Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
daorbhasctha
aidiacht
tabhair faoi deara go mbíonn sé diúltach go hiondúil
basctha go leor; sách basctha; go dona; gan a bheith ach réasúnta; a bheith sách buailte; gan tada le cois a bheith ag an rud; gan mórán gaisce a bheith ar an rud; gan mórán a bheith le reic ag an rud.
+
Dheamhan a bhfuil daorbhasctha chor ar bith den rud — tá an rud maith go leor; dheamhan a bhfuil caill ar bith ar an rud
Deir siad nach bhfuil daorbhasctha de Mh. chor ar bith inniu. Is iontas sin. An té a d'fheicfeadh tráthnóna inné é, déarfadh sé nach sáródh sé an oíche, dá mbeadh Éire taobh leis. Ach ar ndóigh is gaire cabhair Dé ná an doras
TUILLEADH (3) ▼
Dar príosta níl daorbhasctha dhó ag gabháil fhoinn. Dhá mbeadh sé súgach agus an t-amhrán a theacht leis, tá an-ghuth aige. Bhíodh na Gaeilgeoirí sin ag iarraidh air a dhul go Baile Átha Cliath le amhrán a rá ag an Oireachtas. Ach mo léan géar muis, fuair siad amach an ceann a thiocfadh go Baile Átha Cliath. Ní mó ná dá mbeadh an tOireachtas ag tigh Bh., agus luach cupla pionta a bheith ag C., go mbogfadh sé aniar. Ní mó ná sin anois é
Tá muis, agus daorbhasctha go leor. Breathnaigh tusa ar an bpraghas a bhí ar bheithígh le linn an chogaidh cheana. Dar ndóigh ní bheifeá in do sheasamh ar chlár an aonaigh nuair a bheidís fuadaithe uait agus do leathcheád punt istigh i gcúl do ghlaice. Deirimse leatsa go bhfuil saothrú ar do leathchéad ar na haontaí atá anois ann. Bhí siad a thrí oiread an cogadh cheana. Agus deir tusa ina dhiaidh sin nach bhfuil daorbhasctha dóibh. Mo chreach mhaidne do cheann
'Tá P. thar cionn,' adeir sí. 'Tá M. go maith, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha de N.' Más fíor di féin é, níl call coláiste ar bith dóibh. Mhúinfidís a bhfuil sna coláistí cheana
+
Deir siad nach bhfuil an pataire beag sin ag T. Sh. daorbhasctha chor ar bith ag an scoil. Tá a bhfuil ina chlass buailte amach aige. Dheamhan a fhios agam cé uaidh a dtug sé é muis, arae leithide an athar de dhallarán níor sheas istigh ariamh i scoil. Agamsa atá a fhios sin. Bhíodh an bheirt againn le hais a chéile, agus nuair nach ag gárthaíl a bhíodh sé, bhíodh sé ag diúgaireacht. Sílim nach (nár) thriomaigh a shúile ón lá a ndeachaigh sé isteach sa scoil go dtí an lá ar fhága sé í
Ní raibh sé daorbhasctha as tús a óige. Minic go maith a d'fheicfeá ag imeacht ar a bhogmheisce é agus glaomaireacht an tsaoil mhóir aige. Ach ó buaileadh an tsuaróigín siúd air, lig sé faoi agus rinne sé fear críonna. Cé a d'fheicfeadh anois ag teacht súgach d'aonach ná de mhargadh é. Siúd í an cailín aige!
TUILLEADH (3) ▼
Ainneoin a bhfuil de chlamhsán ag na daoine, ní saol daorbhasctha é an saol seo. Tá cearc an áil (fear na clainne) ag fáil an oiread seo leathchorónacha; tá giolla na leisce ag fáil trifle (beagán); tá an carracháinín de ghasúr a fheiceas tú ag imeacht agus a bheaig (bag) aige faoina ascaill ag saothrú a chion féin (dhá phunt na Gaeilge); agus ansin ar ndóigh, tá pensions thar a chéile ann. Má mharaíonn tú sionnach ar an saol seo, gheobhaidh tú cineál eicínt pinsean, agus dar príosta, is fhearr an oidhe ort é ná ar chuid mhaith atá dhá fháil, mar hé brí céard a dhéanfas tada, bhí sionnaigh a chur in aer ar chaoi ar bith. Mo lachín imithe ó inné … ní saol daorbhasctha é chor ar bith
Níl T. daorbhasctha chor ar bith murach go mbuaileann an oiread fonn cainte é scaití agus nach gcuimhníonn sé a dhul ag a ghnaithe chor ar bith. Dheamhan mórán gaisce ar an mac eile. Bheadh sé mí i ngarraí agus ní fheicfeá creachlaois ar bith i ndiaidh a láimhe. Bhí sé ag gortghlanadh ansin thuas anuraidh agus níl a fhios ag Dia ná duine ar chríochnaigh sé an garraí ariamh nó ar ghlan sé thar dhá iomaire thiar le bóthar. Glanadh nó ná glanadh, níorbh fhearrde an gort é ar aon chor. Loic a raibh ann
Más leatsa fear a fháil nach bhfuil daorbhasctha ina churachóir, gabh siar ansin thiar i S. agus faigh T. Th. Sin é an curachóir agat. Chonaic mé ag seasamh amuigh ar an meath mhóir ar fhaoitíní é, lá a raibh scoilb dhá gcur i dtithe istigh anseo: lá a raibh sé ag séideadh aniar aduaidh. Tabhair lá deannachtach air. Níor chorraigh sé go tráthnóna. Dheamhan an trólar a dhéanfadh na farraigí a bhí ann a bharraíocht — dheamhan é muis

daorbhasctha in iontrálacha eile (10)

 
Bainfidh siad an dara hairt as an Jap bocht anois más cúrsaí mar sin é. Ach diabhal a bhfuil daorbhasctha den Jap fhéin déarfainn. Fágfaidh sé cuid mhaith acu ag croitheadh na gcrúb shula chuirfeas siad i dteannta é
 
deil 2
Nach é atá in ann a deil. "'B'éigean dom foireann nua a fháil do na scorachaí. Bhí siad ag stróiceadh, agus shílfeá nach daorbhasctha a bhí siad mar a bhí siad.' 'Tá sé chomh maith dhuit anois froc nua a fháil domsa ó tá do láimh ann,' adeir Peadar." A Mhuire agus a Chríosta, nach é atá in ann an aithris a dhéanamh uirthi! An chaint chéanna agus na goití ceannann céanna, chomh maith agus dhá mba í fhéin a bheadh ann idir chlár is chuinneoig
 
Shílfeá go mbíonn deimheas air ag iarraidh chuile mhíle rud a thógáil, agus diabhal mórán prae lena chuid Gaeilge ina dhiaidh sin. Ní bheadh sé daorbhasctha murach an chanúint dhalba atá air. Ní thuigimse chaon deichiú focal uaidh scaití
 
Bhí an lao suas le uair idir chnámha agus é ag cinnt orm fhéin a thabhairt liom. D'fhan mar sin go ceann dhá lá, agus shílfeá nach raibh daorbhasctha di chor ar bith. Ach bhuail donacht ansin í, agus chaith sí mí mhór fhada idir luí agus éirí. Diabhal mé gur shíl mé féin go srianfadh sí as, ach cailleadh í faoi dheireadh agus faoi dhó
 
dia 2
Dhá mbeadh an Chéadaoin tharam, ní bheadh daorbhasctha dhíom
 
Bhí an tubaiste orthu sin nuair a bhí an power acu. Na máistrí (tiarnaí) a bhí orainne, dheamhan a raibh daorbhasctha dhóibh. Ní dhéanfaidís aon dícheannadh ná aon chréatúlacht ar a gcuid tionóntaí mar a ghnídís-sean. Diabhal mé na tiarnaí seo thoir go mb'fhurasta a theacht uathu
 
Ní raibh mé buíoch ná diomdhach den aonach. Feictear dhom go mba cheart dom cuid mhaith eile a fháil agus an dá rampaire muice a bhí agam, ach ar an gcaoi ar díoladh muca eile, ní raibh daorbhasctha chor ar bith dhom
 
dubh 3
An bhfuil aon rath ort ag dúchan (ag cur fhataí). B'fhearr dhuit cupla lá a thabhairt dom le garraí Ú. Mh. Tá an craiceann siúd in ann thú a chur ar do mhiotal. Ní ag tabhairt guth oibre ort atá mé chor ar bith, ach go bhfeicfidh mé cén gníomh atá ionat le talamh, nó an bhfuil tú chomh maith agus atá do cháil. Chuala mé ag muintir na M. nach raibh cinneadh leat ag dúchan, agus dheamhan a bhfuil daorbhasctha dhaom (dhíom) féin
 
dúil
Tá dúil ag teacht agam sa gcoffee anois bíodh a fhios agat. An chéad uair ar ól mé é, shíl mé go dtiocfadh tonn taoscach orm, ach anois feictear dhom nach bhfuil daorbhasctha chor ar bith dhe. Ólaim dhá cheann de ló scaití é
 
duine
Dhá mbeadh chuile shórt ag na daoine go dtí cathaoireachaí boga, dheamhan a mbeadh daorbhasctha chor ar bith do na daoine (muide, an teach seo)