dallarán
—ainmfhocal, fireann
—ginideach uatha agus uimhir iolra: dallaráin.
—fuaim: dalluráin, a tosaigh mar ea i bhfead.
—is beag atá ciall a 1 anois faoi Chois Fharraige ná faoi Chonamara. Ciall a 2 atá ann
1.
duine caoch nó leathchaoch (Gnó Bheag agus Gnó Mhór).
+–
Tá sé ina dhallarán chríochnaithe. Is fadó an lá a bhí aige a bheith ag fáil pinsean na daille. Is iomaí duine nach bhfuil leath chomh dona leis atá dhá fháil ón gcéad lá
Tá an duine bocht ina dhallarán. Ní léir dhó an bhánshoilse — tada leis
TUILLEADH (5) ▼
Bím in mo dhallarán d'uireasa mo chuid spéacláirí. An gcreidfeá mé nach léir dhom litir ar an bpáipéar sin anois
Is mór a chaill mé an t-amharc le gairid. Is gearr go mbeidh mé in mo dhallarán. Táim cheana. Agus bliain go ham seo d'fheicfinn an cró i snáthaid bheag le snáth a chur inti. Féacha sin anois
Níor fhan spré ar bith in mo shúilese ó thosaigh siad ag déanamh uisce. Dheamhan spré muise. Tá mé in mo dhallarán
Dhá dtugtá saibhreas Sheoirse dhom, ní dhéanfainn mo bhealach anois ón mbóthar go dtí an teach, mura mbeinn ag sméarthacht le claí. Níl cailleadh ar bith sa ló orm, ach is dallarán mé de shiúl oíche
Cén chall faitís atá dhuit. Ní fheicfeadh an dallarán siúd thú, dhá mbeadh do shrón ina bhéal. Dheamhan feiceáil muis
2.
cluasánach, bobarún, duine dall ag tógáil ruda; duine gan mheabhair gan éirim; dunce, blockhead.
+–
Ní fhaca mé aon dallarán ariamh ba mhó ná é ag dul chuig an scoil. Sháraíodh sé an máistir ceart. 'An bhfeiceann tú an ghruaig sin,' adeireadh sé. 'Ní raibh oiread agus ribe liath inti nó gur casadh thusa in mo líon'
Maraíodh é le ar buaileadh air ag an scoil, ach b'aon mhaith amháin é ina dhiaidh sin. Dallarán gan mheabhair gan éirim a bhí ann. Níorbh fhéidir focal a chur isteach ina chloigeann
TUILLEADH (4) ▼
Is diachta dhóibh sin a bheith go maith agus na dallaráin de dheartháracha a bhí acu. Tá mé ag ceapadh nár thriomaigh a súile ón lá ar sheas siad ag an scoil go dtí an lá ar fhága siad aríst í, ach ag geonaíl chaoineacháin ar an bhfad sin. Ní raibh aon pheaca faoin domhan ach a mbualadh chor ar bith, arae ní raibh aon neart acu air: ní raibh sé de mheabhair iontu tada a thógáil
Nach é an dallarán ceart é má tá chuile dhailtíneach in ann imeartas mar sin air. Dheamhan splanc chéille a thiocfas go deo dhó. Tá sé réidh léithe
Is dallarán ceart é muis má chinn air an cheist sin a fhuascailt. Nach bhfuasclóinn fhéin í sin, más mé is measa ar bith. Éiríodh sé as a chuid scoile anois — éiríodh sin
Ní bheadh lá maitheasa dhuit ag caint faoi rudaí mar sin le muintir na tíre seo. Dallaráin chearta iad. Éistfidh siad leat, beidh siad dhá ligean isteach i gcluais, agus amach sa gcluais eile. Sin é an chaoi a bhfuil siad
dallarán in iontrálacha eile (2)
→
dallán
"Bhí dallarán an mhadadh alla ina bhéal agus é dhá dhiúl" (as seanscéal — ó Sheán Ó Beáin — Páirc Gharbh, Baile Chláir)
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í