad sin. Tá muis. Bhuailfeadh imreoir maith a bheadh ar an bpáirc ar rugadh ariamh acu. Is feasach domsa go maith céard é a ngníomh sin. Nach mbínn ag traíáil a n-aithreachaí fadó, nuair a bhíodh muid dallta anseo thoir. Bhuailinn a raibh istigh ar thrí bhaile acu; agus mé ar mo chromada. Is minic a bhuail. Ach bheadh neart glaomaireachta acu nuair nach n-aireoidís aon fhear maith ann … Siúd é anois a ndéanfainnse leo — a dtabhairt don dul amú. Ní fhónfaidís do thada eile
 
dealg
Tá fhios ag dall gan súil go bhfuil an dealg láibe géar, ach ní hé chuile dhuine a thabharfadh suntas d'fhocal an amadáin. Ba cheart a thabhairt. Is minic adúirt amadán an fhírinne — an fhírinne shearbh. Bhí a fhios ag an rí féin fadó é nuair a ghlac sé comhairle an amadáin …
 
Dhá mbeadh fonn air déanamh mór liom, b'fhurasta dhó, ach d'aithneodh dall gan súil nach bhfuil. Bíodh aige. Beatha do dhuine a thoil. Ní dhearna mise tada air. Má ghéill sé do bhréaga níl neart agamsa air
 
Ní fheicfeá tada ar an mbóthar feadh t'amhairc ach deannach. Bhí sé ag éirí ina cheathannaí nuair a thiocfadh mótar ar bith. Dhallfadh sé thú agus mhillfeadh sé do chuid éadaigh. Na bóithrí sin a gcónaíonn an t-uisce orthu agus a bhíos faoi dhraoib ar feadh an gheimhridh, bíonn siad faoi dheannach mar sin i gcaitheamh an tsamhraidh. Níl na bóithrí steamrolláilte mar sin chor ar bith mura mbeidh bualadh mór orthu go díreach
 
deara
Cheal nár thug tú aon bhlas faoi deara aréir? An bhfaca tú í ag síneadh an leabhair chuige? Scríobh sí rud eicínt ar phísín de pháipéar roimhe sin, agus bhí an páipéirín sin sa leabhar. Chuirfinn a bhfuil istigh is amuigh agam gob (gurb) éard a bhí ar an bpáipéirín sin rá leis castáil léithe anocht in áit eicínt. Ní raibh aon deis eile aici é a rá leis os coinne na máthar. Is dall an mhaise dhuit é murar thug tú an méid sin faoi deara. Is maith a bhraith C. é. Nach bhfaca tú an fad a bhí sé a bhaint as a mhuineál ag iarraidh amharc a fháil isteach ar an leabhar
 
dearg 1
Bailíodh leis anois! Fuair sé dearg é (daite). Ach a bhfaighe sé amach gur dalladh é le bréaga, ní thaobhóidh sé muid níos mó, agus dheamhan an fearr linn beirthe é
 
'Sé a bhíodh ag na daoine ar fad fadó, an deargán sin. Nuair a bhí mise ag éirí thuas, níl lá ar bith nach mbíodh sé againn — scaití den bhliain. Ach héiríodh as uileag. Ní móide gur donaide na daoine sin ach oiread. Pébrí cén moladh a chloiseas tusa ag daoine ar an saol fadó, ní raibh aon ghair aige ar an saol atá ann anois. Tá na daoine ag fáil dalladh le n-ithe ar chaoi ar bith anois, ní hé sin don tsaol fadó é. Is cam a bhreathnódh fear oibre anois ort dhá dtairgtheá deargán dó le haghaidh a dhinnéir. Fadó féin ar ndóigh, bhí rud acu thairis
 
deil 2
Duine an-deaslámhach é le clár a dheil nó rud mar sin a dhéanamh ach é a bheith ar a mhian ceart agus dalladh tobac a bheith aige. Ach má bhíonn uireasa an tobac air, fan uaidh. Is fear le dúchas an uair sin é
+
Níl tada le fáil ar na saoltaí deireanacha seo ach dalladh báistí. Maidir le tada eile, níl sé ann
TUILLEADH (1) ▼
Tá sé ag goid an bhealaigh leis. Sin é an méid. Tá sé deireanach. D'aithneodh dall gan súil é
 
deo
Go deo nó go bhfana sé sin as an teach sin, ní bheidh lá foráis air. Tá dalladh púicín dhá chur air as éadan ansin
 
Coinníonn an dream atá i Meiriceá corrdheoladh léithe ach má choinníonn féin, tá sí ag fáil fuílleach le déanamh ón saol. M'anam daoine a bhfuil talamh agus deis féin acu anois gur sách rite a théas sé leo, ní áirím ise nach bhfuil ní dhár dhealbh an ghrian aici ach an trifle beag sin a fhaigheas na daill
+
diaidh
D'imigh gasúr de thamhnóig shléibhe thuas ansin an bhliain cheana. Dheamhan a fhios agam nach as L. é. Ceann eicínt de na tamhnachaí iargúlta sin ar chaoi ar bith. Ní raibh sé ach haon déag nó dó dhéag de bhlianta. Tháinig sé abhaile deich mbliana ina dhiaidh sin, agus níor aithin duine ar bith é, nó gur lig sé a aithne leo. Shíl siad gur báite nó marbh a bhí sé le na cianta roimhe sin. Bhí dalladh airgid aige
TUILLEADH (1) ▼
Chuir mé aoileach agus leasú siopa agus feamainn dubh orthu: dalladh dhaob (dhíobh). Bhí sé seanleasaithe agam freisin. Ina dhiaidh sin agus uileag, ní raibh aon fhata air. Cén chiall sin? Níl a fhios agam ó Dhia anuas. Gan an bhliain a theacht cóiriúil nó caoi eicínt
 
An bhfeiceann tú T. Níor thug sé pionta pórtair ná gloine fuisce do Dhia shúlach ariamh. Dhá gcastaí leat é i ngaireacht ar bith do theach ósta, d'iontódh sé a chúl leat nó bhreathnódh sé i dtaobh eicínt eile. Dar mo choinsias, is minic a chonaic mé dhá dhéanamh é. Ach ní raibh aon fhear sna seacht bpobail is mó a ghníodh bruithshléacht ná é nuair a bhíodh bainis ná rud ar bith aige féin. Phós sé ceathar iníon in imeacht ceathar nó cúig de bhlianta, agus rinne sé an flaisc céanna leis an mbainis deiridh a rinne sé leis an gcéad bhainis. Ní raibh aon fhear sa teach nach raibh dallta ar meisce
 
Duine dall dímheabhrach é más fearr mac T. Mh. ná é, agus dhá bhliain aigesean ar mhac T. Mh. agus é síoraí ag dul chuig an scoil
 
M'anam muise gur furasta dhomsa ar leathuinsín gágach tae sa tseachtain chuile fhéith in mo chorp a chur faoi dhíocas ag obair. Ní hea, ach is mé is fearr ar bith agus a bheith in ann aon bhuille a dhéanamh ar an mbod siar eile sin (coffee). Ní mó ná dhá bhfaighinn dalladh feola agus dalladh pórtair go mbeinn in ann foghail eicínt a dhéanamh. Maidir le go bhfuil cothú fear oibre sa mbeatha atá ag imeacht anois — níl muise. Is ait atá na daoine ag cruthachtáil go bhféadann siad breith ar láí ar bith léithe
 
díol 1
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, ach ní hé féin is measa ina dhiaidh sin. Caitheann sé a mbíonn aige ar shúdairí. Iad sin ag maíochtáil leis mo léan, agus ag gabháil abhaile dallta chuile oíche. Is iomaí duine, arsa tusa, a bheadh ar meisce mura mbeadh aon díol air
 
díol 2
Is díol déirce baintreachaí agus dílleachtaí, ach ní feasach dom gur ceart a dhul ag caitheamh airgid ag daill agus gan aon cheo daille orthu ach an oiread liomsa nach bhfuil a dhath ariamh ar m'amharc míle buíochas le Dia. Tá sé anseo thoir agus é in ainm is gan spré a bheith aige agus séard a bhí sé a dhéanamh romham an oíche cheana, ag cur snátha agus snáthaid: snáthaid bheag nár léir dom an cró inti, mura bhfaighinn ó ló í …
 
Ní fhaca tú aon áit ariamh ba díonmhaire ná a bhí aige, istigh i scailp agus í buailte taobh istigh agus dalladh raithní agus féir faoi is thairis. Diabhal clóic ar bith a bhí ar fhear na tíre sin san am sin. Bhí neart scailpreacha agus uaineanna aige le dhul ar a chaomhúint féin iontu. Ní raibh go dona ann ach an dream thart thíos nach raibh áit ar bith acu. Dhá dteagadh an ruaigeadh aríst, ní mheasaim go mbeadh sé chomh héasca ag na daoine a gceann a thabhairt leo agus a bhí sé aimsir na dTans
 
D'aithneodh dall gan súil gur ag díriú air a bhí sé. Dá seasadh an fear eile talamh, bheadh rírá ann. Dheamhan a fhios agamsa nach ndéanfadh sé puca dhó (dhe) dhá mhéid de chliobaire é
 
Lá ar bith a ngabhfaidh tú síos ar dhíthrá ansin thíos, gheobhaidh tú dalladh acu sna locháin in íochtar cladaigh. Chonaic mé an draoi acu an lá cheana thíos ann
 
Ná bac thusa lena boic mhóra sin. Níl rud ar bith nach bhfuil dlifear acu sin. Ní comórtas ar bith do dhaoine dona iad. Buailfidh piar acu sin isteach chun dinnéir leis an mbreitheamh. Ólfaidh siad dalladh fuisce. Meánn tusa an dtiocfaidh an breitheamh ina aghaidh sin sa gcúirt lá arna mhárach. 'Sé nach dtiocfaidh, agus ná creid thusa ó aon duine go dtiocfaidh. Aithníonn siad sin a nduine féin a mhic ó mo chroí thú. Is orthu nach bhfuil an mhoill
 
docht 1
Beidh docht uisce agat sa bportach sin, nó go mbaine tú an stanna amach uait. Is bocht sa diabhal nach mbeadh. Nach furasta a aithinte do dhall gan súil é
 
Is beag den doicheall sin a bheadh romhainn aici sin dhá mbeadh dalladh airgid againn agus muid a bheith in ann a híoc ar an tairne. Cuirfidh mise geall leatsa gurb í a bheas meangach leis an té nach dtéann chuici ach go hannamh. Beidh mo léan, mar bíonn sí ag tnúthán lena mealladh ó na siopaí eile chuici féin
 
dóigh 1
Is maith an dóigh í sin. Dallta ar meisce chuile oíche, agus ag gabháil fhoinn ag teacht abhaile. Dhá mba mise a máthair, d'fhágfainn amuigh ar an tsráid í, agus cead aici lóistín a fháil san áit a bhfaigheann sí an t-ól. Ach chreidim nach bhfuil mórán le reic ag an máthair féin
 
Beidh dalladh feola ann Dé Domhnaigh seo chugainn: Domhnach na Mart
 
domlas
'Sé an fáth domsa gan aon deoir a ól: bhí mé Domhnach anseo, tá naoi nó deich de bhlianta ó shin, agus casadh ag stillhouse ar an Mh. M. mé. Bhí an iarraidh críochnaithe go díreach acu: muintir Mh. Á. D'ól mé an oiread dhó agus gur chuir mé chun domlais mé féin leis shular fhága mé an stillhouse. Anoir tigh Mh. Á. linn ansin, agus d'fhan mé ann an lá sin agus an lá ina dhiaidh, agus mé tite dallta i gcaitheamh an achair. Ní raibh mé agam féin ceart go ceann míosa. Dúirt mé liom fhéin, hé brí céard a dhéanfadh Dia liom, nach mblaisfinn d'aon deoir phoitín aríst go brách
 
dorcha
Dar príosta tá sibh ina muintir Dhorchaigh. Shílfeá nach mbeadh leithscéal ar bith agaibh anois. Tá dalladh ola le fáil
 
Dhá dtiteadh an drandal aisti anois d'uireasa duilisc thuas ansiúd, dheamhan blas duilisc a gheobhas sí uainne. Má tá sí dúlaí ag duileasc, teagadh sí anuas agus baineadh sí é. Tá dalladh dhó (dhe) thíos ansin thíos. Is beag a bheadh ar a (ár) n-aire go deimhin, a dhul ag baint duilisc dhá drandal sise. A dhul ag fágáilt a (ár) gcuid móna ansin gan tógáil le dhul ag baint duilisc do mhagarlach anuas ó shléibhte
 
draoib
Bhí sé chomh dallta agus nach raibh a fhios aige céard a bhí sé a dhéanamh: fear ar bith a chaith é féin siar, agus a thosaigh dhá únfairt féin i ndraoib na sráide. D'áitigh mé féin dhá chiceáil lena chur ina shuí ach ní raibh aon mhaith ann
 
Ó téirigh ar an ngeadán is trioma den dúiche. Tá tú in do dhall dúda le codladh
 
Gabhfaidh luach an bhéilí anois air nó is cinniúint orainne é. Is beag a aireos sé é. Tá dalladh airgid aige
+
Is deas a shíl sí anois a dhul fúmsa, ach bhí a shliocht uirthi. Dhall mise í. Tá cruit bhréaga ag imeacht anois aici
TUILLEADH (2) ▼
Má théann tú faoi lorry a cheannacht liomsa, déanfaidh muid dalladh airgid air ag tarraingt mhóna
Meas tú dhá dtéadh an bheirt againn faoi mheaisín buailte nach ndéanfadh muid dalladh airgid ag buailteoireacht sna bólaí seo nuair nach bhfuil aon cheann eile ann