Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
diomdhach
aidiacht as diomdha
fuaim: diomúch
1.
 aiféalach, brónach, domheanmnach.
+
Is maith diomdhach a bhí sé ar maidin inniu, nuair a fuair sé a phócaí folamh théis na hoíche agus a cheann dhá scoilteadh le tinneas óil
Is fhearr dhó é fhéin a shásamh anois ná a bheith diomdhach ar ball, nuair nach mbeidh aon ghair aige a dhul ar a thóin sa margadh. Ní hionann pósadh agus rud ar bith
TUILLEADH (1) ▼
Thabharfá diomdhach orm! Is agam a bhí a údar: chúig phunta dhéag a eiteachtáil agus a caitheamh uaim aríst deich fichead faoi
2.
 míbhuíoch, díbhuíoch, buaidheartha, leamh de, bréan de, caillteach le.
+
Má tá Dia buíoch do chuid do na daoine, is deacair dhó gan a bheith diomdhach de thuilleadh. Go dtuga Dia ciall duit a dhuine sin! Níl peaca ar bith i Sasana — peaca ar bith — ach nach bhféadfaidh Éireannach bastard a thabhairt ar Churchill. Dheamhan thiomanta peaca ann anois ach an méid sin
Bhí an mháthair ar chuma ar bith sách diomdhach de mhuintir Sh. Dh. Níor thaobhaigh sí iad ó cailleadh an iníon. Dúirt sí gur fhága siad ansin í, gan fios a chur ar an dochtúr go raibh sí ag saothrú báis
TUILLEADH (5) ▼
'Sé a bhí diomdhach dhíom nár thaobhaigh mé é an t-am a raibh sé buailte síos. Shílfeá nár cheart dó guth ar bith a bheith aige ormsa agus chomh fada amach uaidh agus a d'fhan daoine a bhí i bhfad ní ba ghaire dhó ná mise
Tá chuile dhuine diomdhach den aimsir seo. Ní chloisim aon duine dhá moladh cé is moite de Sh. Ó. Th., ach ar ndóigh, 'sí an bháisteach a bhuac sin
'Sé atá diomdhach di nár iarr sí ar an mbainis é, ach go deimhin fhéin, is beag a bheadh le déanamh aici a dhul ag tarraingt seanscramaire mar siúd isteach ina teach dhá mhilleadh
Is minic ariamh a bhí duine diomdhach den iasacht. Dlí na hiasachta, adeir siad, an tiarach a bhriseadh
Is mór atá ag éirí diomdhach de na sagairt chéanna de bharr na mbealaí atá leo féin: ite ag iarraidh airgid, agus gan gair ag duine a bhéal a oscal nach mbeidh siad ag tromachan air
+
"Ní bhíonn an chéad duine buíoch ná diomdhach" — b'fhéidir go mbeadh sé i bhfad níos fhearr ná cuid eile, agus i bhfad níos measa ná cuid díobh freisin (seanfhocal)
Ba mhó a fuair sé ná mise, ach ní raibh sé sásta ina dhiaidh sin. Bhí sé ag stróiceadh ag rá go bhfuair M. B. a dhá oiread leis. Ar ndóigh ní raibh an chéad duine ariamh buíoch ná diomdhach. Sin é an chaoi a mbíonn sé
TUILLEADH (6) ▼
Orainne a tháinig sé ag roinnt i dtosach. Thug sé dhá mhuigín an duine dhúinn. Nuair a shroich sé siar chomh fada leis an mbruscán a bhí san iothlainn, ní raibh aon chosúlacht ar mhórán eile a theacht, agus bhí sé ar phointí an trí an uair sin. Thaosc sé amach an pórtar acu sin. Ach bhí an bóithrín aníos dubh le daoine ag leathuair théis an trí agus ag an ceathair, agus gan faice le fáil acu, mar rinne sé plaicín ghabhair dó (de) san iothlainn. Maidir linne, ní bhfuair muid ach an dá mhuigín. Ní raibh muid buíoch ná diomdhach: sin é an chaoi lena rá. Ní bhíonn an chéad fhear buíoch ná diomdhach arsa tusa (ól dhá roinnt ag sochraide)
Eisean an chéad fhear ariamh a d'iarr í, agus fuair sé í (bean). Ní bhíonn an chéad fhear buíoch ná diomdhach
Ní raibh mé buíoch ná diomdhach den aonach. Feictear dhom go mba cheart dom cuid mhaith eile a fháil agus an dá rampaire muice a bhí agam, ach ar an gcaoi ar díoladh muca eile, ní raibh daorbhasctha chor ar bith dhom
Sin é an cineál duine é. Dá mbronntá Éire air, ní bheadh a fhios agat an mbeadh sé buíoch ná diomdhach
'Sé an sórt caoi a bhfuil an pósadh seo, níl siad féin buíoch ná diomdhach dó. Tá áit thar cionn ann, murach an aois atá ag an bhfear
An obair a bhí agamsa i Sasana, ní raibh mé buíoch ná diomdhach di. Bhí togha na páí agam, ach bhí na huaireantaí dubhfhada — naoi n-uaire déag, agus fiche uair sa ló scaití. Bheifeá tugtha aici sa rith fada

Féach freisin

diomdhach in iontrálacha eile (7)

 
daba
Ar an dá luath is ar thosaigh an tsiúite, dheamhan easna dhíom nach sciobann an daba den phláta agus haway liom. Déarfainn go mba diomdhach an bheirt a bhí iontu nuair ab éigean dóibh a mbéilí a ithe tur tar
+
Deir siad nach mbíonn an chéad fhear buíoch ná diomdhach, agus deir siad freisin nach bhfuil a fhios cé is fhearr a thús ná a dheireadh
TUILLEADH (1) ▼
M'anam nach bhfuil a fhios agam fhéin cé a bheas buíoch nó diomdhach as a dheireadh, agus dheamhan an miste liom
 
deoir
B'fhurasta a aithinte air go raibh sé diomdhach dhuit nach bhfuair sé cead a choise. Bhí an deoir faoina shúil
 
Shílfeá nach raibh roinnt punann ná dornán idir é féin agus J. ariamh le go mbeidís chomh saighdte sin agá n-a chéile. Ach is duine é J. sin a mbaineann gnaithe chuile dhuine dhó. Tá an iomarca aisiléireachta aige ar fad. Tá a chomharsanaí féin sách diomdhach dó ar aon chor
 
driull
Ná lig don driull ar an dreall titim ort chomh luath seo agus a ghairdeacht agus ó phós tú. Beidh sé sách luath agat a bheith diomdhach nuair a bheas tú pósta chomh fada liomsa
 
téigh
Chuaigh na trí galúin riar maith ar lucht na bainse. Níor riar siad chuile dhuine, ach dheamhan ceo ar bith nár riar. Bhí againn teacht leo, agus an té a bheadh diomdhach, a chead sin a bheith aige